Próiseas an Iarratais Pleanála

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar Chead Pleanála?

    Chun iarratas a dhéanamh ar chead pleanála ní mór duit foirm iarratais ar chead pleanála a chomhlánú agus í a chur isteach, in éineacht leis na cáipéisí riachtanacha agus leis an táille iomchuí, chuig an rannóg pleanála den údarás pleanála lena mbaineann d’iarratas.

    Download Planning Application Form [English]

    Íoslódáil Foirm Iarratais ar Chead Pleanála [Gaeilge]

    Féadfar iarratas a dhéanamh ar aon cheann díobh seo a leanas:

    • Cead Imlíneach (Le feiceáil an n-aontaíonn an t-údarás pleanála le do thogra i bprionsabal)
    • Cead tar éis Cead Imlíneach a dheonú (Má fhaigheann tú cead imlíneach, ní mór duit cead iomlán a fháil sula gcuireann tú tús leis an obair).
    • Cead forbartha
    • Cead chun forbairt a choimeád

    Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara nach féidir Cead Imlíneach a thabhairt maidir le haon cheann díobh seo a leanas:

    • Forbairt a choimeád.
    • Oibreacha a dhéanamh ar Struchtúr faoi Chosaint nó Struchtúr atá beartaithe a Chosaint.
    • Forbairt óna dteastaíonn Ceadúnas um Rialú ar Thruailliú, Ceadúnas Dramhaíola nó EIS.
    • Ní féidir síneadh a chur le cead pleanála nuair nach bhfuil agat ach cead imlíneach.

    1. Próiseas Iarratas Pleanála

     

  • Córas ríomhphleanála ar líne

    Tá tairseach ríomhphleanála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe beo anois agus ag glacadh le hiarratais phleanála ar líne. Tá roinnt míonna caite ag an gComhairle ag ullmhú do sheoladh an chórais nua a chuaigh beo níos luaithe an mhí seo.

    Ligeann an tairseach nua www.planning.localgov.ie do ghníomhairí, d’fhorbróirí agus do dhaoine den phobal a n-iarratas a thaisceadh agus aighneachtaí a dhéanamh go leictreonach agus rithfidh sí mar rogha eile seachas an córas páipéarbhunaithe atá ann faoi láthair.

    Tá Cathair na Gaillimhe ar cheann de 19 n-údarás pleanála atá beo ar an tairseach náisiúnta ríomhphleanála agus an chuid eile de na hÚdaráis Phleanála ag teacht ar bord faoi dheireadh Ráithe 3, 2023. Rinneadh tástáil phíolótach ar an tairseach i gComhairlí Contae Thiobraid Árann agus na Gaillimhe.

    Cuireann an córas ríomhphleanála éifeachtúlacht fheabhsaithe ar fáil sa phróiseas pleanála reachtúil agus seachadann sé straitéis an Rialtais chun níos mó seirbhísí poiblí a aistriú ar líne. I measc na mbuntáistí a bhaineann leis an gcóras nua tá: Infhaighteacht níos mó ar fhaisnéis don phobal agus uaslódáil níos tapúla ar ríomhchomhaid le breathnú orthu agus coigilteas costais agus comhshaoil d’iarratasóirí, mar gheall ar úsáid laghdaithe a bhaint as páipéar agus dúch.

    Spreagtar gníomhairí chun clárú ar an tairseach ríomhphleanála áit a bhfuil físeán faisnéise, agus treoir úsáideora ar fáil ag an nasc seo a leanas planning.localgov.ie/what-online-planning.

  • Chun foirm iarratais i gcóip chrua a chur isteach:
  • Ní mór an Fhoirm Iarratais ar Chead Pleanála a chomhlánú ina hiomláine toisc go bhféadfadh an fhoirm a bheith neamhbhailí má chuirtear sonraí neamhiomlána isteach.

    Download Planning Application Form [English]

    Íoslódáil Foirm Iarratais ar Chead Pleanála [Gaeilge]

    Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara nach mór Iarratas Pleanála a dhéanamh taobh istigh de choicís ó fhoilsiú an fhógra nuachtáin maidir leis an iarratas. Is é an t-aon eisceacht atá leis sin ná nuair is Satharn, Domhnach, lá saoire poiblí nó aon lá eile ar a bhfuil oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe dúnta an lá deiridh den choicís – sa chás sin measfar go bhfuil an t-iarratas bailí, má fhaightear é ar an gcéad lá oibre eile.

    Má tá fiosruithe agat maidir le d’iarratas a chomhlánú ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Rannóg Pleanála ar 091 536599 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig planning@galwaycity.ie

    2. Ceanglais maidir leis an bhFógra Nuachtáin

    Ní mór fógra go bhfuil sé ar intinn agat iarratas a dhéanamh a fhoilsiú i gceann de na nuachtáin atá ceadaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe taobh istigh de thréimhse coicíse sula ndéantar an t-iarratas.

    Liosta de na Nuachtáin Cheadaithe:

    • Galway Advertiser
    • Galway City Tribune
    • Irish Independent
    • Irish Times
    • Sunday Independent
    • Connacht Tribune

    3. Ceanglais maidir leis an bhFógra Láithreáin

    Ba cheart fógra láithreáin a chur in airde ar an talamh nó a ghreamú de struchtúr laistigh den tréimhse coicíse roimh an t-iarratas pleanála a chur isteach.

    Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara má mheasann Comhairle Cathrach na Gaillimhe nach leor fógra láithreáin amháin a chur in airde nó a ghreamú agus/nó nach gcuirtear an pobal sách maith ar an eolas leis, féadfaidh an t-údarás iarraidh ar an iarratasóir fógra(í) breise a chur in airde agus fianaise go ndearnadh sin a chur isteach d’fhonn cloí leis na ceanglais

    Download Application Form for Site Notice [English]

    Íoslódáil Foirm Iarratais le haghaidh Fógra Láithreáin [Gaeilge]

    4. Ceanglais maidir le Pleananna, Líníochtaí agus Léarscáileanna

    Ba cheart go mbeadh pleananna, líníochtaí agus léarscáileanna ag gabháil le hiarratas bailí ar phleanáil.

    LÍNÍOCHTAÍ RIACHTANACHA

    Nuair a bhíonn forbairt nó forbairt a choimeád i gceist den chuid is mó le hiarratas, sé chóip de phleananna láithreáin/leagan amach, pleananna urláir, ingearchló agus gearrthacha ina ndéantar cur síos ar an bhforbairt. Deich gcóip má tá struchtúr faoi chosaint i gceist leis na hoibreacha.

    Nuair a bhaineann iarratas den chuid is mó le hathrú úsáide (nó athrú úsáide a choimeád), ráiteas maidir leis an úsáid reatha agus an úsáid bheartaithe mar aon le sonraí maidir le cineál agus le méid na húsáide beartaithe. Ní mór sé chóip de líníochtaí a bheith ag gabháil le haon fhorbairt a áirítear in iarratas ar athrú ar úsáid, mar a luaitear thuas.

    Ní mór go mbeadh na pleananna ar fad etc. ar scála méadrach

    (suíomh an fhógra láithreáin ar taispeáint ar gach 6 chóip/10 gcóip den Léarscáil de Shuíomh an Láithreáin, 1:1000)

    Scála léarscáil suímh 1:1000. Tabharfar imlíne den láithreán i ndath dearg agus de thailte faoi úinéireacht i ndath gorm, agus tabharfar imlíne de cheada slí i ndath buí

    Suíomh an fhógra láithreáin ar taispeáint ar gach 6 chóip/10 gcóip den Léarscáil de Shuíomh an Láithreáin, 1:1000

    Ba cheart gur Léarscáil bhunaidh O.S. í an léarscáil de shuíomh an láithreáin. Más cóip í, taispeáin Uimh. an Cheadúnais ar gach léarscáil.

    Ní mór pleananna láithreáin agus leagain amach a tharraingt ar scála nach lú ná 1:500 (ní mór an scála a lua ar an líníocht) agus ní mór teorainn an láithreáin a thaispeáint i ndath dearg chomh maith le gach bóthar, foirgneamh agus gnéithe eile ar an láithreán nó in aice leis.

    Pleananna, ingearchlónna agus gearrthacha eile ar scála nach lú ná 1:200 (ní mór an scála a lua ar an líníocht) mura bhfuil scála difriúil aontaithe le Comhairle Cathrach na Gaillimhe

    Beidh leibhéil nó comh-airde le taispeáint ar phlean leagan amach láithreáin.

    Beidh príomhghnéithe na bhfoirgneamh in aice láimhe chun tosaigh agus ar gcúl le taispeáint ar líníochtaí ingearchló de réir mar is infheidhme

    Beidh pleananna ar a dtaispeánfar atógáil, athrú nó síneadh ar struchtúr daite ar bhealach a dhéanfaidh idirdhealú idir cinn reatha agus cinn bheartaithe nó féadfar iad a thaispeáint astu féin go leithleach. Taispeánfar gach toise seomra i dtógáil nua nó toisí gnáth-árasáin má bhíonn líon mór árasán ann.

    Pleananna urláir, ingearchlónna agus gearrthacha le taispeáint i bhfigiúirí na dtoisí (lena n-áirítear airde fhoriomlán) d’aon struchtúr beartaithe. Fad na struchtúr chuig teorainneacha láithreáin le taispeáint ar phleananna láithreáin / leagain amach.

    Beidh uimhir bileoige O.S. le lua ar aon léarscáil a bheidh bunaithe ar léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis

    An Aird ó Thuaidh le léiriú ar gach léarscáil & (cé is moite d’ingearchlónna agus gearrthacha)

    Ainm agus seoladh an duine a d’ullmhaigh iad le lua ar na pleananna.

    I gcás iarratais ar aon obair ar struchtúr faoi chosaint nó aon mhaoin i Limistéar Caomhnaithe Ailtireachta ní mór grianghraif, pleananna nó sonraí eile de réir mar is gá a bheith ag gabháil leis chun a thaispeáint cén tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar shainghné an struchtúir.

    Is féidir an mhapáil a theastaíonn chun iarratas pleanála a chur isteach a fháil ar líne ó shuíomh gréasáin Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) nó ó ghníomhaire mapála Osi. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig suíomh gréasáin Osi www.osi.ie
    Barr...

  • Céard is Deimhniú Díolúine ón Straitéis Tithíochta ann?

    Straitéis Tithíochta – Deimhniú Díolúine

    Tá foráil sa Straitéis Tithíochta lenar ghlac Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun tithíocht shóisialta agus inacmhainne a sholáthar. Faoi théarmaí na straitéise tithíochta caithfidh gach forbairt ina bhfuil os cionn naoi n-aonad nó aon fhorbairt ar bhreis is 0.1 heicteár comhaontú a dhéanamh leis an údarás pleanála chun tithíocht shóisialta agus inacmhainne a sholáthar.

    Faoi théarmaí na Straitéise Tithíochta caithfidh gach forbairt faoi réir na straitéise tithíochta agus ina bhfuil forbairtí aonair ina bhfuil naoi n-aonad nó níos lú i gceist nó iad sin ar 0.1 heicteár nó níos lú iarratas a dhéanamh ar an údarás áitiúil chun deimhniú díolúine a fháil ón Straitéis Tithíochta. Ba cheart iarratas ar Dheimhniú Díolúine a dhéanamh roimh iarratas ar chead pleanála a chur isteach.
    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé Deimhniú Díolúine ón Straitéis Tithíochta?

    Is féidir deimhniú díolúine ón Straitéis Tithíochta a fháil ach an fhoirm iarratais seo a leanas a líonadh isteach ‘Foirm iarratais ar Dheimhniú Díolúine ó Fhorálacha Alt 96 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, & Alt 4 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2002’.

    Download Certificate of Exemption Application Form [English]
    Barr...

  • Céard iad na céimeanna a bhaineann leis an bpróiseas chun iarratas pleanála a chur isteach?

     

    Scála Ama

    Gníomh

    Ag an Tús

    Foilsítear fógra sa nuachtán agus cuirtear fógra láithreáin in airde

    Coicís ina dhiaidh sin

    Cuirtear an t-iarratas pleanála isteach taobh istigh de choicís ón dáta a mbíonn an fógra sa nuachtán.

    Suas le cúig seachtaine ón dáta sin cuirtear iarratas pleanála isteach.

    Is féidir aighneachtaí nó agóidí a chur ar aghaidh i scríbhinn ach €20 a íoc leis an údarás pleanála.

    Idir cúig agus ocht seachtaine

    Eisíonn an t-údarás pleanála fógra maidir lena chinneadh ar an iarratas. (Nó b’fhéidir go mbeadh gá le hiarratas ar bhreis faisnéise).

    Ceithre seachtaine tar éis fógra cinnidh a eisiúint

    Mura ndéantar aon achomharc, eiseoidh an t-údarás pleanála deonú ceada, nó ceada imlínigh, ach amháin má chuir sé cinneadh diúltú don iarratas in iúl cheana.


    Barr...
  • Cén fáth a gcaithfidh mé freagra a thabhairt ar Iarratas ar Bhreis Faisnéise?

    Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara mura gcomhlíontar iarratas ar “Bhreis Faisnéise”, go measfar an t-iarratas pleanála mar cheann atá “tarraingthe siar” sé mhí ón dáta a rinneadh an t-iarratas ar bhreis faisnéise.

    Mar sin féin, is féidir le hiarratasóir iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an údarás áitiúil chun trí mhí eile a fháil chun freagra a thabhairt ar an iarratas ar bhreis faisnéise.

    Síneadh ar Thréimhse an Cheada Pleanála

    Maireann cead pleanála cúig bliana. Sula dtéann na cúig bliana in éag is féidir le hiarratasóir iarratas a dhéanamh chun Síneadh a chur le tréimhse an cheada pleanála. I gcás iarratais ar Shíneadh ar Thréimhse an cheada pleanála, beidh ceithre seachtaine ar a mhéad ag iarratasóirí chun freagra a thabhairt ar iarratas ar bhreis faisnéise. Mura dtugann an t-iarratasóir freagra taobh istigh de na ceithre seachtaine, diúltóidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe don iarratas.
    Barr...

  • Céard iad teorainneacha ama an iarratais pleanála?

    Cinneadh a Dhéanamh:

    Chomh luath is a fhaightear iarratas pleanála bailí, tabharfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe cúig seachtaine chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara breathnuithe/aighneachtaí a chur isteach maidir leis an iarratas. Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe measúnú agus déanfaidh sí cinneadh ar iarratas pleanála tráth nach deireanaí ná ocht seachtaine ón dáta a bhfaightear iarratas bailí ar chead pleanála – ar an gcoinníoll nach n-eisítear iarratas ar “Bhreis Faisnéise”.

    Má theastaíonn iarratas ar bhreis faisnéise agus má Comhairle Cathrach na Gaillimhe sásta leis an bhfreagra ar an iarratas sin, eiseofar cinneadh maidir leis an iarratas pleanála taobh istigh de cheithre seachtaine ón dáta a bhfaightear freagra ar an iarratas ar bhreis faisnéise.

    Má chaitear Ráiteas Tionchair Timpeallachta a chur isteach leis an iarratas ar bhreis faisnéise, eiseofar cinneadh maidir leis an iarratas pleanála taobh istigh d’ocht seachtaine ón dáta a bhfaightear freagra ar an iarratas ar bhreis faisnéise.

    Tabhair faoi deara:

    Nuair atá na tréimhsí ama thuas nó aon teorainn ama eile dá dtagraítear san Acht nó sna Rialacháin sin á ríomh tabharfar neamhaird ar an tréimhse idir an 24ú lá de mhí na Nollag agus an 1ú lá de mhí Eanáir, agus an dá lá sin san áireamh.
    Barr...

  • Céard iad táillí an iarratais pleanála?

    Tógtar na táillí pleanála ó Sceideal 9 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 mar chúnamh duit, agus ní chuimsítear leo sonraí iomlána maidir leis na táillí is infheidhme maidir le gach iarratas pleanála.

    Má theastaíonn soiléiriú uait ar na táillí atá ar an liosta thíos moltar duit dul i dteagmháil leis an Rannán Pleanála i gComhairle Cathrach na Gaillimhe díreach ar 091 536599 nó ríomhphost a sheoladh chuig planning@galwaycity.ie

    Aicme

    Aicme Forbartha

    Táille - Euro

    Méid na táille le haghaidh Cead Coinneála.

    1

    Soláthar áit chónaithe

    €65.00 in aghaidh an aonaid

    €195, €2.50 ar gach méadar cearnach den ollspás urláir dá bhfuil cead á lorg, cibé acu is mó.

    2

    Síneadh/feabhsúcháin eile tí

    €34.00 in aghaidh an aonaid

    €102, nó €2.50 ar gach méadar cearnach den ollspás urláir dá bhfuil cead á lorg, cibé acu is mó.

    3

    Soláthar foirgneamh nó struchtúr eile ar mhaithe le talmhaíocht nó chun cúnna a choinneáil.

    (I) I gcás foirgneamh, €80 ar gach foirgneamh, nó €1 ar gach méadar cearnach den ollspás urláir a sholáthrófar atá níos mó ná 50 méadar cearnach i gcás foirgnimh chun cúnna a choimeád nó 200 méadar cearnach in aon chás eile, cibé acu is mó.

    (ii) i gcás aon struchtúir eile, €80 ar gach struchtúr,

    faoi réir uasmhéid €300

    (I) I gcás foirgneamh, €240 ar gach foirgneamh nó €3 ar gach méadar cearnach den ollspás urláir a sholáthrófar atá níos ná 50 méadar cearnach i gcás foirgnimh chun cúnna a choimeád nó 200 méadar cearnach in aon chás eile, cibé acu is mó,

    (II) i gcás aon struchtúir eile €240 ar gach struchtúr,

    faoi réir uasmhéid €900

    4

    Foirgnimh eile (i.e. oifigí, foirgnimh tráchtála, etc.)

    €80 ar gach foirgneamh nó €3.60 ar gach méadar cearnach de sin, cibé acu is mó.

    €240 ar gach foirgneamh, nó €10.80 ar gach méadar cearnach den ollspás urláir a sholáthrófar, cibé acu is mó.

    5

    Úsáid talún (diantalmhaíocht, foraoisiú, baint mhóna)

    €5 in aghaidh gach heicteáir d’achar an láithreáin.

    €15 ar gach heicteár d’achar an láithreáin.

    6

    Úsáid talún (mianadóireacht, spruadar nó dramhaíl)

    €500, nó €50.00 in aghaidh 0.1 heicteár d’achar an láithreáin, cibé acu is mó

    €1,500, nó €150 ar gach 0.1 heicteár d’achar an láithreáin, cibé acu is mó.

    7

    Úsáid talún (campáil, páirceáil, stóráil)

    €80, nó €50.00 in aghaidh 0.1 heicteár nó cuid de sin (Íosmhéid €80.00)

    €240, nó €150 ar gach 0.1 heicteár d’achar an láithreáin, cibé acu is mó.

    8

    Soláthar gléasra/innealra/umair nó struchtúir eile chun críocha stórála

    €200, nó €50.00 ar gach 0.1 heicteár d’achar an láithreáin, cibé acu is mó.

    €600, nó €150 ar gach 0.1 heicteár d’achar an láithreáin, cibé acu is mó.

     

    Stáisiún líonta peitril (gné an stáisiúin pheitril amháin)

    Íosmhéid €200.00 agus d’fhéadfadh táille bhreise/aicme forbartha a bheith de dhíth

     

    9

    Struchtúr fógraíochta

    €80, nó €20.00 ar gach m² nó cuid de sin, cibé acu is mó.

    €240, nó €60 ar gach méadar cearnach, nó cuid de sin, de spás fógraíochta a sholáthrófar, cibé acu is mó.

    10

    Línte tarchuir/dáileacháin leictreachais, nó línte teileachumarsáide lasnairde

    €80, nó €50 ar gach 1,000 méadar ar fad, nó cuid de sin, cibé acu is mó.

    €240, nó €150 ar gach 1,000 méadar ar fad, nó cuid de, cibé acu is mó.

    11

    Úsáid talún mar chúrsa gailf nó mar chúrsa gailf dhá mhaide

    €50.00 ar gach heicteár

    €150 ar gach heicteár d’achar an láithreáin.

    12

    Úsáid tailte mar thailte adhlactha

    €200.00, nó €50.00 ar gach heicteár d’achar an láithreáin, cibé acu is mó

    €600, nó €150 ar gach heicteár d’achar an láithreáin, cibé acu is mó.

    13

    Aon fhorbairt eile e.g. crann brataí, aghaidh siopa, scartáil, etc.

    €80, nó €10.00 ar gach 0.1 heicteár d’achar an láithreáin, cibé acu is mó

    €240, nó €30 ar gach 0.1 heicteár d’achar an láithreáin, cibé acu is mó

    Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara:

    • Tógfar ollspás urláir mar an spás urláir iomlán ar gach urlár tomhaiste ó na ballaí seachtracha taobh istigh.
    • Is é €38,000 an táille uasta iníoctha – seachas nuair atá feidhm le hAirteagal 161 (cead) – is é €9,500 an táille uasta sa chás sin.
    • Is é an táille íosta iníoctha ná €34.
      • Iarratais imlíne ¾ den táille ábhartha
      • Iarratais ar fhaomhadh – ¼ den táille ábhartha

    Tá siad sin faoi réir caighdeáin íostáille agus uastáille.

    • Beidh an táille a bheidh iníoctha maidir le hiarratas chun aon struchtúr a choinneáil nó chun leanúint le haon úsáid cothrom le trí oiread na táille a thaispeántar faoi réir uasmhéid de €125,000.

    Má bhíonn scartáil tí i gceist le togra forbartha tá táille €80 iníoctha anuas ar an táille iomchuí.
    Barr...

  • Cén chaoi a dtabharfaidh mé tuairim faoi iarratas pleanála?

    Ach táille €20 a íoc, féadfaidh aon duine nó aon chomhlacht aighneacht nó breathnú a dhéanamh i scríbhinn chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le hiarratas pleanála chomh fada is go gcuirtear isteach é taobh istigh de thréimhse cúig seachtaine ag tosú ón dáta a bhfaightear an t-iarratas pleanála. Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe na haighneachtaí/breathnuithe sin san áireamh nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh faoin iarratas pleanála.

    Ba cheart go luafaí in aighneacht nó i mbreathnú:

    • Ainm agus seoladh an duine nó an chomhlachta atá ag déanamh na haighneachta nó an bhreathnaithe
    • An seoladh ag ar cheart aon chomhfhreagras maidir leis an iarratas a sheoladh.
    • Ba cheart uimhir thagartha an iarratais pleanála a lua má tá sé ar fáil

    Ba cheart an aighneacht nó an breathnú a sheoladh chuig:

    An Rannán Pleanála,
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Halla na Cathrach,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh.

    Aighneacht nó Breathnú Deireanach

    Má fhaigheann Comhairle Cathrach na Gaillimhe aighneacht nó breathnú tar éis tréimhse cúig seachtaine, (ag tosú ar an dáta a bhfuarthas an t-iarratas pleanála), tabharfar fógra don duine nó don chomhlacht nach féidir an aighneacht/breathnú a mheas agus seolfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe an aighneacht agus an táille ar ais dá réir sin.

    Aighneacht nó Breathnú a dhéantar maidir le hIarratas Pleanála Neamhbhailí

    Má mheastar go bhfuil iarratas pleanála neamhbhailí, cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe é sin in iúl trí fhógra i scríbhinn d’aon duine nó d’aon chomhlacht a rinne aighneacht nó breathnú bailí maidir leis sin agus seolfar ar ais an aighneacht/breathnú agus an táille.
    Barr...

  • Céard a dhéanfaidh mé mura n-aontaím le cinneadh a dhéanann údarás pleanála?

    Duine a rinne iarratas ar chead pleanála agus aon duine a rinne aighneachtaí/breathnuithe i scríbhinn chuig an údarás pleanála maidir le hiarratas pleanála, is féidir leo achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar chinneadh pleanála a rinne údarás áitiúil.

    Mar shampla, is féidir leat:

    • achomharc a dhéanamh in aghaidh diúltú cead pleanála a dheonú duit nó coinníollacha a bhí ag gabháil le do chead nó
    • achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh cead pleanála a thabhairt do dhuine éigin eile (glaoitear achomharc tríú páirtí air sin). Sa chás sin ní mór go ndearna tú aighneacht/breathnú i scríbhinn chuig an údarás pleanála ar an iarratas iomchuí*.

    Tabhair faoi deara go bhfuil dhá eisceacht leis an riachtanas aighneachtaí nó breathnuithe a bheith déanta roimh ré:

    • 1. Murar tugadh fógra de réir dlí do chomhlacht forordaithe, féadfaidh siad achomharc a dhéanamh gan aighneacht/breathnú a bheith déanta acu maidir leis an iarratas pleanála.
    • 2. Is féidir le duine a bhfuil leas aige i dtalamh in aice láimhe áit a bhfuil cead bronnta iarratas a dhéanamh ar an mBord chun cead a fháil an cinneadh a achomharc gan aighneacht/breathnú a bheith déanta roimh ré.

    Má rinne an t-iarratasóir agus/nó tríú páirtí achomharc cheana féin, is féidir le haon duine eile a bheith mar “bhreathnóir” agus aighneachtaí nó breathnuithe a dhéanamh.

    Féadfaidh achomharcóir bailí éisteacht ó bhéal a iarraidh ach táille bhreise a íoc ar dtús báire. De ghnáth ní cheadóidh an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal ach amháin má tá an cás an-chasta nó má tá saincheisteanna móra náisiúnta nó áitiúla i gceist.

    Tá sé mar aidhm ag an mBord Pleanála cinneadh a dhéanamh taobh istigh de 18 seachtaine. Mura féidir é sin a dhéanamh, cuirfidh sé na páirtithe ar fad ar an eolas faoi sin.

    Go ginearálta, déanfaidh an Bord Pleanála mar seo a leanas:

    • bronnfaidh sé cead pleanála
    • bronnfaidh sé cead pleanála le coinníollacha, nó
    • diúltóidh sé cead pleanála a thabhairt.

    Tá an cinneadh a ghlacfaidh an Bord Pleanála críochnaitheach agus ní thabharfar a dhúshlán ach amháin le hathbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt. Tabharfar breithiúnas sa phróiseas sin ar cibé ar lean an Bord próiseas cuí ar dhéanamh a chinnidh dó agus ní bheidh imscrúdú ar na fiúntais phleanála mar chuid de.

    Is féidir leis an bpobal na comhaid achomhairc a fhaigheann an Bord a imscrúdú tar éis don Bhord na hachomhairc a chinneadh. Is féidir na comhaid sin a iniúchadh, saor in aisce, ag oifigí an Bhoird ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis chinneadh an achomhairc.

    Is féidir tuilleadh eolais maidir le próiseas achomharc an Bhoird Pleanála a fháil ar suíomh gréasáin an Bhoird Pleanála.
    Barr...

  • An féidir liom achomharc a dhéanamh ar Chinneadh Pleanála?

    Duine a rinne iarratas ar chead pleanála agus aon duine a rinne aighneachtaí/breathnuithe i scríbhinn chuig an údarás pleanála maidir le hiarratas pleanála, is féidir leo achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar chinneadh pleanála a rinne údarás áitiúil.

    Mar shampla, is féidir leat:

    • achomharc a dhéanamh in aghaidh diúltú cead pleanála a dheonú duit nó coinníollacha a bhí ag gabháil le do chead nó
    • achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh cead pleanála a thabhairt do dhuine éigin eile (glaoitear achomharc tríú páirtí air sin). Sa chás sin ní mór go ndearna tú aighneacht/breathnú i scríbhinn chuig an údarás pleanála ar an iarratas iomchuí*.

    Tabhair faoi deara go bhfuil dhá eisceacht leis an riachtanas aighneachtaí nó breathnuithe a bheith déanta roimh ré:

    • 1. Murar tugadh fógra de réir dlí do chomhlacht forordaithe, féadfaidh siad achomharc a dhéanamh gan aighneacht/breathnú a bheith déanta acu maidir leis an iarratas pleanála.
    • 2. Is féidir le duine a bhfuil leas aige i dtalamh in aice láimhe áit a bhfuil cead bronnta iarratas a dhéanamh ar an mBord chun cead a fháil an cinneadh a achomharc gan aighneacht/breathnú a bheith déanta roimh ré.

    Má rinne an t-iarratasóir agus/nó tríú páirtí achomharc cheana féin, is féidir le haon duine eile a bheith mar “bhreathnóir” agus aighneachtaí nó breathnuithe a dhéanamh.

    Féadfaidh achomharcóir bailí éisteacht ó bhéal a iarraidh ach táille bhreise a íoc ar dtús báire. De ghnáth ní cheadóidh an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal ach amháin má tá an cás an-chasta nó má tá saincheisteanna móra náisiúnta nó áitiúla i gceist.

    Tá sé mar aidhm ag an mBord Pleanála cinneadh a dhéanamh taobh istigh de 18 seachtaine. Mura féidir é sin a dhéanamh, cuirfidh sé na páirtithe ar fad ar an eolas faoi sin.

    Go ginearálta, déanfaidh an Bord Pleanála mar seo a leanas:

    • bronnfaidh sé cead pleanála
    • bronnfaidh sé cead pleanála le coinníollacha, nó
    • diúltóidh sé cead pleanála a thabhairt.

    Tá an cinneadh a ghlacfaidh an Bord Pleanála críochnaitheach agus ní thabharfar a dhúshlán ach amháin le hathbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt. Tabharfar breithiúnas sa phróiseas sin ar cibé ar lean an Bord próiseas cuí ar dhéanamh a chinnidh dó agus ní bheidh imscrúdú ar na fiúntais phleanála mar chuid de.

    Is féidir leis an bpobal na comhaid achomhairc a fhaigheann an Bord a imscrúdú tar éis don Bhord na hachomhairc a chinneadh. Is féidir na comhaid sin a iniúchadh, saor in aisce, ag oifigí an Bhoird ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis chinneadh an achomhairc.

    Is féidir tuilleadh eolais maidir le próiseas achomharc an Bhoird Pleanála a fháil ar suíomh gréasáin an Bhoird Pleanála.
    Barr...

  • Tá mo chead pleanála ar tí dul in éag, céard is féidir liom a dhéanamh?

    Faoin Acht um Pleanáil & Forbairt (Leasú), 2010, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar shíneadh aonuaire ar do chead pleanála ar feadh uasmhéid cúig bliana, ar an gcoinníoll gur féidir leat a léiriú go raibh comaoineacha “tráchtála, eacnamaíocha nó teicniúla” ann a chuir isteach go mór ar do chumas oibreacha tógála a chur ar bun. Féadfaidh údarás pleanála a chinneadh a bhunú ar nithe mar dhálaí ábhartha náisiúnta agus áitiúla a raibh tionchar acu ar an margadh réadmhaoine agus forbartha nó ar infhaighteacht creidmheasa.

    Ní mór d’údarás pleanála a bheith sásta:

    (i) nár tháinig aon athruithe suntasacha ar chuspóirí forbartha an phlean forbartha/na dtreoirlínte pleanála réigiúnaí ó bronnadh an cead;

    (ii) nár eisíodh aon Treoirlínte Aireachta nua ó bronnadh an cead rud a d’fhágfadh nach mbeadh an fhorbairt ag teacht le pleanáil cheart agus le forbairt inbhuanaithe an cheantair; agus,

    (iii) murar cuireadh forbairt ar bun, go ndearnadh Measúnú Tionchair Timpeallachta, nó Measúnú Iomchuí, nó an dá cheann más gá, sular bronnadh an cead.

    Tháinig na forálacha i bhfeidhm an 19 Lúnasa 2010.

    Ina theannta sin, má cuireadh oibreacha ar bun agus má rinneadh oibreacha suntasacha féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun na hoibreacha a chur i gcrích.

    D’fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil Nótaí Treorach ar na cineálacha comaoineacha “tráchtála”, “eacnamaíocha” agus/nó “teicniúla” is féidir a chur san áireamh.

    Ba cheart iarratais chun síneadh a chur le tréimhse do cheada pleanála a dhéanamh sula dtéann tréimhse an cheada in éag, (ach tráth nach luaithe ná bliain amháin roimh dhul in éag thréimhse an cheada), agus ní mór táille €62.00 a chur leis.

    Íoslódáil an Fhoirm Iarratais chun Síneadh a chur le Tréimhse Éifeachtach an Cheada Pleanála.
    Barr...

  • Conas úsáid a athrú ó tráchtála le cónaithe?

    AIRTEAGAL 10 (6) DE NA RIALACHÁIN PLEANÁLA AGUS FORBARTHA 2001

    Ceadaíonn Airteagal 10 (6) de na Rialacháin um Pleanáil & Forbairt 2001 don Údarás Pleanála fógra a thabhairt don Údarás Pleanála go bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as forbairt dhíolmhaithe chun úsáide a athrú ó úsáid thráchtála tráchtála go húsáid chónaithe.

    Tá oibleagáid ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoi Airteagal 10 (6) (e) taifead a choinneáil ar fhógra do 2018 ar shuíomh gréasáin an údaráis phleanála.

    Airteagal 10 6 (a) Fógraí - Clár Poiblí

    Airteagal 6 (A) DÍOLÚ athrú úsáid ó tráchtála le cónaithe

    A6 (a) Foirm Fógra Díolúine (Béarla & Gaeilge)

    Barr...