Fiosruithe roimh Phleanáil

  • Cén fheidhm atá ag an Rannóg Pleanála?

    Is é aidhm na Rannóige Pleanála córas pleanála fisiciúla a bheith i bhfeidhm a bheadh in ann freastal ar fhorbairt gheilleagrach, shóisialta agus inbhuanaithe na cathrach.

    Tá ról lárnach ag an gcóras pleanála fisiciúla ó thaobh seachadadh na gclár bonneagair a éascú agus ó thaobh dul i ngleic le riachtanais sa soláthar tithíochta. Feidhmíonn údaráis áitiúla agus an Bord Pleanála an córas go díreach faoi na hAchtanna um Pleanáil 2000-2013. Dá réir sin, ba cheart fiosruithe maidir le haon iarratas pleanála faoi leith a chur díreach chuig údarás áitiúil an cheantair ar mian leat fiosrú a dhéanamh faoi.

    Is iad seo na príomhréimsí a mbíonn an Rannóg Pleanála ag plé leo:

    • Rialú Pleanála (iarratais pleanála)
    • Pleanáil Chun Cinn (plean agus beartas forbartha)
    • Forfheidhmiú Pleanála
    • Rialú Foirgníochta

    Barr...
  • Cén uair a bheidh Cead Pleanála ag teastáil uaim?

    Go ginearálta, teastóidh cead pleanála uait le haghaidh aon fhorbairt talún nó réadmhaoine mura bhfuil díolúine shonrach ag an bhforbairt ón riachtanas sin. I measc na forbartha tá oibreacha (tógáil, scartáil, athrú) a dhéanamh ar thalamh nó ar fhoirgnimh agus athrú ábhartha (i.e. suntasach) a dhéanamh ar úsáid talún nó foirgneamh.

    Má tá amhras ort faoi cibé an dteastaíonn cead pleanála uait nó nach dteastaíonn, téigh i dteagmháil le do thoil leis an Rannóg Pleanála i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536599
    Barr...

  • Cén cineál oibreacha a bhfuil díolúine acu ó Chead Pleanála?

    Is ionann forbairt dhíolmhaithe agus forbairt nach dteastaíonn cead pleanála ina leith. Leagtar na catagóirí d’fhorbairt dhíolmhaithe amach sa dlí pleanála. Is iondúil go mbíonn tairseacha áirithe i gceist a bhaineann, mar shampla, le méid nó le hairde.

    Má sháraítear na tairseacha sin, ní bheidh feidhm a thuilleadh leis na díolúintí. Is é feidhm na díolúine rialuithe ar fhorbairtí beaga a sheachaint.

    D’fhoilsigh Oifig an Rialaitheora Pleanála agus anRoinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta sraith de bhileoga pleanála a phléann le gach gné den chóras pleanála.

    Leis na bileoga seo clúdaítear raon leathan de shaincheisteanna lena n-áirítear conas iarratas pleanála a ullmhú agus a chur isteach, conas achomharc pleanála a dhéanamh, riachtanais i dtaca le hathrú úsáide, síntí le foirgnimh, garáistí, botháin teaghlaigh, forbairt talmhaíochta, etc.

    Breathnaigh ar na bileoga eolais, ina bhfuil sonraí maidir leis na príomhdhíolúintí
    Barr...

  • Céard is Deimhniú Díolúine ann?

    Má thagann ceist aníos maidir le cibé an dteastaíonn nó nach dteastaíonn cead pleanála d’fhorbairt is féidir le duine iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála chun deimhniú a fháil maidir le cibé an dteastaíonn cead pleanála nó nach dteastaíonn. Nuair a fhaigheann an t-údarás pleanála an t-iarratas eiseoidh sé cinneadh ar cibé an dteastaíonn cead pleanála faoi cheann cheithre seachtaine ó dáta a bhfaightear an t-iarratas agus táille €80.
    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé Deimhniú Díolúine?

    Is féidir deimhniú díolúine a fháil ach foirm iarratais ‘Dearbhú maidir le Forbairt Dhíolmhaithe (Alt 5 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000)’ a fháil agus í a sheoladh isteach chuig an Rannóg Pleanála leis an táille riachtanach €80.00. Eiseofar cinneadh ar an iarratas taobh istigh de cheithre seachtaine.

    Download Certificate of Exemption Application Form [English]

    Íoslódáil Foirm Iarratais ar an Deimhniú Díolúine [Gaeilge]

    Íoslódáil Deimhniú Díolúine - Treoirlínte Alt 5
    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé cuardach ar na sonraí in Iarratas Pleanála?

    Tugann an Córas Fiosraithe Pleanála ar Líne deis duit breathnú ar Léarscáileanna agus ar Iarratais Pleanála ar líne.
    Barr...

  • Cén chaoi a mbreathnóidh mé ar sheaniarratais pleanála?

    Tá comhaid Phleanála Stairiúla ó 1991 ar aghaidh ar fáil le breathnú orthu ar an gCóras Fiosraithe Pleanála ar Líne. Is féidir breathnú ar Chomhaid Dhigiteacha níos sine ná sin i rannóg pleanála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Más mian leat breathnú ar an mbunchomhad pleanála tabhair ar aird go gcuirtear comhaid phleanála i gcartlann agus nach mór iarratas ar chomhad a fháil ar ais a dhéanamh roimh ré trí ghlaoch ar Rannóg Pleanála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536599 nó ríomhphost a sheoladh chuig planning@galwaycity.ie. Gearrtar táille €6.00 in aghaidh an chomhaid chun comhaid phleanála atá sa chartlann a fháil ar ais.
    Barr...

  • An féidir liom bualadh le pleanálaí an cheantair chun mo thogra pleanála a phlé?

    Is féidir coinne a dhéanamh leis an bpleanálaí iomchuí le haghaidh Comhairliúchán Réamhphleanála trí ghlaoch ar an rannóg pleanála ar 091 536599 nó ríomhphost a chur chuig an Rannóg Pleanála ag planning@galwaycity.ie
    Barr...

  •