Galway City Council Refuse Collection Service Christmas Schedule 2009
15 December 2009Galway City Council’s refuse collection service will be maintained over the Christmas and New Year period, with the exception of Thursday, 24th and Friday, 25th of December.
However, the following arrangements have been made for customers whose bin collection service is due on these days.
Customers with bin collections on Thursdays:
There will be no bin collection service on Thursday, 24th of December (Christmas Eve). Instead customers are asked to leave their brown bin out for collection on Tuesday, 22nd December. This will ensure that they receive a brown bin collection during Christmas week.
For customers due a green bin collection on Christmas Eve, their green bin will not be collected until their next scheduled green bin collection day, Thursday, January 7th. Should these customers have additional clean dry recyclables, they may place them in clear plastic bags and present them alongside their green bin for collection on January 7th.
Customers with bin collections on Fridays:
There will be no bin collection service on Friday, 25th of December (Christmas Day). Instead, customers are asked to leave their brown bin out for collection on Wednesday, 23rd December.
For customers due a green bin collection on Christmas Day, their green bin will not be collected until their next scheduled green bin collection day, Friday, January 8th. Should these customers have additional clean dry recyclables, they may place them in clear plastic bags and present them alongside their green bin for collection on January 8th.
All refuse collection services will operate as normal on Thursday, 31st December (New Year’s Eve) and Friday, 1st January (New Year’s Day).
Galway City Council wishes all of their customers a happy and peaceful Christmas and New Year.
-------------------------------------------
Seirbhís Bhailiú Bruscair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe An Nollaig 2009
Beidh seirbhís bhailiú bruscair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar fáil thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana, seachas Déardaoin an 24 agus Dé hAoine an 25 Nollaig. Ach, rinneadh na socrúcháin seo a leanas le haghaidh na gcustaiméirí sin a mbíonn seirbhís bhailithe de ghnáth acu ar na laethanta sin.
Custaiméirí a mbailítear a mbruscar ar an Déardaoin:
Ní bheidh aon seirbhís bhailiú bruscair Déardaoin an 24 Nollaig (Oíche Nollag). Ina ionad sin, iarrtar ar chustaiméirí a n-araidí donna a fhágáil amach le haghaidh bailiú Dé Máirt an 22 Nollaig. Cinnteoidh sé seo go mbaileofar a n-araidí donna seachtain na Nollag.
I dtaca le custaiméirí a mbaileofaí a n-araidí glasa Oíche Nollag, ní bhaileofar a n-araidí glasa go dtí an chéad lá bailithe eile le haghaidh na n-araidí glasa, Déardaoin an 7 Eanáir. Má tharlaíonn go mbíonn ábhar glan tirim breise athchúrsála ag na custaiméirí seo, ba chóir dóibh é seo a chur i málaí trédhearcacha plaisteacha agus é a fhágáil in aice lena n-araidí glasa le haghaidh bailiú an 7 Eanáir.
Custaiméirí a mbailítear a mbruscar ar an Aoine:
Ní bheidh aon seirbhís bhailiú bruscair Dé hAoine an 25 Nollaig (Lá Nollag). Ina ionad sin, iarrtar ar chustaiméirí a n-araidí donna a fhágáil amach le haghaidh bailiú Dé Céadaoin an 23 Nollaig. I dtaca le custaiméirí a mbaileofaí a n-araidí glasa Lá Nollag, ní bhaileofar a n-araidí glasa go dtí an chéad lá bailithe eile le haghaidh na n-araidí glasa, Dé hAoine an 8 Eanáir. Má tharlaíonn go mbíonn ábhar glan tirim breise athchúrsála ag na custaiméirí seo, ba chóir dóibh é seo a chur i málaí trédhearcacha plaisteacha agus é a fhágáil in aice lena n-araidí glasa le haghaidh bailiú an 8 Eanáir.
Beidh gach seirbhís bhailiú bruscair ag feidhmiú mar is gnách Déardaoin an 31 Nollaig (Oíche Chaille) agus Dé hAoine an 1 Eanáir (Lá Caille).
Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, beannachtaí na Nollag agus na hAthbhliana a ghuí ar a gcustaiméirí go léir.