Léarscáileanna

Tá an t-eolas faoi na Léarscáileanna Ar Líne agus na naisc chucu le fáil ar an gcuid seo den suíomh gréasáin.

Léarscáileanna

Plean Forbartha Cathrach na Gaillimhe
Féadfaidh tú na Léarscáileanna a bhaineann leis an bPlean Forbartha a fheiceáil.

Córas Fiosraithe Pleanála Ar Líne
Féadfaidh tú Iarratais Phleanála, Léarscáileanna agus Aerfótagrafaíocht de Chathair na Gaillimhe a fheiceáil ar líne.

Treoir léarscáile de Chathair na Gaillimhe
Féadfaidh tú Ceantar Chathair na Gaillimhe a bhrabhsáil agus na láithreacha ar a bhfuil saoráidí amhail Bainc Beir Chucu agus Spásanna Páirceála Carranna a fheiceáil.

Tá an áis ‘Aimsigh Sráid’ ar an Treoir Léarscáile den Chathair freisin.

Léarscáileanna Guaiseacha Tuilte
Coinníonn Oifig na nOibreacha Poiblí suíomh gréasáin Léarscáileanna Guaiseacha Tuilte, www.floodmaps.ie  cothrom le dáta chun aird a tharraingt ar na ceantair a bhíonn i mbaol ó thuilte ar fud na tíre. Socraíodh an suíomh nua díreach tar éis www.flooding.ie a bheith seolta agus tá sé d’aidhm leis eolas praiticiúil a chur ar fáil do na teaghlaigh agus do na gnóthaí go léir a d’fhéadfadh a bheith i mbaol ó thuilte.

Atlas Chathair na Gaillimhe
Taispeántar Léarscáileanna sa cháipéis seo a léiríonn go soiléir céard a bhíonn ar siúl i ngach aon cheann den 22 toghroinn mar go bhfuil táblaí staidrimh agus anailís ar threochtaí orthu trína ndéantar tagairt do phríomhghnéithe lena n-áirítear déimeagrafaíocht, tithíocht, fostaíocht, oideachas, cultúr agus saincheisteanna eile a bhaineann le cuimsiú sóisialta.

Tabhair faoi deara:

Ní ghlacaimid freagracht as míchruinnis ar bith a d’fhéadfadh a bheith ar na léarscáileanna seo. Déanfaimid ár ndícheall iad a choinneáil cothrom le dáta chomh maith agus is féidir linn é.

Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Ar Oscailt: 9 r.n-4 i.n. Teileafón +353 91 536400 Facs: 353-91 567493 Ríomhphost: customerservice@galwaycity.ie