Crainn & sceachanna

  • An ndéanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cothabháil ar chrainn agus ar fhálta sceach?

    Déanann Rannán Caitheamh Aimsire agus Conláiste Chomhairle Cathrach na Gaillimhe cothabháil ar gach páirc phoiblí agus spás oscailte laistigh d’eastáit tithíochta, atá glactha faoina gcúram ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Tá siad seo a leanas i measc chothabháil na limistéar sin:

    • Baint an Fhéir
    • Bearradh/Cothabháil Crann
    • Cur Plandaí

    Bearradh/Cothabháil Crann:

    Ní cheadaítear crainn ná fálta sceach a bhearradh sa tréimhse ón 1 Márta go dtí an 31 Lúnasa go hiondúil, mar atá leagtha síos sna hAchtanna Fiadhúlra.

    Barr...
  • An mbaineann Comhairle Cathrach na Gaillimhe an féar i limistéir phoiblí?

    Déanann Rannán Caitheamh Aimsire agus Conláiste Chomhairle Cathrach na Gaillimhe cothabháil ar gach páirc phoiblí agus spás oscailte laistigh d’eastáit tithíochta, atá glactha faoina gcúram ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Baint an Fhéir:

    Tosaítear ag baint an fhéir i mí an Mhárta de ghnáth, ag brath ar an aimsir agus ar fhás.

    Baintear an féar i ngach limistéar ar bhonn uainchlár gach 5-6 seachtaine.

    Barr...