Glanadh Sráideanna

  • An bhfuil seirbhís glanta sráideanna rialta i gCathair na Gaillimhe?

    Tá Aonad um Bainistíocht Bruscair i bhfeidhm faoi Rannán Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ó 2003 i leith.

    Tá an tAonad um Bainistíocht Bruscair freagrach as

    • scuabadh bóithre
    • piocadh bruscair
    • fáil réidh le dramhaíl a dumpáladh go neamhdhleathach/a ndearnadh diúscairt mhídhleathach uirthi
    • boscaí bruscair a sholáthar agus a fholmhú

    Roinntear an chathair ina ceithre chuid i gcomhair bainistiú bruscair – an taobh thoir, thiar, thuaidh agus lár na cathrach.

    Sanntar criú bainistithe bruscair do gach cuid. Tosaíonn glanadh na sráideanna ag 5.30 gach maidin.

    Barr...