Park and Ride Begins this Saturday!

29 November 2011

English | Gaeilge

Galway City Council's Park and Ride Service swings into operation for the Christmas season this Saturday December 3. Catering for workers, shoppers and visitors to the City alike, the first bus departs Ballybrit Racecourse at 7:00am, kickstarting the service, which will shuttle passengers to and from the City Centre every fifteen minutes until 9:30pm Monday to Saturday and from 11:00am to 7:00pm on Sundays. Passengers will be dropped and picked up from Galway Coach Station, which is just a two-minute walk from the Galway Continental Market at Eyre Square and the heart of Galway City Centre.

€2 Per Car All in Fare

Offering an excellent value service, the price per car irrespective of the number of passengers is €2 return. Commenting on the service in previous years, Joe Tansey (Head, Galway Transportation Unit), stated:
"last year, an interesting trend emerged whereby a large number of people carriers parked at the Racecourse with at times more than 10 people dis-embarking to avail of the Park and Ride service to the City Centre. Our surveys have also revealed that the Park and Ride Service is a big hit with children where parents highlighted that their initial reason for using the Park and Ride Service was because their children delighted in taking the bus, as prior to this some had never been on a bus."

Reduced Bus and Rail Fares to the City Centre

Galway Transportation Unit is encouraging members of the public particularly those travelling along the M6, N6, N18, N17 and Monivea Roads to Park and Ride this Christmas where customer experiences to date, indicate that they will enjoy a comfortable and relaxing journey to the City Centre, whilst at the same time help to curb traffic congestion during the run up to Christmas. Galway Transportation Unit in conjunction with An Taisce Green Schools Travel programme is also encouraging everyone to walk, take the bus, cycle, park 'n stride and carpool to school in the run up to Christmas. In addition, Galway Transportation Unit is inviting members of the public to avail of the reduced fares on offer by Bus Éireann and Iarnród Éireann as part of this combined Park and Ride initiative. For example, bus passengers can avail of €10 return reduced fares from numerous towns in Co. Galway via Bus Éireann and after 9:00am each morning Iarnród Éireann is offering €6 day return fares to Galway City from Athenry representing a saving in excess of €5 on the usual rate.

-------------------------------------------

Tús le Páirceáil agus Taisteal ar an Satharn

Cuirfear tús le Seirbhís Páirceála agus Taistil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe do shéasúr na Nollag Dé Sathairn seo chugainn an 3 Nollaig. Beifear ag freastal ar lucht oibre, ar shiopadóirí agus ar chuairteoirí chuig an gCathair araon, fágfaidh an chéad bhus Ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh ag 7:00am, agus leis an tseirbhís seo aistreofar paisinéirí chuig Lár na Cathrach agus ar ais arís gach cúig déag nóiméad go dtí 9:30pm ó Luan go Satharn agus ón 11:00am go dtí 7:00pm ar an Domhnach. Baileofar paisinéirí ag Stáisiún Cóiste na Gaillimhe agus is ann a fhágfar iad freisin. Tá an Stáisiún seo dhá nóiméad siúil ó Mhargadh Ilchríochach na Gaillimhe ag an bhFaiche Mhóir agus i gcroílár Chathair na Gaillimhe.

Aon táille amháin €2 an Carr

Seirbhís luach ar airgead iontach atá ann agus ní bheidh le híoc ach €2 an carr ar thicéad fillte cibé cén líon paisinéirí a bheidh sa charr. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Joe Tansey (Ceann Aonad Iompair na Gaillimhe) agus é ag trácht ar an tseirbhís sna blianta roimhe seo: "b'údar spéisiúil anuraidh gur pháirceáil líon mór veaineanna paisinéirí ag an Ráschúrsa ina mbíodh deichniúr uaireanta chun leas a bhaint as an tseirbhís Páirceála agus Taistil go dtí Lár na Cathrach. Léirigh suirbhéanna a rinneadh freisin gur breá leis na leanaí an tSeirbhís Páirceála agus Taistil agus thug tuismitheoirí le fios gur úsáid siad an tSeirbhís Páirceála agus Taistil ar dtús mar gheall gur theastaigh ó na leanaí dul ar an mbus mar nach rabhadar ar bhus riamh roimhe sin."

Táillí Bus agus Iarnróid laghdaithe chuig Lár na Cathrach

Tá Aonad Iompair na Gaillimhe ag spreagadh an phobail, go háirithe iad sin a bhíonn ag taisteal feadh Bhóithre an M6, N6, N18, N17 agus ar Bhóthar Mhuine Mheá leas a bhaint as an tSeirbhís Páirceála agus Taistil an Nollaig seo agus mar is léir ó thaithí custaiméirí go dtí seo bainfidh siad leas as turas compordach agus suaimhneach chuig Lár na Cathrach agus laghdófar brú tráchta dá réir sa tréimhse suas go Nollaig. Ina theannta sin, tá Aonad Iompair na Gaillimhe i gcomhar le clár Taistil Scoileanna Glasa an Taisce ag spreagadh gach duine dul ag siúl, an bus a thógáil, dul ag rothaíocht, páirceáil agus siúl agus carranna a roinnt chun dul ar scoil sa tréimhse roimh an Nollaig. Teastaíonn ó Aonad Iompair na Gaillimhe freisin go mbainfidh an pobal leas as táillí laghdaithe atá á dtairiscint ag Bus Éireann agus ag Iarnród Éireann mar chuid den tionscnamh Páirceála agus Taistil comhnasctha seo. Mar shampla, féadfaidh paisinéirí bus leas a bhaint as táillí laghdaithe ar thicéad fillte €10 ó bhailte éagsúla i gCo. na Gaillimhe ar Bhus Éireann agus beidh Iarnród Éireann ag tairiscint ticéid fhillte lae €6 gach maidin tar éis 9:00am go dtí Cathair na Gaillimhe as Baile Átha an Rí agus is ionann sin agus coigilt sa bhreis ar €5 ar an ngnáthráta.

Back to General News

Galway City Council, City Hall, College Road, Galway.
Open: 9am - 4pm. Phone +353 91 536400 Fax: +353 91 567493 Email: customerservice@galwaycity.ie