Comharthaíocht/Marcálacha/Rampaí Bóthair

  • Teastaíonn comharthaíocht bóthair nua uaim do mo cheantar – cé leis ar cheart dom dul i dteagmháil?

    Ceannaíonn an Cumann Cónaitheoirí i do cheantar na comharthaí “Pobal ar Aire”. Ach déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe socrú chun an chomharthaíocht seo a chur in airde duit.

    Má tá iarratas agat ar chomharthaíocht ba cheart duit ríomhphost a sheoladh nó iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig:

    An Rannán Bóithre
    An Rannóg Iompair, Bonneagair, Caitheamh Aimsire agus Conláiste
    Fortheach Choláiste Yeats
    Bóthar an Choláiste
    Gaillimh
    Teileafón: 091 536400
    Facs: 091 894357
    Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

    Tabhair breac-chuntas ar d’iarratas, agus tabhair cur síos gairid ar an gcineál comhartha agus ar an láthair ina dteastaíonn uait an chomharthaíocht a chur.

    Barr...

  • Ba mhaith liom Comhartha Damáistithe a thuairisciú

    Tuairiscigh comhartha bóthair damáistithe.

    Barr...

  • Céard iad na teorainneacha luais ar Bhóithre Chathair na Gaillimhe?

    Breathnaigh ar na teorainneacha luais ar bhóithre Chathair na Gaillimhe.

    Barr...

  • Tá ceist agam maidir le Líneáil/Marcálacha Bóthair – cé leis ar cheart dom dul i dteagmháil?

    Áirítear le Marcálacha nó líneáil Bóthair ‘Línte Bána Stop’, ‘Línte Dúbailte Buí’ agus ‘Bánna Páirceála do Dhaoine Faoi Mhíchumas’. Is féidir le Marcálacha Bóthair tréigean tar éis tamaill agus má theastaíonn iarratas a dhéanamh go bpéinteálfaí marcálacha bóthair arís, nó má theastaíonn uait marcáil bóthair a iarradh i do cheantar téigh i dteagmháil leis an Rannán Bóithre mar seo a leanas:

    An Rannán Bóithre
    An Rannóg Iompair, Bonneagair, Caitheamh Aimsire agus Conláiste
    Fortheach Choláiste Yeats
    Bóthar an Choláiste
    Gaillimh

    Teileafón: 091 536400
    Facs: 091 894357

    Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

    Má theastaíonn marcálacha bóthair nua uait, cuir isteach grianghraf den láthair bheartaithe do na marcálacha bóthair agus cur síos mionsonraithe ar na marcálacha bóthair a theastaíonn.

    Barr...

  • Tá ceist agam maidir le Rampaí Moillithe Tráchta – cé leis ar cheart dom dul i dteagmháil?

    Is féidir le timpistí tarlú i gceantair chónaitheacha mar gheall ar ardluas, agus bíonn tionchar ag ardluas ar cháilíocht beatha cónaitheoirí áitiúla agus coisithe, leanaí agus daoine scothaosta.

    Úsáideann moilliú tráchta bearta fisiciúla chun trácht a mhoilliú agus sábháilteacht a fheabhsú d’úsáideoirí bóthair. Áirítear le roinnt de na bearta a chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe i bhfeidhm:

    • Rampaí luais agus cúisíní – chun feithiclí a mhoilliú.
    • Siceáin agus timpealláin.
    • Acomhail mhionathraithe, e.g. chun U-chasadh a chosc, etc.
    • Srianta meáchain, e.g. chun bac a chur ar Fheithiclí Earraí Troma ó shráid.

    Chun beart moillithe tráchta a iarradh i do cheantar, seol sonraí d’iarratais chuig an rannán bóithre i gComhairle Cathrach na Gaillimhe i scríbhinn.
    Cuir an fhaisnéis seo a leanas faoi iamh:

    • D’ainm, seoladh agus uimhir ghutháin theagmhála.
    • Léarscáil den cheantar ar a dtugtar na háiteanna ina moltar na rampaí le fios,
    • Cur síos ar an láthair e.g. taobh amuigh de theach uimhir..., in eastát darb ainm...
    • Grianghraf den tsráid nó den bhóthar (más féidir)

    Seol d’iarratas chuig:

    An Rannán Bóithre,
    Iompar, Bonneagar, Caitheamh Aimsire agus Conláiste,
    Fortheach Choláiste Yeats
    Bóthar an Choláiste
    Gaillimh
    Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

    Déanfar an rannán bóithre measúnú ar an iarratas agus molfaidh sé réiteach.

    Barr...