Feithiclí Tréigthe

  • Céard is féidir leis an gComhairle Cathrach a dhéanamh faoi fheithiclí tréigthe?

    Níl cead ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ach feithiclí a bhaint ó mhaoin phoiblí go hiondúil.

    Ní rachaidh an Chomhairle Cathrach isteach ar mhaoin phríobháideach chun feithicil a thógáil, mura bhfuil cás eisceachtúil i gceist.

    Féadfaidh tú scéala a thabhairt do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoi fheithicil thréigthe agus déanfaimid iarracht feithiclí a thógáil taobh istigh de 48 uair an chloig, nuair is féidir.

    Cuir an méid seo a leanas sna sonraí nuair a thabharfaidh tú tuairisc faoin bhfeithicil

    • Láthair beacht na feithicle
    • Deimhnigh an bhfuil plátaí clárúcháin ar an bhfeithicil nó nach bhfuil. Má tá, breac síos agus deimhnigh clárú na feithicle.

    Cliceáil anseo chun tuairisc a thabhairt faoi fheithicil thréigthe.

    Má tá plátaí clárúcháin ar an bhfeithicil, socróidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe go dtógfar an fheithicil chuig an bpóna in Eastát Tionscail an Leasa Bháin.

    Cuirfear an t-úinéir cláraithe ar an eolas agus seolfar litir chuige/chuici ag míniú go gcaithfear an fheithicil i dtraipisí faoi cheann 14 lá.

    Cuirfear fógra sa pháipéar áitiúil seacht lá sula gcaithfear i dtraipisí í. I gcás carranna atá cláraithe ar an gcoigríoch, ní chuirfear an fógra ach sa pháipéar amháin, agus ní sheolfar litir.

    Breathnaigh ar fhaisnéis faoin gcaoi le fáil réidh i gceart le feithiclí a bhfuil a ré caite.

    Barr...

  • Cé dhó a dtabharfaidh mé tuairisc faoi fheithicil dhóite?

    Má tá tú ag iarraidh tuairisc a thabhairt faoi fheithicil dhóite tabhair an fhaisnéis seo a leanas do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    • Láthair beacht na feithicle
    • Deimhnigh an bhfuil plátaí clárúcháin ar an bhfeithicil nó nach bhfuil. Má tá, deimhnigh clárú na feithicle freisin.

    Tabhair scéala faoi fheithicil dhóite. Nó téigh i dteagmháil leis an bhFoireann Seirbhísí do Chustaiméirí ar 091 536595.

    Má tá feithicil dhóite ag blocáil an bhóthair nó má baol ann go bhfuil sí contúirteach, lasmuigh d’uaireanta oibre, téigh i dteagmháil le do thoil le Stáisiún Gardaí Shráid an Mhuilinn : +353 (0)91 538000 nó le Stáisiún Gardaí Bhóthar na Trá: +353 (0)91 521333.

    Barr...