Comhchoiste Póilíneachta

  • Céard é an Comhchoiste Póilíneachta?

    Is é cuspóir an Chomhchoiste Póilíneachta fóram a chur ar fáil inar féidir cúrsaí a bhfuil tionchar acu ar phóilíneacht i nGaillimh a phlé.

    Comhaltaí d’Fhochoiste Chomhchoiste Póilíneachta an Cheantair Láir

    Áirítear ar Chomhaltaí d’Fhochoiste Chomhchoiste Póilíneachta:

    • Comhairle Cathrach na Gaillimhe
    • Comhaltaí sinsearacha an Gharda Síochána
    • Comhairleoirí
    • Do chomhaltaí tofa d’Oireachtas na hÉireann (Teachtaí Dála agus Seanadóirí)
    • Ionadaithe pobail áitiúla

    Is iondúil go reáchtáiltear cruinnithe ceithre huaire sa bhliain.

    Barr...

  • Céard iad na Treoirlínte leasaithe d’fheidhmiú na gComhchoistí Póilíneachta?

    Ag éirí as an bpróiseas athbhreithnithe agus ag cur bunú na socruithe rialtas áitiúil nua san áireamh, d’fhaomh an tAire treoirlínte leasaithe chun Comhchoistí Póilíneachta a fheidhmiú i mí Lúnasa 2014.

    Cuirtear na treoirlínte seo i láthair i dtrí fhormáid – achoimre ar an leasú a rinneadh ar na treoirlínte roimhe seo (2008), leagan comhdhlúite ina thaispeántar athruithe ó na treoirlínte roimhe seo agus leagan iomlán den téacs leasaithe.

    Breathnaigh ar na Treoirlínte Leasaithe ar www.justice.ie

    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé Cláir Oibre Chruinnithe an Chomhchoiste Póilíneachta?

    Uaslódáiltear cláir oibre ar an suíomh seo faoi:

    Íoslódálacha > Cruinnithe Comhchoistí Póilíneachta

    Barr...