Reiligí

 

  • ·  Réamhrá ar Chód Cleachtais Reiligí ón 1ú Meitheamh 2023

Is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a chur in iúl go gcuirfear Cód Cleachtais nua i bhfeidhm ón 1ú Meitheamh 2023 do Reiligí Chathair na Gaillimhe atá á n-oibriú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe (An Reilig Nua, Reilig an Bhóthair Mhóir agus Reilig Chocán Iósaif, Rathún)

Tá sé mar aidhm ag an gCód Cleachtais seo gach saoránach agus Stiúrthóir Sochraide a chur ar an eolas faoi théarmaí úsáide na reiligí thuas. Cabhróidh sé freisin le feidhmiú na reiligí d’fhoireann Talún agus Theicniúil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus déanfaidh sé cúrsaí níos simplí dóibh.

Tá cóip den Chód Cleachtais ar fáil le haghaidh d’athbhreithniú.

Dírítear aird ar leith at Alt 5 den Chód Cleachtais do “Láithreacha Uaighe Faiche” a bhaineann faoi láthair leis an Síneadh nua ar an Reilig Faiche ag Reilig Rathúin.

Tá “foirm ghlactha” tugtha isteach freisin agus is féidir féachaint uirthi. Deimhníonn an fhoirm seo gur léadh doiciméad an Chóid Chleachtais agus gur aontaíodh lena téarmaí agus coinníollacha. Caithfidh Úinéir na hUaighe í seo a shíniú nuair a cheannaítear an uaigh agus í a chur ar ais chuig environment.section@galwaycity.ie chun díol na láithreach uaighe a chríochnú.

Má tá aon cheist agat, ná bíodh leisce ort r-phost a chur environment@galwaycity.ie

 

 

 

 

  • Cá bhfuil na reiligí (tailte adhlactha) lonnaithe i gCathair na Gaillimhe?

    Tá dhá reilig ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe:

    Reilig Chnocán Iósaif,
    Bóthar Rathúin
    (Reilig Rathúin)
    environment@galwaycity.ie nó 091 536400
    An Reilig Nua/Reilig an Bhóthair Mhóir,
    Crosbhóthar na Reilige,
    An Bóthar Mór
    (Reilig an Bhóthair Mhóir)
    environment@galwaycity.ie nó 091 536400

    Is féidir dul i dteagmháil le Saoiste na Reilige ar 087 2390930 (ar fáil go dtí 2:30pm ar an Satharn).

    Breathnaigh ar léarscáil de láthair na reiligí.

    Barr...

  • Céard iad uaireanta oscailte na Reiligí?

    Is iad seo a leanas uaireanta oscailte Reilig Rathúin agus Reilig an Bhóthair Mhóir:

    Luan 8:00am go dtí 4pm
    Máirt 8:00am go dtí 4pm
    Céadaoin 8:00am go dtí 4pm
    Déardaoin 8:00am go dtí 4pm
    Aoine 8:00am go dtí 3pm
    Satharn 8.00am go dtí 4pm
    Domhnach (Gan adhlacthaí) osclaítear na Príomhgheataí idir 1:30am agus 4pm.
    Cead isteach do choisithe trí gheataí ar an taobh – oscailte an t-am ar fad ag an dá reilig

    Barr...

Cén chaoi a gcuirfidh mé uaigh in áirithe?

Is féidir uaigh a chur in áirithe ach an fhoirm iarratais ar líne a líonadh ag an nasc seo a leanas https://bit.ly/37t2UG5

Cuirtear na rialacha i gcuimhne d’adhlacóirí roimh uaigh a chur in áirithe:

1. Is é 12 meán lae an sprioc-am laethúil le haghaidh adhlacadh an lá dár gcionn.

2. Is é 12 meán lae Dé Sathairn an sprioc-am le haghaidh adhlacadh an Luan dár gcionn.

3. Ní bheidh aon adhlacadh ar siúl Domhnach ar bith.

4. Ba chóir dul i dteagmháil le saoiste na reilige ar 087-2390930 chun am atá ar fáil a dhearbhú sula ndéantar iarratas ar líne.

5. Dearbhóidh ball den Fhoireann Comhshaoil agus Athraithe Aeráide gach iarratas leis an adhlacóir i gcaitheamh gnáthuaireanta oibre, 9am go 5pm Luan go hAoine. 

6. Ní féidir uaigh a cheannach ach amháin ag am an bháis, lena húsáid láithreach.

 

Má bhíonn aon cheist agat, cuir glaoch, le do thoil, ar 091-536563 i gcaitheamh gnáthuaireanta oifige nó cuir glaoch ar shaoiste na reilige ar 087-2390930 lasmuigh de na hamanna sin.

 

Barr...

  • Céard iad na táillí a ghearrtar ar uaigh a chur in áirithe?

    costas

    D’fhéadfadh na táillí athrú ó bhliain go bliain.

    Is iad seo a leanas na táillí le haghaidh Reilig an Bhóthair Mhóir agus Reilig Rathúin:

    Cineál Uaighe Táille

    Ceannach Ghnáthuaigh Shingil

    €780
     

    Ceannach Shainuaigh Síothail

    (Cloch chinn agus céad 1ad oscailt san áireamh)

    €980

    Gnáth-tháille oscailte uaigh (Cónra/cisteog)

    €492

     

    Gnáth-tháille oscailte Uaigh Síothail/Linbh      

     

    Oscailtí Shainuaigheanna Síothail dá éis.

     

     

    €204

     

    €150

     

  • Deontas Méala

    Níl an Deontas Méala ann níos mó agus ní íoctar é maidir le básanna an 1 Eanáir 2014 nó ina dhiaidh sin

    Tá na sonraí ar www.citizensinformation.ie

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé fiosrú faoin gclár adhlactha?

    Gheobhaidh tú amach cá bhfuil cara nó duine muinteartha leat curtha ach breathnú ar an gClár Adhlactha.

    Níl ort ach glaoch ar 091 536400 nó ríomhphost a sheoladh chuig environment@galwaycity.ie

    Chun cabhrú le d’fhiosrú ní mór duit na rudaí seo a bheith agat:

    • Ainm an té atá básaithe
    • An dáta ar ar adhlacadh an duine

    Barr...

  • Cén chaoi a bhfaighidh mé amach cá bhfuil cara nó duine muinteartha liom curtha i gCathair na Gaillimhe?

    Gheobhaidh tú amach cá bhfuil cara nó duine muinteartha leat curtha ach breathnú ar an gClár Adhlactha.

    Níl ort ach glaoch ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400 nó ríomhphost a sheoladh chuig environment@galwaycity.ie

    Chun cabhrú le d’fhiosrú tabhair:

    • Ainm an té atá básaithe
    • An dáta ar ar adhlacadh an duine

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar leac uaighe/cloch chinn a chur in airde?

    Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Chead más mian leat leac uaighe agus an colbha a chur in airde i gceann de Reiligí na Comhairle Cathrach.

    Ba cheart a thabhairt faoi deara gurb ionann an ‘tIarratasóir’ agus an dealbhóir nó an conraitheoir atá chun an obair a dhéanamh.

    Ba cheart an fhoirm iarratais a chomhlánú go hiomlán agus sonraí a chur isteach faoin té atá básaithe agus sonraí faoin uaigh.

    Cuir san áireamh freisin:

    • cur síos ar an Leac Uaighe agus ar an gColbha atá beartaithe
    • Grianghraf nó léaráid den Leac Uaigh agus den Cholbha atá beartaithe
    • Táille
      • An Reilig Nua, An Bóthar Mór: gach limistéar - €60
      • Reilig Chnocán Iósaif, Rathún - ag brath ar an áit a bhfuil an uaigh: €144 ar uaigh shingil, €252 ar uaigh dhúbailte nó €60 i limistéir níos sine de Reilig Rathúin

    Ba cheart an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:

    An Rannán Comhshaoil
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe
    Halla na Cathrach
    Bóthar an Choláiste
    Gaillimh.

    Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara:

    • Ní mór an Leac Uaighe a chur ar fáil do Shaoiste an Reilige i gcomhair scrúdú sula gcuirtear in airde í
    • Tá srianta airde i bhfeidhm sa dá Reilig
    • Tá na hiarratasóirí féin freagrach as caighdeán agus as sábháilteacht na n-oibreacha tógála ar fad
    • Caithfidh gach conraitheoir faomhadh a lorg ónár Rannóg Páirceanna, agus leis sin, cuirfear é lenár liosta de Chonraitheoirí Leachta Faofa, sula gcuirfear isteach ar iarratais ar Cheadúnais Uaighe.

    •  

       

    Barr...