Clár na dToghthóirí

  • An féidir liom vótáil i dtoghcháin / reifrinn in Éirinn?

    D’fhonn vótáil i dtoghchán nó i reifreann in Éirinn, ní mór go mbeifeá cláraithe le vótáil.

    Trí chlárú le vótáil, beidh tú in ann a bheith páirteach i gcinntí maidir le cé a dhéanann ionadaíocht ar do shon ag leibhéal rialtais áitiúil, rialtais náisiúnta agus rialtais Eorpaigh.

    Tá gach údarás áitiúil in Éirinn freagrach as liosta na vótálaithe cláraithe ina gceantar a chur i dtoll a chéile agus a fhoilsiú. Tugtar Clár na dToghthóirí ar an liosta vótálaithe cláraithe.

    Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe clár toghthóirí nua le chéile do Bhuirge Contae na Gaillimhe gach bliain.

    Nuair a ghairtear toghchán nó reifreann in Éirinn úsáideann an Chomhairle Cathrach an Clár seo chun liosta vótálaithe a réiteach do gach ceantar vótála, ar a dtugtar barda chomh maith.

    Braitheann na toghcháin/reifrinn ar féidir leat vótáil iontu ar do shaoránacht.

    Seo a leanas iad:

    • Féadfaidh Saoránaigh na hÉireann vótáil i ngach toghchán agus reifreann
    • Féadfaidh Saoránaigh na Breataine vótáil i dtoghcháin Dála, Eorpacha agus áitiúla
    • Féadfaidh Saoránaigh eile AE vótáil i dtoghcháin Eorpacha agus áitiúla
    • Féadfaidh Saoránaigh eile as tíortha taobh amuigh den AE vótáil i dtoghcháin áitiúla

    Barr...

  • Cén chaoi ar féidir liom seiceáil an bhfuil mé cláraithe le vótáil?

    Foilsítear Dréachtchlár na dToghthóirí an 1 Samhain gach bliain agus tá sé ar fáil lena iniúchadh i rith uaireanta oscailte sna háiteanna seo a leanas:

    • Oifigí Poist
    • Stáisiúin an Gharda Síochána
    • Leabharlanna Poiblí
    • Teach na Cúirte
    • Oifigí na Comhairle i Halla na Cathrach

    Is féidir leat seiceáil ar líne le feiceáil an bhfuil tú ar chlár na dtoghthóirí.

    Tá ainm, seoladh, stáisiún vótála an vótálaí agus catagóir an vóta a shanntar don vótálaí ar Chlár na dToghthóirí a fhoilsítear.

    Tá agat go dtí an 25 Samhain chun an Clár a cheartú nó chun d’ainm a chur ar an gClár. D’fhéadfaí a iarraidh ort cáipéisí cosúil le teastas breithe nó teastas eadóirseachta a thabhairt d’fhonn d’incháilitheacht le vótáil a chruthú.

    Foilsítear Clár na dToghthóirí leasaithe i mí Feabhra na bliana dár gcionn.

    Má tá tú cáilithe le vótáil ach má tá an spriocdháta caillte agat chun d’ainm a áireamh ar an gClár, is féidir leat iarratas a dhéanamh le bheith ar an bhForlíonadh do Chlár na dToghthóirí

    Barr...

  • Ní saoránach Éireannach mé, an féidir liom vótáil?

    Nuair atá tú cláraithe ar an gclár toghthóirí reatha, braitheann na toghcháin/reifrinn ar féidir leat vótáil iontu ar do shaoránacht.

    Seo a leanas iad:

    • Féadfaidh Saoránaigh na hÉireann vótáil i ngach toghchán agus reifreann
    • Féadfaidh Saoránaigh na Breataine vótáil i dtoghcháin Dála, Eorpacha agus áitiúla
    • Féadfaidh Saoránaigh eile AE vótáil i dtoghcháin Eorpacha agus áitiúla
    • Féadfaidh Saoránaigh eile as tíortha taobh amuigh den AE vótáil i dtoghcháin áitiúla

    Tá gach duine ar Chlár na dToghthóirí i dteideal vótáil i dtoghchán áitiúil in Éirinn. Ní féidir le daoine a bhfuil “L” in aice lena n-ainm ar an gClár vótáil ach i dtoghchán áitiúil.

    Barr...

  • Cé leis is féidir clárú le vótáil?

    D’fhonn bheith san áireamh ar Chlár na dToghthóirí:

    • Ní mór go mbeifeá 18 mbliana d’aois ar a laghad ar an lá a thagann an Clár i bhfeidhm (an 15 Feabhra gach bliain)
    • Ní mór go raibh tú i do chónaí de ghnáth sa Stát ar an 1 Meán Fómhair sa bhliain sula dtagann Clár na dToghthóirí i bhfeidhm
    • Ní féidir leat a bheith cláraithe ach le seoladh amháin

    Tá gach cónaitheoir 18 mbliana d’aois agus os a chionn i dteideal a bheith ar an gclár.

    Tá an rogha ag mic léinn atá ina gcónaí i bhfad ó bhaile agus iad freastal ar an gcoláiste a bheith cláraithe ag a seoladh baile nó ag an seoladh atá acu ag an gcoláiste.

    Má tá cúrsa staidéir á dhéanamh agat ar bhonn lánaimseartha ag institiúid oideachais sa Stát agus mar gheall air seo nach mbeidh tú in ann bheith ag do stáisiún vótála tú féin ar an lá vótála, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an Liosta Vótálaithe Poist agus do vóta a chaitheamh tríd an bpost i dtoghcháin agus i reifrinn.

    Má fhágann tú do sheoladh ach má bhíonn sé i gceist agat filleadh ansin laistigh de 18 mhí, is féidir leat leanúint de bheith cláraithe ansin, fad is nach gcláraíonn tú ag aon seoladh eile.

    Más saoránach Éireannach thú atá i do chónaí thar lear ní féidir leat a bheith ar Chlár na dToghthóirí.

    Is é is ciall leis seo nach féidir leat vóta a chaitheamh i dtoghchán ná i reifreann anseo in Éirinn. (Is iad taidhleoirí Éireannacha atá ar dhualgas thar lear [agus a gcéilí] agus baill d’Óglaigh na hÉireann an t-aon eisceacht leis seo; is féidir leo a vóta a chaitheamh tríd an bpost).

    Barr...

  • Cén chaoi ar féidir liom clárú le vótáil?

    Tá gach údarás áitiúil in Éirinn freagrach as liosta na vótálaithe ina gceantar a chur i dtoll a chéile agus a fhoilsiú. Tugtar Clár na dToghthóirí air seo.

    Is féidir le duine ar bith an Clár a iniúchadh lena fheiceáil an bhfuil a (h)ainm air.

    Is féidir an clár a sheiceáil in oifigí poist, i Stáisiúin an Gharda Síochána, i Leabharlanna Poiblí, i dTithe Cúirte nó in Údaráis Áitiúla.

    Is féidir leat seiceáil ar líne le feiceáil an bhfuil tú ar chlár na dtoghthóirí.

    Tá ainm, seoladh, stáisiún vótála agus catagóir an vótálaí ar an gClár foilsithe.

    Mura bhfuil tú ar an gClár ba cheart duit foirm RFA1 – Éileamh ar Cheartú ar Dhréachtchlár na dToghthóirí a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig d’Údarás Áitiúil (Comhairle Cathrach na Gaillimhe) roimh an 25 Samhain.
    Cuirtear Dréachtchlár nua le chéile gach bliain agus foilsítear é ar an 1 Samhain.

    Má tá tú cáilithe le vótáil ach má tá spriocdháta an 25 Samhain caillte agat chun d’ainm a chur ar an gClár, is féidir leat iarratas a dhéanamh le bheith ar an bhForlíonadh do Chlár na dToghthóirí (Foirm RFA2)

    Beidh toghthóirí incháilithe a bhfuil an n-ainmneacha san áireamh san fhorlíonadh i dteideal vótáil ag toghchán nó reifreann i rith shaolré an chláir.

    Íoslódáil an tIarratas RFA2 le bheith san áireamh ar an bhForlíonadh.

    Barr...

  • Tá an spriocdháta le clárú le vótáil caillte agam. An féidir liom clárú fós?

    Má tá tú cáilithe le vótáil ach má tá spriocdháta an 25 Samhain caillte agat chun d’ainm a áireamh ar an gClár do thoghchán atá ag teacht aníos, is féidir leat iarratas a dhéanamh le bheith ar an bhForlíonadh le Clár na dToghthóirí.

    Beidh toghthóirí incháilithe a bhfuil an n-ainmneacha san áireamh san fhorlíonadh i dteideal vótáil ag toghchán nó reifreann i rith shaolré an chláir.

    Íoslódáil an tIarratas RFA2 le bheith san áireamh ar an bhForlíonadh.

    Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig d’údarás áitiúil.

    Má tá iarratas á dhéanamh agat tar éis gair, toghcháin nó reifrinn, tabhair faoi deara gur cheart go sroichfeadh an t-iarratas an Chomhairle Cathrach nó Contae lena mbaineann roimh an ceathrú lá déag (gan Domhnaigh, laethanta saoire poiblí agus Aoine an Chéasta san áireamh) roimh lá an toghcháin d’fhonn a bheith san áireamh ar an bhforlíonadh don toghchán nó reifreann sin. Ní dhéanfar iarratais dheireanacha a phróiseáil go dtí tar éis lá na vótála.

    Barr...

  • Tá mo chuid sonraí athraithe nó mícheart ar Chlár na dToghthóirí. Cén chaoi ar féidir liom iad a nuashonrú?

    Ba cheart duit an Dréachtchlár a sheiceáil idir an 1 agus an 25 Samhain gach bliain lena chinntiú go bhfuil d’ainm agus do shonraí i gceart air.

    Is féidir an Dréachtchlár a sheiceáil:

    • Ar Líne
    • Oifigí Poist
    • Stáisiúin an Gharda Síochána
    • Leabharlanna Poiblí
    • Teach na Cúirte
    • Oifigí na Comhairle i Halla na Cathrach

    Mura bhfuil do shonraí i gceart ba cheart duit foirm RFA1 – Éileamh ar Cheartú ar Dhréachtchlár na dToghthóirí a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig d’údarás áitiúil (Comhairle Cathrach na Gaillimhe).

    Féadfaidh duine ar bith éileamh a dhéanamh ar cheartúchán ar Dhréachtchlár na dToghthóirí le foirm RFA1.

    Ba cheart éilimh ar cheartúcháin ar Dhréachtchlár na dToghthóirí a sheoladh chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an 25 Samhain nó roimhe.

    I gcás ar bith ina n-iarrtar ceartúchán mar gheall ar athrú seolta, ba cheart an seanseoladh agus an seoladh nua a thabhairt.

    Foilsítear liosta éileamh do cheartúcháin ar an dréachtchlár an 30 Samhain.

    Ansin, foilsítear Clár na dToghthóirí deiridh ar an 1 Feabhra agus tagann sé i bhfeidhm an 15 Feabhra gach bliain.

    Barr...

  • Tá an spriocdháta chun mo chuid sonraí ar chlár na dtoghthóirí a nuashonrú caillte agam. An féidir liom iad a nuashonrú roimh an toghchán/reifreann atá ag teacht aníos?

    Má tá tú cáilithe le vótáil ach má tá spriocdháta an 25 Samhain caillte agat chun do chuid sonraí ar an gClár don toghchán/reifreann atá ag teacht aníos a nuashonrú, is féidir leat iarratas a dhéanamh le bheith ar an bhForlíonadh do Chlár na dToghthóirí e.g. má d’athraigh tú do sheoladh.

    Beidh toghthóirí incháilithe a bhfuil a sonraí liostaithe san fhorlíonadh i dteideal vótáil i dtoghchán nó i reifreann i rith shaolré an chláir.

    Íoslódáil an tIarratas RFA3 le bheith san áireamh ar an bhForlíonadh le Clár na dToghthóirí.

  • Tá mé i mo chónaí in ospidéal, i dteach altranais nó in institiúid agus ní féidir liom dul chuig stáisiún vótála le vótáil – an féidir liom vóta a chaitheamh?

    Liosta na Vótálaithe Speisialta – SV1

    Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh le bheith san áireamh ar liosta na vótálaithe speisialta má tá tú i do chónaí in ospidéal, i dteach altranais nó in institiúid dá leithéid agus mura bhfuil tú in ann vótáil tú féin ag stáisiún vótála ar gheall ar thinneas nó míchumas fisiciúil a bheidh ag gabháil duit go fóill fad is a mhairfidh clár na dtoghthóirí i ndáil lena bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.

    Íoslódáil Foirm Iarratais SV1 le bheith ar an Liosta Vótálaithe Speisialta.

    Forlíonadh le Liosta na Vótálaithe Speisialta

    Má tá tú incháilithe do liosta na Vótálaithe Speisialta ach mura bhfuil tú san áireamh air, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh le bheith ar an bhforlíonadh ábhartha leis na liostaí.

    Is é an dáta deiridh i gcomhair iarratais a fháil:

    • dhá lá tar éis lánscor na Dála i gcás olltoghcháin
    • dhá lá tar éis dáta an ordaithe a cheapann lá vótála i gcás corrthoghcháin Dála
    • 22 lá (seachas an Domhnach agus laethanta saoire poiblí) roimh lá na vótála do thoghcháin nó do reifrinn eile

    Íoslódáil an Fhoirm Iarratais leis an bhForlíonadh le Liosta na Vótálaithe Speisialta (Foirm SVS1)

    Barr...

  • Tá mé i mo chónaí sa bhaile ach ní féidir liom dul chuig stáisiún vótála le vótáil mar gheall ar thinneas nó míchumas fisiciúil – an féidir liom vóta a chaitheamh?

    Liosta Vótálaithe Poist – PV1

    Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh le bheith san áireamh ar liosta na vótálaithe poist má tá tú i do chónaí sa bhaile agus mura bhfuil tú in ann vótáil tú féin ag stáisiún vótála ar gheall ar thinneas nó míchumas fisiciúil a bheidh ag gabháil duit go fóill fad is a mhairfidh clár na dtoghthóirí i ndáil lena bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.

    Íoslódáil Foirm Iarratais PV1 le bheith ar an Liosta Vótálaithe Poist agus seol ar ais an fhoirm chomhlánaithe chuig an údarás áitiúil i do cheantar.

    Tabhair faoi deara – Má tá tú cláraithe mar vótálaí poist, ní fhéadfaidh tú vótáil ach tríd an bpost. Ní féidir leat vótáil ag stáisiún vótála.

    Ní mór go mbeadh iarratais le bheith san áireamh ar an Liosta Vótálaithe Poist istigh faoin 25 Samhain ar a dheireanaí.

    Forlíonadh leis an Liosta Vótálaithe Poist (PVS1)

    Má tá tú incháilithe do liosta na Vótálaithe Speisialta(mar gheall ar thinneas nó míchumas fisiciúil) ach má chaill tú an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh le bheith ar an bhforlíonadh ábhartha leis na liostaí.

    Is é an dáta deiridh i gcomhair iarratais a fháil:

    • dhá lá tar éis lánscor na Dála i gcás olltoghcháin
    • dhá lá tar éis dáta an ordaithe a cheapann lá vótála i gcás corrthoghcháin Dála
    • 22 lá (seachas an Domhnach agus laethanta saoire poiblí) roimh lá na vótála do thoghcháin nó do reifrinn eile

    Íoslódáil an Fhoirm Iarratais leis an bhForlíonadh le Liosta na Vótálaithe Poist (Foirm PVS1)

    Barr...

  • Mar gheall ar chúinsí mo chuid oibre, seirbhíse, staidéir nó fostaíochta, ní féidir liom vótáil ag stáisiún vótála. An féidir liom vótáil tríd an bpost?

    Liosta Vótálaithe Poist – PV2

    Is iondúil go mbeidh gá duit vóta a chaitheamh tú féin ag ionad vótála oifigiúil ach d’fhéadfá a bheith incháilithe do vóta poist más duine díobh seo a leanas atá ionat:

    • Taidhleoir Éireannach nó a c(h)éile atá ag obair thar lear
    • Ball den Gharda Síochána
    • Ball lánaimseartha d’Óglaigh na hÉireann.

    D’fhéadfá a bheith incháilithe le vótáil tríd an bpost chomh maith murar féidir leat dul chuig stáisiún vótála ar na cúiseanna seo a leanas:

    • Tinneas nó míchumas fisiciúil
    • Tá tú ag staidéar go lánaimseartha ag institiúid oideachais in Éirinn, atá as baile ó do sheoladh baile ag a bhfuil tú cláraithe
    • Níl tú in ann vótáil ag do stáisiún vótála mar gheall ar do phost
    • Níl tú in ann vótáil ag do stáisiún vótála mar go bhfuil tú sa phríosún mar thoradh ar ordú cúirte.

    Má tá tú cláraithe mar vótálaí poist, ní fhéadfaidh tú vótáil ach tríd an bpost. Ní féidir leat vótáil ag stáisiún vótála.

    Fad is go bhfuil tú cláraithe mar thoghthóir, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh le bheith ar an liosta vótálaithe poist má tá seans ann nach mbeidh tú in ann a bheith ag stáisiún vótála tú féin le haghaidh toghcháin nó reifrinn mar gheall ar chúinsí do phoist, do sheirbhíse nó d’fhostaíochta. D’fhonn é sin a dhéanamh, ní mór duit Iarratas PV2 le bheith ar an Liosta Vótálaithe Poist a chomhlánú agus a sheoladh isteach.

    Mar shampla, má tá tú cláraithe mar thoghthóir agus tú rannpháirteach go lánaimseartha i gcúrsa staidéir oideachais ag institiúid oideachais sa Stát, agus má tá seans ann nach mbeidh tú in ann a bheith ag stáisiún vótála tú féin ar an lá vótála, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh a bheith ar an liosta vótálaithe poist.

    Ní mór go mbeadh iarratais le bheith san áireamh ar an Liosta Vótálaithe Poist istigh faoin 25 Samhain ar a dheireanaí.

    Íoslódáil Foirm Iarratais PV2 le bheith ar an Liosta Vótálaithe Poist.

    Forlíonadh leis an Liosta Vótálaithe Poist (PVS2)

    Má tá tú incháilithe don liosta vótálaithe poist (mar gheall ar phost, sheirbhís, staidéar nó fhostaíocht) ach má chaill tú an spriocdháta le clárú mar vótálaí poist (an 25 Samhain), féadfaidh tú iarratas a dhéanamh le bheith ar an bhforlíonadh ábhartha leis na liostaí trí Fhoirm PVS2 a úsáid.

    Is é an dáta deiridh i gcomhair iarratais a fháil:

    • dhá lá tar éis lánscor na Dála i gcás olltoghcháin
    • dhá lá tar éis dáta an ordaithe a cheapann lá vótála i gcás corrthoghcháin Dála
    • 22 lá (seachas an Domhnach agus laethanta saoire poiblí) roimh lá na vótála do thoghcháin nó do reifrinn eile

    Íoslódáil Foirm PVS2 agus seol ar ais í chuig d’údarás áitiúil de réir na ndátaí a leagadh amach thuas.

    Barr...

  • Céard iad na Dátaí Cláraithe tábhachtacha do Chlár na dToghthóirí?

    Seo a leanas an tréimhse chun an Clár a réiteach agus a fhoilsiú:

    • 1 Feabhra – Foilseachán an Chláir
    • 15 Feabhra – Bíonn an Clár i bhfeidhm ón dáta seo
    • 1 Samhain – Foilseachán an Dréachtchláir
    • 25 Samhain – An dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh le bheith ar an gclár
    • 25 Samhain – An dáta deiridh chun iarratais a fháil le bheith ar an Liosta Vótálaithe Speisialta/Poist
    • 30 Samhain – Foilseachán Liosta na nÉileamh

     

     

     

    Barr...