Glantacháin Bruscair an Phobail

 

Cad atá ann?

I rith na bliana, cabhraíonn grúpaí an phobail, grúpaí gnó, cumainn áitritheoirí, coláistí agus scoileanna lenár gCathair álainn a choinneáil slachtmhar trí pháirt a ghlacadh i nglanacháin an phobail. Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh an rannpháirtíocht chathartha seo agus gabhann sí buíochas leis na hoibrithe deonacha as an méid a thugadar ar ais dá gcuid pobal.

Cuireann Cathair na Gaillimhe líon teoranta na málaí, na lámhainní agus bainteoirí an bhruscair in aghaidh an ghrúpa agus éascaíonn sí na málaí a bhaint gach seachtain ar an gCéadaoin.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Le glanadh suas pobail a réiteach i do cheantar féin, gabh i dteagmháil le Rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí na Comhairle Cathrach ar 091-536400

Cén cineál bruscair is féidir a bhailiú?

Gnáthbhruscar amháin – gan ach na málaí ar leith a chuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar fáil a úsáid haghaidh glantacháin an phobail.

Cén cineál bruscair nach féidir a bhailiú?

-Tabhair faoi deara nach nglacfar le fásra ar nós gearrthacha féir.

-Earraí Toirtiúla, siad sin tochtanna, leapacha, cathaoireacha srl. muna gcuirtear an méid sin in iúl do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe roimh ré agus gur bailíodh na hearraí mar thoradh díreach ar ghlantachán an phobail. Is féidir le cónaitheoirí Chathair na Gaillimhe leas a bhaint as seirbhís bailiú na n-earraí toirtiúla arna oibriú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Téigh i dteagmháil le Seirbhís do Chustaiméirí ag 091 536400 nó customerservice@galwaycity.ie d'fhonn bailiúchán a shocrú.

-Tá liosta praghsanna na n-earraí toirtiúla ar fáil ag: http://www.galwaycity.ie/bulky-goods-collection-2 

- Bruscar Tí, sé sin bia, trealamh leictreach, troscán, dramhaíl tógála is scartála srl.

Cé hiad na Laethanta Bailiúcháin?

Bailíonn foireann bainistíocht an bhruscair de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Bruscar Ginearálta ar an gCéadaoin amháin.

Cá háit ar féidir leat an bruscar a fhágáil le bailiú?

-Ní cheadaítear málaí glantacháin a fhágáil in aice le bosca bruscair poiblí ar chúis ar bith.

-Déan cinnte nach bhfuil sna málaí ach dramhaíl bruscair, mar ní bhaileofar aon mhála glantacháin le dramhaíl ghlas ann.

Glantachán Náisiúnta an Earraigh - cad atá ann?

B’fhéidir gur mhian le do ghrúpa clárú freisin don Fheachtas Náisiúnta Glantachán an Earraigh a bhíonn á reáchtáil ag An Taisce gach mí Aibreán ag www.nationalspringclean.org