Láithreáin Thréigthe

  • Céard is Láithreán Tréigthe ann?

    Sainítear láithreán tréigthe mar:

    Aon talamh a bhaineann, nó ar dóigh di baint, go feadh méid ábhartha, ó thaitneamhacht, ó shainghné nó ó dhealramh na talún i gcomharsanacht na talún i gceist:

    • Mar gheall ar dhéanmhais atá ina bhfothraigh, tréigthe nó contúirteach a bheith ar an talamh i gceist, nó
    • Mar gheall ar an talamh nó aon déanmhais ar an talamh i gceist a bheith ligthe i bhfaillí, mímhaiseach nó gráiniúil,
    • Mar gheall ar aon bhruscar, truflais, smionagar nó dramhaíl a bheith ann nó a bheith caite nó carntha ar an talamh i gceist, ach amháin i gcás go bhfuil an bruscar, an truflais, an smionagar nó an dramhaíl sin ann, caite nó carntha de dhroim feidhmiú cirt a thugtar le reacht nó leis an dlí coiteann.

    Barr...

  • Céard a dhéanann an Chomhairle maidir le Láithreáin Thréigthe?

    Is é An tAcht um Láithreáin Thréighthe, 1990 arna leasú ná an reachtaíocht faoina ndéanann an Chomhairle Cathrach measúnú agus a chuireann deireadh le dearóiliú sa Chathair.

    Tá dualgas ar gach úinéir agus áitritheoir talún, lena n-áirítear comhlacht reachtúil agus Údarás Stáit, faoin Acht gach céim réasúnach a ghlacadh lena chinntiú nach bhfuil an talamh ina láithreán tréigthe agus nach mbeidh sé amhlaidh amach anseo.

    Déanann comhaltaí foirne i Rannán Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Cigireachtaí ar Láithreáin thréigthe ar bhonn leanúnach, le cúnamh ó Shaoistí Pobail. I ndiaidh gach cigireachta, ullmhaítear tuairisc ina dtugtar cuntas ar na torthaí agus ina dtugtar moltaí chun dul i ngleic leis an dearóiliú. Déantar gach iarracht oibriú le húinéirí réadmhaoine agus dul i ngleic leis na ceisteanna dearóilithe sula ndéantar iontrálacha foirmiúla ar Chlár na Láithreán Tréigthe.

    Barr...

  • Céard a tharlaíonn má mheasann an Chomhairle Cathrach go bhfuil láithreán tréigthe?

    Eiseofar litir thosaigh d’úinéir na réadmhaoine ag cur in iúl gur sainaithníodh an réadmhaoin mar cheann tréigthe nó réadmhaoin a d’fhéadfadh a bheith tréigthe, agus fiafraítear ar an úinéir céard atá i gceist a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an dearóiliú. Tabharfar mí amháin chun freagra i scríbhinn a thabhairt ar an gcéad litir sin.

    Barr...

  • Céard a tharlaíonn mura dtugann an t-úinéir freagra ar an gComhairle Cathrach nuair a sheirbheáiltear fógra tréigthe?

    Mura bhfaightear aon fhreagra ar an gcomhfhreagras, agus má tá an láithreán fós tréigthe, seirbheálfar fógra foirmiúil faoi Alt 8(2) den Acht um Láithreáin Thréigthe ar an úinéir. Seo fógra ina ndearbhaítear go bhfuil sé i gceist an láithreán a chur ar Chlár na Láithreán Tréigthe. Tabharfar tréimhse 1 mhí amháin ionas go mbeifear in ann uiríll a dhéanamh maidir leis an réadmhaoin, sula ndéanfar iontráil.

    Agus aird ar na huiríll ar fad nó ar aon chuid díobh, agus má tá an láithreán fós tréigthe, cuirfear mionsonraí an láithreáin ar Chlár na Láithreán Tréigthe.

    Barr...

  • Céard a tharlaíonn má bhíonn láithreán ar Chlár na Láithreán Tréigthe?

    Is féidir go mbeidh tobhach bliantúil de 7% de luach margaidh na maoine ar shuíomhanna atá cláraithe i gclár na láithreán tréigthe, atá i bhfeidhm ón gcéad lá de mhí Eanáir tar éis luacháil a dhéanamh ar an réadmhaoin.

    D’fhéadfadh na Cúirteanna fíneáil a ghearradh freisin ar úinéirí réadmhaoine má thógann an Chomhairle imeachtaí mura dtugtar aird ar fhógraí chun tabhairt faoi oibreacha a d’fhágfadh nach mbeadh an réadmhaoin tréigthe níos mó.

    Barr...

  • Cé dhó a dtabharfaidh mé tuairisc maidir le Láithreán Tréigthe?

    Cliceáil anseo chun tuairisc a thabhairt faoi láithreán tréigthe.

    Nó, féadfaidh tú dul i dteagmháil le:

    An Rannán Comhshaoil
    Halla na Cathrach
    Bóthar an Choláiste
    Gaillimh

    Uimhir Theagmhála: 091 536400

    Ríomhphost: environment@galwaycity.ie

    Barr...

  • An bhfuil liosta ann de láithreáin atá tréigthe faoi láthair?

           Tá clár na láithreán tréigthe ar fáil lena iniúchadh ag an Deasc Seirbhíse do Chustaiméirí