Tá fáilte romhat go leathanach Gaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Tá an suíomh idirlíon á chóiriú faoi láthair agus tá súil againn go mbeidh suíomh dátheangach again i 2007. Tá sé i gceist againn an leathanach seo a fhorbairt de réir a chéile, mar áis do chainteoirí Gaeilge ar fud na cathrach, áit a bheidh eolas ar na seirbhísí i nGaeilge ón gComhairle, eolas ar an nGaeilge, agus eolas ar scéimeanna agus imeachtaí Gaeilge a bhfuil baint ag an gComhairle Cathrach leo.

Faoi láthair tá seirbhís Gaeilge ar fáil ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tríd an Oifigeach Forbartha Gaeilge, Máire Ní Mhulláin agus ó dhaoine eile a bhfuil Gaeilge á labhairt acu ar fud na heagraíochta. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Gaeilge ar (091) 536445 nó tré ríomhphost a sheoladh chuig: maire.nimhullain@galwaycity.ie  nó gaeilge@galwaycity.ie

Scéim Teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2006-2009

D'ullmhaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe an scéim seo faoi Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal ar chaighdeán níos airde. 
Tháinig Scéim Teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i bhfeidhm ar an 1ú Meán Fómhair, 2006. Beidh an Scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta sin nó go mbeidh Scéim nua deimhnithe ag an Aire, cibé cé acu is túisce.
Leagan an Scéim Teanga amach clár oibre na Comhairle Cathrach chun seirbhísí a chur ar fáil tré Ghaeilge i gcomhar le Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
Tá an Scéim Teanga le fáil anseo:

Download Irish Languages Scheme - Scéim Teanga [English]

Download Irish Languages Scheme - Scéim Teanga [Irish] 

Tá an Ghaeilge lárnach i saol na cathrach le blianta fada agus tá cuid den chathair lonnaithe sa Ghaeltacht oifigiúil – Cnoc na Cathrach, Mionlach, An Caisleán Gearr, Tír Oileáin agus Baile an Phoill,. Le deich mbliana anuas, tá méadú mór tagtha ar líon na nGaeilgeoirí atá ina gcónaí agus i mbun oibre i gCathair na Gaillimhe. Tugann an fás suantasach seo deis do Chathair na Gaillimhe ainm a bhaint amach di féin mar an ceantar cathrach is mó sa tír ina n-úsáidtear an Ghaeilge. I láthair na huaire, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe i mbun plé le forais éagsúla maidir le stádas oifigiúil a bhaint amach don chathair mar “Phríomhchathair Dhátheangach na hÉireann”

Cúrsaí Gaeilge

Tá eolas i leith ranganna agus cúrsaí Gaeilge ar fud na Cathrach ar fáil ón Oifigeach Gaeilge maire.nimhullain@galwaycity.ie nó gaeilge@galwaycity.ie

Má tá aon cheist nó fiosrú agat faoi ranganna Gaeilge nó imeachtai cultúrtha/sóisialta téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Gaeilge

Foirmeacha Tré Ghaeilge

Má tá aon fhoirm pleanála nó tithíochta de dhíth ort as Gaeilge cuir ríomhphost ag maire.nimhullain@galwaycity.ie  nó gaeilge@galwaycity.ie agus cinnteofar go bhfaighidh tú an fhoirm sin láithreach.

Fógraí Tré Ghaeilge

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg inchur an phobail maidir le fógraí poiblí Gaeilge atá míchruinn. Teastaíonn ón gComhairle na fógraí seo a chur i gceart ach tá cabhair an phobail ag teastaíl chun muid a choinneáil ar an airdeall. Má sheolann tú nóta chuig an Oifigeach Gaeilge, ag tabhairt eolais maidir leis an míchruinneas, leanfar leis an obair nó go gceartófar an fógra.

Infheistíocht Chultúir

Tá scéim ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun an teanga a chur chun cinn sna scoileanna tré bhóithríní cultúir. Tá muid ag lorg tacaíocht na scoileanna agus tacaíocht ó thuismitheoirí agus muid ag iarraidh cúrsaí sean-nóis, drámaíochta, scríbhneoireachta agus ceoil a chur ar fáil do pháistí tré Ghaeilge. Leanfar leis an tacaíocht do na páistí tríd an scoil shaol.


Seo thíos nascanna go dtí suímh idirlín eile a bhaineann le pobal na Gaeilge.

Ranna Stáit/ Eagraíochtaí/ Grúpaí atá ag cur na Gaeilge chun cinn.

Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Ar Oscailt: 9 r.n-4 i.n. Teileafón +353 91 536400 Facs: 353-91 567493 Ríomhphost: customerservice@galwaycity.ie