-
Céard is Plean Forbartha ann?
Treoirphlean é an Plean Forbartha do phleanáil agus d’fhorbairt Chathair na Gaillimhe ar feadh tréimhse sé bliana. Mar shampla, leagtar amach ann na háiteanna a bhfuil bóithre, soláthar uisce agus séarachas le soláthar agus criosaítear talamh chun críche áirithe (tithíocht, siopadóireacht, scoileanna, tionscal, tráchtáil, etc.).
Beidh tionchar aige sin ar an gcineál foirgneamh is féidir a thógáil agus ar an úsáid talún a cheadófar.Bíonn tionchar aige ar go leor gnéithe den ghnáthshaol geilleagrach agus sóisialta – an áit a gcónaíonn daoine, na seirbhísí a bhíonn ar fáil agus na háiteanna inar féidir forbairtí a chruthaíonn deiseanna post a lonnú.
Tá cuspóirí i bPlean Forbartha na Cathrach dóibh seo a leanas:
- Ceantair a chriosú chun críocha cónaithe, tráchtála, tionscail, talmhaíochta, etc.;
- Fóntais reatha a chaomhnú, a fheabhsú agus a shíneadh;
- An comhshaol a chaomhnú agus a chosaint, lena n-áirítear ceantair ina bhfuil oidhreacht seandálaíochta agus nádúrtha;
- Struchtúir nó codanna struchtúr inspéise ó thaobh na hailtireachta, na seandálaíochta, na healaíne, an chultúir, na heolaíochta nó na teicneolaíochta de a chaomhnú;
- Saintréith na Limistéar Caomhnaithe Ailtireachta a chaomhnú;
- Na ceantair sin ina dteastaíonn athghiniúint a fhorbairt agus a athnuachan;
- Seirbhísí soláthair uisce agus séarachais, tarrtháil dramhaíola agus saoráidí diúscartha a chur ar fáil;
- Cóiríocht don Lucht Siúil a chur ar fáil;
- Seirbhísí don phobal a chur ar fáil.
Tá cuspóirí forbartha i bPlean Forbartha na Cathrach freisin a bhaineann le húsáid foirgneamh, le coimeád talún, le láthair agus le patrún forbartha, etc., a rialú.
Breathnaigh ar Phlean Forbartha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2011-2017 (PDF, 4,551 kb)
Breathnaigh ar Léarscáil Phlean Forbartha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2011-2017 (PDF, 3,101 kb)
Breathnaigh ar Léarscáil Phlean Forbartha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2011-2017 (PDF, 3,101 kb)
-
Cén chaoi a mbeidh a fhios agam cén criosú a ghabhann le mo thalamh?
Tá léarscáil an Phlean Forbartha le feiceáil ar líne agus dath na talún ar an léarscáil ag teacht lena cuspóir shonrach criosaithe.
Breathnaigh ar Léarscáil Phlean Forbartha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2011-2017 (PDF, 3,101 kb)
-
Céard is Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta ann?
Ceanglaítear ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tabhairt faoi Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil ar Phlean Forbartha na Cathrach 2011-2017.
Is ionann Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus an mheastóireacht fhoirmiúil ar na héifeachtaí dóchúla suntasacha a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Phlean Forbartha, agus déantar í sula mbeartaítear glacadh leis an bPlean Forbartha.
Bíonn an Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta mar bhonn eolais d’athbhreithniú an Phlean Forbartha agus tugtar achoimre ar thátail na Measúnachta Straitéiseach Timpeallachta sa Tuarascáil Chomhshaoil.
Thug an Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta treoir d’ullmhú beartas, cuspóirí agus forbairt cásanna eile don Phlean Forbartha; ba é an aidhm fhoriomlán forbairt inbhuanaithe na cathrach a bhaint amach.
Tá an Tuarascáil Chomhshaoil, aon aighneachtaí a fuarthas agus sainchomhairliúchán le húdaráis comhshaoil le cur san áireamh le linn athbhreithniú Phlean Forbartha na Cathrach.
Tar éis glacadh leis an bPlean Forbartha caithfear ráiteas a chur ar fáil ina dtugtar breac-chuntas ar an gcaoi ar cuireadh an Tuarascáil Chomhshaoil agus an próiseas sainchomhairliúcháin san áireamh.
Déantar monatóireacht ansin ar na héifeachtaí suntasacha comhshaoil a bhaineann leis an bPlean a chur i bhfeidhm.
Breathnaigh ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta 2011-2017
-
Céard é an Measúnú ar an Treoir maidir le Gnáthóga (HDA)?
Déantar an Measúnú ar an Treoir maidir le Gnáthóga (HDA) seo de chuid Phlean Forbartha Chathair an Gaillimhe 2011-2017 de réir Airteagail 6 den Treoir maidir le Gnáthóga.
Tá sé mar chuspóir foriomlán ag an measúnú fáil amach an mbeidh drochthionchair ag forbairt a tharlóidh le linn shaolré an Phlean ar shuíomhanna Natura 2000 taobh istigh de limistéir an Phlean. Cuimsíonn suíomhanna Natura 2000 Ceantair Chaomhnaithe Speisialta (Iarrthóir) (cSAC) agus Ceantair Chosanta Speisialta (SPAnna).
Tá na suíomhanna sin ina gcuid de líonra ar fud na hEorpa de cheantair a chosnaítear le dlí chun ár ngnáthóga agus ár speicis is mó baol a chosaint.
Breathnaigh ar an Measúnú ar an Treoir maidir le Gnáthóga (HDA) 2011-2017
Tá tuilleadh eolais faoi shuíomhanna Natura 2000 ar http://www.npws.ie/faq/natura2000/