An tAonad Forbartha Geilleagraí

  • Céard é an tAonad Forbartha Geilleagraí?

    Tá sé mar aidhm ag an Aonad Forbartha Geilleagraí de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an ghníomhaíocht gheilleagrach sa chathair a éascú.

    Aithníonn an Chomhairle a thábhachtaí atá an ról atá ag gnólachtaí sa gheilleagar, agus tá an Chomhairle tiomanta do ghníomhaíochtaí tábhachta a sheachadadh chun cabhrú le gnólachtaí ar bhonn laethúil. Tionscnamh de chuid na Rannóige Pobail agus Fiontair is ea an tAonad:

    • Tá sé freagrach as an ról forbartha geilleagraí atá ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le Cathair na Gaillimhe a chur chun cinn mar áit chun infheistíocht, obair agus gnó a dhéanamh.
    • Féachann sé chun na dálaí cearta a chruthú le haghaidh gníomhaíocht láidir gheilleagrach ar fud na cathrach agus chun cur le hiomaíochas iomlán na Gaillimhe trí chomhoibriú le réimsí gníomhaireachtaí tábhachtacha, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon,
    • Soláthraíonn sé faisnéis agus déanann sé comhordú ar réimse seirbhísí de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe atá de dhíth chun gnólacht a bhunú nó a mhéadú, idir ghnólachtaí beaga agus ghnólachtaí móra.

    Barr...

  • Céard iad cuspóirí an Aonaid Forbartha Geilleagraí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Comhordú:

    Bíonn an tAonad Forbartha Geilleagraí ag gníomhú mar idirghabhálaí:

    • Le haghaidh gnólachtaí/cuideachtaí a bhfuil tacaíocht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe de dhíth orthu maidir le Pleanáil, Bóithre/Uisce agus saincheisteanna bonneagair eile.
    • Maidir leis an Scéim Líonra Cathrach (nascacht leathanbhanda ardluais do thionscail agus do ghnólachtaí)
    • Leis an Údarás Forbartha Tionscail agus le Fiontraíocht Éireann maidir le saincheisteanna sonracha a bhaineann le Cathair na Gaillimhe.

    Bíonn an tAonad Forbartha Geilleagraí ag obair ar chomhordú sonraí agus faisnéise ar an daonra, ar sheirbhísí agus ar shaoráidí i nGaillimh. Cinntíonn an tAonad go mbíonn faisnéis chruinn atá cothrom le dáta ar fáil do na cuideachtaí agus do na gníomhaireachtaí sin a mbíonn figiúirí an daonáirimh agus figiúirí déimeagrafacha ag teastáil uathu

    Tionscnaimh sa Chathair:

    Cabhraíonn an tAonad Forbartha Geilleagraí chun tionscnaimh shonracha a fhorbairt chun Cathair na Gaillimhe a chur chun cinn mar áit chun infheistíocht, obair agus gnó a dhéanamh.

    I measc na dtionscnamh go dtí seo, áirítear:

    • Ceann de na príomhghníomhaireachtaí le haghaidh ‘Meet West’, ócáid líonraithe gnó a reáchtáiltear gach bliain. Breathnaigh ar www.MeetWest.ie
    • Tacaíocht a chur ar fáil do na líonaí gnó i nGaillimh lena n-áirítear an Comhlachas Tráchtála, ITAG, Westbic
    • Comhalta de choiste meastóireachta an Bhoird Fiontar/na hOifige Fiontair Áitiúil
    • Tacú le Plean Gníomhaíochta le haghaidh Post de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
    • An Straitéis Forbartha Geilleagraí do Chathair na Gaillimhe a fhorbairt
    • Ról tacaíochta/riaracháin molta chun an Coiste Beartas Straitéiseach maidir leis an bhForbairt Gheilleagrach a sheachadadh
    • Idirchaidreamh a dhéanamh le hÚdaráis Áitiúla eile, le hÚdaráis Réigiúnacha agus le Ranna Rialtais Náisiúnta maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an bhforbairt gheilleagrach

    Ionaid Fiontair:

    Déanann Aonad Forbartha Geilleagraí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe bainistíocht ar dhá Ionad Fiontar thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe – Ionad Fiontar Bhóthar an Ghainimh agus Ionad Fiontar Westside.

    Bainistíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe na gnéithe seo a leanas de na hionaid:

    • Fógraíocht agus comhaontú cíosa agus léasa na n-aonad
    • Bailiú cíosa agus bailiú drochfhiach a bhaineann leis na haonaid
    • Na gnéithe cothabhála ar fad a bhaineann leis na haonaid
    • Na rudaí laethúla ar fad a bhaineann le bheith mar thiarna talún tráchtála

    Tá an tAonad Forbartha Geilleagraí ar an mbord freisin de na hIonaid Fiontar:

    • Fiontarlann Teo (Ionad Fiontar Westside)
    • Ionad Fiontair an Bhaile Bháin

    Barr...

  • An gcuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe deontais ar fáil do ghnólachtaí?

    Ní chuireann. Is é an Bord Fiontar a chuireann na deontais tacaíochta gnó ar fad ar fáil – breathnaigh ar www.galwayenterprise.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

    Barr...

  • Cén cineál tacaíochta is féidir leis an gcomhairle a thabhairt do ghnólachtaí?

    Is féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe comhairle a chur ar fáil faoi chúrsaí pleanála, saincheisteanna comhshaoil, rátaí maoine, naisc uisce, láithreacha agus rochtain. B’fhéidir go mbeadh na suíomhanna gréasáin seo a leanas úsáideach:

    Barr...

  • Má tá gnólacht agam, an gá dom ceadúnas ar leith a fháil ón gComhairle Cathrach?

    Ní gá, go díreach. Mar sin féin, is ann do cheadanna maidir le pleanáil agus le bainistiú dramhaíola a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil.

    Barr...

  • Cé na haonaid fiontraíochta atá ar fáil ar cíos tríd an gcomhairle cathrach?

    • Bóthar an Ghainimh
    • Ionad Fiontar Westside
    • Ionad Fiontair an Bhaile Bháin agus an Fhiontarlann (Westside) freisin

    Má tá ceist agat maidir le ceann de na haonaid fiontraíochta a thógáil ar cíos, téigh i dteagmháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536461.

    Barr...

  • Naisc úsáideacha don Fhorbairt Gheilleagrach i gCathair na Gaillimhe:

    Barr...