Caomhnú Uisce

  • Cá bhfaighidh mé eolas faoi chaomhnú uisce?

    Is feachtas caomhnaithe uisce é “Moilligh an Sruth” a chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar bun. Is é aidhm an tionscnaimh ná an úsáid laethúil a bhaintear as uisce cóireáilte sa bhaile, ag an obair agus ar scoil a laghdú go dtí méid is leor dár riachtanais laethúla.

    Tabhair cuairt ar www.slowtheflow.ie chun tuilleadh eolais agus leideanna a fháil ar uisce a chaomhnú.

    Barr...

  • Céard é Tionscadal Caomhnaithe Uisce Chathair na Gaillimhe?

    Tá tús curtha ag Uisce Éireann, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le tionscadal chun píopaí nua a chur in áit 19.8km de sheanphíopaí uisce i gCathair na Gaillimhe. Mar chuid den tionscadal sin, tá sé beartaithe oibreacha athshlánaithe an phríomhlíonra uisce ar chúl tithe a dhéanamh ina ndéanfar athsholáthar ar an bpríomhlíonra uisce agus ar naisc seirbhíse uisce chuig maoine a bhfuil an príomhlíonra ar chúl tithe agus ar mhaoin phríobháideach ag freastal orthu faoi láthair. Bainfidh áitritheoirí leas as an tionscadal seo nuair a laghdófar an méid uisce a chailltear trí sceitheadh agus nuair a fheabhsófar iontaofacht an tsoláthair uisce i do cheantar.

    Barr...

  • Cén chaoi a mbainfidh mise tairbhe as an tionscadal seo?

    Leis an tionscadal seo leagfar síos príomhphíobán uisce faoin mbóthar poiblí agus déanfar díchoimisiúnú ar aon phríomhphíobán uisce atá ag gabháil trí do ghairdín cúil faoi láthair. Leagfar síos píobán nua nasctha seirbhíse (1/2 orlach) ón bpríomhphíobán nua uisce a nascfar le do mhaoin. I measc na mbuntáistí a bhaineann le do phointe nasctha soláthar uisce reatha a aistriú chuig an bpríomhphíobán nua uisce tá siad seo a leanas:

    Brú Níos Fearr ar an Uisce - Mar gheall ar sceitheadh ard ar na naisc seirbhíse comhroinnte reatha, tá brú íseal ar an soláthar uisce i roinnt tithe, nó i roinnt cásanna bíonn teipeann ar an soláthar go minic. Cuirfear deireadh leis sin leis na pointí nasctha aonair nua leis an soláthar uisce.

    Dramhaíl Laghdaithe - Nuair a chuirfear seirbhísí nua in ionad na seirbhísí reatha comhroinnte cuirfear deireadh le sceitheadh agus déanfar laghdú mór ar dhramhaíl sa ghréasán.

    Cothabháil agus Feidhmiú Feabhsaithe le níos lú briseadh soláthair - Ciallaíonn láthair na seirbhísí reatha comhroinnte laistigh de mhaoin phríobháideach go mbíonn sé deacair na seirbhísí comhroinnte a dheisiú nó a chothabháil mar go mbíonn gá dul isteach ar thalamh daoine agus go gcuireann sé sin isteach go mór ar úinéirí tí. Nuair a chuirfear príomhphíobán uisce a bheidh suite laistigh de thalamh phoiblí in áit do phointe nasctha leis an soláthar uisce laghdófar an mhoill ar oibreacha deisiúcháin nó cothabhála agus laghdófar an méid a chuirtear isteach ar úinéirí tí sa cheantar.

    Úinéireacht an Naisc - Nuair a gheofar réidh leis an nasc seirbhíse roinnte agus nuair a chuirfear ceann nua ina áit beidh deis ann úinéireacht aonair ar gach nasc maoine a thabhairt don úinéir tí ábhartha in ionad freagracht chomhroinnte as an tseirbhís pobail.

    Barr...

  • Cén fáth a gcaithfear suirbhé a dhéanamh ar mo mhaoin?

    Mar chuid den tionscadal, caithfidh an fhoireann tionscadail suirbhéanna a dhéanamh ar na seirbhísí uisce reatha i do cheantar. Ionas go mbeidh an fhoireann tionscadail in ann an bealach is oiriúnaí a aimsiú chun an príomhphíobán uisce nua a nascadh le do mhaoin, caithfidh siad suirbhé inmheánach a dhéanamh ar do mhaoin.

    Barr...

  • Céard a tharlaíonn i rith an tsuirbhé inmheánaigh?

    Le linn suirbhé inmheánach, breacfaidh an fhoireann tionscadail síos an t-eolas seo a leanas lena n-áirítear:

    • Pointí na n-asraonta uisce,
    • Láthair an umair dín,
    • An pointe nasctha seachtrach don soláthar uisce i do mhaoin.

    Is suirbhé súl é seo agus dá bhrí sin, ní bheidh aon oibreacha tochailte ar siúl. B’fhéidir go mbeadh ar an bhfoireann tionscadail grianghraif a thógáil chun láthair agus riocht na socruithe pluiméireachta inmheánaí mar atá faoi láthair a thaifeadadh. Déanfar cinnte nach dtaifeadfar daoine, uimhreacha cláraithe carranna, ná aon rud eile lena bhféadfaí daoine a aithint.

    Barr...

  • Cé chomh fada is a mhairfidh an suirbhé agus cén chaoi a n-aithneoidh mé an fhoireann tionscadail?

    Tógfaidh an suirbhé thart ar dhá uair an chloig ag brath ar leagan amach na pluiméireachta inmheánaí agus ar láthair an phointe nasctha sheachtraigh don soláthar uisce i do mhaoin.

    Cuireadh oiliúint ar ionadaithe agus ar chonraitheoirí Uisce Éireann agus cuirfidh siad iad féin in aithne duit i gcónaí agus inseoidh siad cé dó a bhfuil siad ag obair nuair a thugann siad cuairt ar do mhaoin. Ní ghabhfaidh siad isteach i do theach go dtí go ndéantar coinne leat. Má tá aon imní ort maidir le hionadaithe Uisce Éireann agus le cé hiad féin, téigh i dteagmháil le do thoil leis an bhfoireann tionscadail ar 1890 800 180.

    Feicfidh tú roinnt céimeanna thíos agus ba cheart duit iad a leanúint nuair a bheidh tú ag freagairt an dorais sa bhaile:

    • Breathnaigh trí fhuinneog nó trí amharcóir dorais i gcónaí sula n-osclaíonn tú an doras,
    • Ná hoscail an doras riamh gan slabhra a chur ar an doras nó do chos a chur ar chúl an dorais,
    • Cuir na soilse taobh amuigh ar siúl nuair atá sé dorcha,
    • Iarr cártaí aitheantais agus scrúdaigh iad,
    • Smaoinigh i gcónaí ar ‘shábháilteacht’ – ná fág strainséirí leo féin ar do thairseach fad is a ghabhann tú isteach i seomra eile. Dún an doras i gcónaí má bhíonn ort é sin a dhéanamh.
    • Bí cúramach – mura bhfuil tú cinnte nó má tá amhras ort ná scaoil aon duine isteach i do theach

    Barr...

  • Céard a tharlóidh i ndiaidh an suirbhé a dhéanamh ar mo mhaoin?

    I ndiaidh an suirbhé a dhéanamh ar do mhaoin, déanfaidh an fhoireann tionscadail measúnú ar gach maoin ar a ndearnadh suirbhé agus ullmhófar dearadh chun teacht in ionad na seirbhíse ar chúl tithe faoi láthair. Nuair a bheidh an obair dheartha curtha i gcrích gabhfaidh an fhoireann tionscadail i dteagmháil leat chun insint duit faoi aon oibreacha leasaithe is gá a dhéanamh ar do mhaoin. Tabharfaidh an conraitheoir fógra duit ansin faoi dháta tosaigh na n-oibreacha leasaithe.

    Barr...

  • Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil má bhíonn tuilleadh eolais uaim?

    Má bhíonn tuilleadh eolais uait, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an bhfoireann tionscadail ar
    1890 800 180 nó ríomhphost a sheoladh chuig gcwaterconservation@rpsgroup.com

    Barr...