Ailtirí
Bíonn réimse leathan de sheirbhísí á sholáthar ag an Rannóg Ailtirí don lear mór earnálacha éagsúla atá sa Chomhairle Cathrach.
Comhairle straitéiseach a thabhairt don Bhainisteoir Cathrach i ndáil leis an gcomhshaol tógtha chomh maith le cúnamh a thabhairt do Stiúrthóirí Seirbhísí maidir le beartais a leagan amach agus cláir a phleanáil trí sheirbhísí gairmiúla ailtireachta a chur ar fáil agus trí chomhairle a thabhairt príomhfheidhm na rannóige.
Dearadh agus feasacht ailtireachta i gCathair na Gaillimhe go ginearálta a bhíonn á gcur chun cinn agus á spreagadh ag an Rannóg Ailtirí.
Úsáid na naisc ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo chun tuilleadh eolais a fháil ar na tionscadail reatha agus ar na seirbhísí atá ar fáil ón rannóg seo.
Má tá cabhair uait leis an eolas atá uait a fháil, téigh go dtí an Mapa Suímh atá ag Ailtirí. Tá leagan amach chuid na Rannóige Ailtirí den suíomh seo le feiceáil ar an mapa sin