Bainistíocht Dramhaíola
Aithnítear go forleathan go bhfuil bainistíocht dramhaíola ar cheann de na saincheisteanna comhshaoil is casta in Éirinn. Tá cruthú dramhaíola ar leibhéal chomh hard sin sa tír seo is nach féidir glacadh leis agus ní mór cur chun gnímh, ar bhonn náisiúnta, chun tabhairt faoin bhfadhb seo.
Bhí Cathair na Gaillimhe chun cinn riamh maidir le bainistíocht dramhaíola sa tír.
Ba í Comhairle Cathrach na Gaillimhe an chéad údarás áitiúil in Éirinn le scéim scagtha (3 araid) agus bailithe dramhaíola a thabhairt isteach faoi mar a rinneadh sa bhliain 2001. Seirbhís bailithe dramhaíl tí cois colbha atá i gceist leis an scéim seo:
- Ábhar Orgánach - Araid Dhonn
- Ábhair Thirime In-Athchúrsáilte - Araid Ghlas
- An Fuílleach chuig Líonadh Talún - Araid Liath
Caith súil ar Fhéilire na nAraidí do do Cheantar féin
Tharla ardú suntasach san athchúrsáil sa chathair ó tugadh isteach an scéim seo chun dramhaíl tí a athchúrsáil agus dramhaíl a bhainistiú agus athchúrsáiltear os cionn 54% den dramhaíl tí go léir anois.
Seo é an ráta athchúrsála is airde sa tír agus tá sé i bhfad níos airde ná 21%, an meán náisiúnta.
Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe tús leis an mbailiúchán dramhaíola Íoctar de réir Meáchain agus le seirbhís diúscartha dá gcustaiméirí in Eanáir na bliana 2007 chun straitéisí bainistíochta dramhaíola Chathair na Gaillimhe a thabhairt céim eile chun cinn.
Sampla de mhuirear dramhaíola atá ábhartha don úsáideoir is ea an scéim Íoctar de réir Meáchain sin le rá go mbíonn an costas dramhaíola a thiteann ar an gcustaiméir i gcoibhneas leis an meáchan dramhaíola a leagann sé nó sí amach le bailiú.
Is iomaí buntáiste atá le baint ag an gcathair agus ag an gcustaiméir as an gcur chuige seo i leith bainistíocht dramhaíl tí.
Íoctar de réir Meáchain – chun tairbhe do do phóca, chun tairbhe don chomhshaol.
Úsáid na naisc ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo chun tuilleadh eolais a fháil ar na seirbhísí atá ar fáil ón Rannóg Comhshaoil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe.
Má tá cabhair uait leis an eolas atá uait a fháil téigh go dtí an Mapa Suímh atá ag Bainistíocht Dramhaíola. Tá leagan amach chuid na Bainistíochta Dramhaíola den suíomh seo le feiceáil ar an mapa sin.