Cuibhrinn

  • An bhfuil cuibhrinn ar fáil ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Is ceapacha talún iad na cuibhrinn seo atá ar léas do bhaill den phobal áitiúil chun a chur ar a gcumas a gcuid torthaí agus glasraí féin a fhás.  Soláthraíonn siad taitneamhacht iontach don chathair agus soláthraítear go leor buntáistí dóibh siúd a oibríonn na cuibhrinn  agus dá dteaghlaigh, idir aer úr agus táirgí úrfhásta.  Is í an Roinn Caitheamh Aimsire agus Taitneamhachta a bhainistíonn iad.

     



    Faoi láthair, soláthraímid 77 cuibhreann san iomlán, ag dhá shuíomh:

    ·         Seantalamh (Lár na Cathrach) - 33 cuibhreann atá ann ó 2012 i leith

     ·        Coillte Mhuirlinne Dhabhach Uisce (Oirthear na Cathrach) - 44 cuibhreann, atá ann ó 2013 i leith

    Tá cuma seanbhunaithe ar shuíomh Sheantalaimh anois agus is grúpa díograiseach atá i mbun na gcuibhreann.

    Tá sé de bhuntáiste ag suíomh Choillte Mhuirlinne go bhfuil pobal an-ghníomhach i mbun na gcuibhreann agus tógadh gach cuibhreann folamh ar cíos le linn 2020. 


     

     

     Fógrófar ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus sa phreas áitiúil go nglacfar le hiarratais ar léas cuibhrinn nuair a bheidh an riachtanas sin ann de réir Scéim na gCuibhreann

    Leithdháiltear cuibhrinn de réir Scéim na gCuibhreann agus tá liostaí feithimh ann don dá shuíomh más rud é go dtagann folúntas ócáideach chun cinn. Síníonn agus aontaíonn iarratasóirí rathúla coinníollacha an Chomhaontaithe Ligin Cuibhreann agus íoctar táille bhliantúil as an gcuibhreann.

    Táthar ag súil le suíomhanna de chuibhrinn eile a sholáthar amach anseo, le béim ar an taobh thiar den chathair.  

    Cúiseanna Maithe le Cuibhreann a Bheith Agat;

    ·         Is cineál iontach gníomhaíochta fisiciúla, ag tosú leis an dianphróiseas glanta ag an tús, agus ansin an cur agus an chothabháil ina dhiaidh sin.

    ·         Cuireann sé le meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn trí aer úr, an obair fhisiciúil a bhaineann leis an gcuibhreann a oibriú, an bhraistint gur éirigh leat rud a fhás agus ar ndóigh an ghné shóisialta.

    ·         Ní amháin go n-itheann tú níos mó torthaí agus glasraí, ag cur le réim bia sláintiúil, ach tá sé de bhuntáiste agat a fhios a bheith acu go bhfuil siad úr agus saor ó lotnaidicídí.

    ·         Tá siad go maith don timpeallacht.  Laghdaíonn fás do bhia féin do lorg carbóin pearsanta i gcomparáid le roghanna eile a cheannaítear ó shiopaí. Ar ndóigh ní bhíonn aon phacáistiú i gceist leis.  Téann fás glasraí orgánacha chun leasa an chomhshaoil ​​freisin toisc go gcuireann tú teorainn le méid na lotnaidicídí agus na gceimiceán díobhálach eile san ithir.

    ·         Is bealach iontach é chun cairdeas a chruthú agus a bheith mar bhall gníomhach den phobal áitiúil.  Déantar an t-uafás a roinnt le daoine eile - idir eolas agus táirgí - ceannach mórchóir earraí agus síolta agus dea-thoil ghinearálta do bhaill eile an ghrúpa.

    ·         Teastaíonn gnáthchothabháil laethúil  lena n-áirítear pleanáil chun tionscadal a fheiceáil ó thús go deireadh.  Is féidir leat triail a bhaint as glasraí éagsúla agus fáil amach cad iad na cinn is fearr a oibríonn ó shéasúr go séasúr.

    ·         Sábhálann tú airgid trí do tháirgí féin a fhás agus is féidir leis a bheith an-éifeachtach ó thaobh costais de, agus sástacht a thabhairt duit nuair a smaoiníonn tú ar na táirgí go léir is féidir a sholáthar ar bheagán infheistíochta.

    ·         Tá buntáistí oideachasúla ann.  Ní amháin gur féidir le daoine fásta foghlaim agus táirgí á bhfás acu agus triail a bhaint as cineálacha agus modhanna éagsúla, ach is iontach an rud é leanaí óga a fheiceáil ag glacadh páirte, ag foghlaim an luach a bhaineann le luach saothair a gcuid iarrachtaí a fhás agus a bhaint.




     

    Barr...