Clár na dToghthóirí

CLÁR NA DTOGHTHÓIRÍ
 

Tá an próiseas clárúcháin toghthóirí athraithe agus tá sé níos éasca anois clárú chun vótáil agus do chuid sonraí a nuashonrú ó shínigh an tUachtarán Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, nua ina dhlí ar an 25 Iúil, 2022.

Más iarrthóir nua thú, is féidir leat clárú chun vótáil ar líne NÓ más toghthóir thú cheana féin, iarrtar ort do shonraí a nuashonrú ar líne trí chuairt a thabhairt ar: www.checktheregister.ie

Chomh maith leis sin, is féidir leat iarratas a dhéanamh trí Foirm Iarratais ERF1 a íoslódáil agus a chomhlánú nó trí theagmháil a dhéanamh le Foireann Chlár na dToghthóirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe register@galwaycity.ie.    

Foirm Iarratais ERF1

 

Aois - Cén aois is féidir liom clárú chun vótáil?
Is féidir leat clárú chun vótáil má tá tú 16 bhliain d'aois nó níos sine, ach ní bheidh tú incháilithe chun vótáil go dtí go mbeidh tú 18 mbliana d'aois.
Má chláraíonn tú nuair atá tú 16 bhliain d'aois, ciallaíonn sé gur féidir linn d'ainm a aistriú chuig an gclár toghthóirí beo nuair a bheidh tú 18 mbliana d'aois.

Áit Chónaithe
Is féidir le gach duine atá níos sine ná 18 mbliana d'aois agus a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi sa Stát clárú chun vótáil. Clárófar tú ag an seoladh ag a bhfuil ‘gnáthchónaí’ ort. Is é sin an áit a bhfuil cónaí ort.

Saoránacht
Ní mór go mbeadh tú i do chónaí sa Stát ar bhonn lánaimseartha chun a bheith incháilithe chun vótáil.

Lorgóimid eolas maidir le do náisiúntacht i d'iarratas de bhrí go bhféadfadh tionchar a bheith aige seo ar na toghcháin ar féidir leat vótáil iontu.

·       Saoránach Éireannach - tá tú incháilithe chun vótáil i ngach toghchán agus reifreann

·       Saoránach den AE - tá tú incháilithe chun vótáil i dtoghcháin Eorpacha agus áitiúla

·       Saoránach Briotanach - tá tú incháilithe chun vótáil i dtoghcháin Dála agus áitiúla

·       Gach duine eile - tá sibh incháilithe chun vótáil i dtoghcháin áitiúla 

 

Cén tionchar a bheidh ag na hathruithe orm?
Beidh sé níos éasca do chuid sonraí a nuashonrú nuair is gá – nuair a bhogann tú chuig teach nua nó má athraíonn tú d'ainm mar thoradh ar phósadh nó colscaradh mar shampla. Lena chois sin, beidh roinnt sonraí aitheantais in úsáid i rith an phróisis anois freisin (ainm, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPSN) agus Dáta Breithe (DOB)) chun na sonraí a chros-seiceáil – is é an aidhm atá leis seo beachtas agus sláine an chláir toghthóirí a fheabhsú don todhchaí

Fiú amháin mura bhfuil do chuid sonraí athraithe táimid ag iarraidh ar gach duine a gcuid sonraí a sheiceáil agus a chomhlánú (trína PPSN, dáta breithe agus Éirchód a chur ar fáil) agus reáchtálfar feachtas cumarsáide poiblí chun tacú leis an obair seo. Déanfar cros-seiceáil sonraí trí úsáid a bhaint as do PPSN agus dáta breithe chun do shonraí a dheimhniú.

·        Tuilleadh eolais