How can we help you?
English
Sonraí Íomhá:

'Continental Christmas Market'
Alex Zarodov

Capaill

  • Cén chaoi a dtabharfaidh mé tuairisc faoi chapaill atá ar strae/ag fánaíocht?

    Cuireann an Chomhairle Cathrach seirbhísí rialaithe ar fáil chun sláinte agus sábháilteacht an phobail a chosaint agus chun an pobal a chosaint ó núiseanna.

    Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe in ann capaill a bhíonn ar strae nó ag fánaíocht i gceantar poiblí a ghabháil agus a chur i bpóna.

    Is scéal difriúil é áfach má tá capall ar mhaoin phríobháideach, níl sé d’údarás ansin ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe capall a ghabháil ná a chur i bpóna.

    Tabhair tuairisc faoi chapaill atá ar strae i gceantar poiblí.

    Nó téigh i dteagmháil leis an bhFoireann Seirbhísí do Chustaiméirí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400 nó seol ríomhphost chuig customerservice@galwaycity.ie

    Barr...

  • Cén chaoi a dtabharfaidh mé tuairisc faoi chruálacht ainmhithe?

    Más mian leat tuairisc a thabhairt faoi chruálacht ainmhithe ba cheart duit labhairt le Cumann na Gaillimhe um Fhóirithint ar Ainmhithe.

    Seoladh: SPCA na Gaillimhe, 2a Sráid Aibhistín, Gaillimh.
    Teileafón:
    091 563631

    Ríomhphost:
    galwayspca@gmail.com

    Suíomh gréasáin: http://www.galway-spca.com/

    Barr...