Feithiclí a Bhfuil a Ré Caite

  • Céard is Feithicil a Bhfuil a Ré Caite ann?

    Is ionann Feithicil a bhfuil a Ré Caite agus seancharr nó seanveain nach bhfuil níos troime ná 3,500kg nó mótarfheithicil trírothach a bhraitear nach bhfuil sábháilte le tiomáint níos mó agus ar mian leat a chur de láimh. D'fhéadfadh sé freisin gur carr nó veain a bheadh i gceist atá díscríofa ag comhlacht árachais mar gheall ar thimpiste.

    Barr...

  • Céard é an dlí maidir le Feithiclí a Bhfuil a Ré Caite?

    Leagtar amach i dTreoir 2000/53/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite na bearta sonracha a bheidh le cur in áit ag Ballstáit i ndáil le bailiú, stóráil, cóireáil, díchóimeáil, hathúsáid agus hathchúrsáil feithiclí a bhfuil a ré caite.

    Rialaítear diúscairt feithiclí a bhfuil a ré caite mar gur féidir baol a bheith ag baint leo don chomhshaol. Tarlaíonn seo den chuid is mó mar gheall ar ábhair ghuaiseacha atá sna feithiclí a bhfuil a ré caite. Áirítear orthu, mar shampla, cadhraí aigéid is luaidhe, sreabháin lena n-áirítear ola bhealaithe, fuarthán, leacht coscán agus tiontairí catalaíoch, agus ní mór iad go léir a chur de láimh go sábháilte chun cosc a chur ar thruailliú comhshaoil.

    Sa bhreis air sin, leagtar amach i Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Feithiclí a bhfuil a Ré Caite) na freagrachtaí sonracha i ndáil le feithiclí a bhfuil a ré caite maidir leo seo a leanas

      • Úinéirí Feithiclí
      • Na hÚdaráis Áitiúla
      • Saoráidí Cóireála Údaraithe
      • Táirgeoirí (i.e. déantasóirí feithiclí agus allmhaireoirí)

    Éilítear ar Úinéirí feithiclí cláraithe ar mian leo feithicil a chur de láimh, an fheithicil a fhágáil ag saoráid cóireála údaraithe chun go ndéanfar í a chóireáil agus a aisghabháil go cuí.

    Chun tuilleadh eolais a fháil ar reachtaíocht maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite, féach air

    http://www.irishstatutebook.ie/eli/2014/si/281/made/en/pdf

    Barr...

  • Cén chaoi a gcuirfidh mé seanfheithicil de láimh?

    Más tusa úinéir cláraithe feithicle agus gur mian leat an fheithicil a chur de láimh, ní mór duit a chinntiú go ndéanfaidh tú an fheithicil a dhiúscairt ag saoráid cóireála údaraithe.

    Níor chóir duit an fheithicil a thabhairt do bhailitheoir ná do shaoráid dramhaíola neamhúdaraithe, mar gur tusa, an t-úinéir cláraithe, atá freagrach as a chinntiú go ndéanfar an fheithicil a chur de láimh mar is cuí.

    Is féidir le húinéirí feithiclí a bhfuil a ré caite i gceantar Chathair na Gaillimhe na feithiclí a bhfuil a ré caite a thabhairt chuig an saoráid cóireála údaraithe seo a leanas lena n-athchúrsáil:

    Ionad Athchúrsála Feithiclí na Gaillimhe Teo.,
    Eastát Tionsclaíochta an Leasa Bháin,
    Bóthar Thuama,
    Gaillimh
    Teil.
    091 755616.

    Ní ghearrtar aon táille as feithicil a bhfuil a ré caite a chur de láimh, sa chás go mbeidh ar do chumas an fheithicil a thabhairt chuig an tsaoráid cóireála údaraithe tú féin. Más mian leat go mbaileofaí d'fheithicil agus í a thabhairt chuig an tsaoráid cóireála údaraithe, d'fhéadfadh táille a bheith i gceist ansin.

    Nuair a bheidh tú ag cur na feithicle de láimh ag saoráid cóireála údaraithe, ba chóir duit an cháipéisíocht chuí go léir i ndáil leis an bhfeithicil a thabhairt leat e.g. deimhniú clárúcháin na feithicle.

    Tá tú i dteideal Deimhniú Scriosta a fháil ach a mbeidh an fheithicil díthruaillithe. Is cruthúnas í an cháipéis sin gur cuireadh an fheithicil de láimh i gceart.

    Barr...

  • Cén fáth a bhfuil an Deimhniú Scriosta tábhachtach?

    Tá sé tábhachtach mar go léiríonn an Deimhniú Scriosta a fhaigheann tú ón saoráid cóireála údaraithe go bhfuil an garáiste ag glacadh freagrachta de réir dlí as an bhfeithicil uaitse ón bpointe sin ar aghaidh.

    Is féidir an Deimhniú Scriosta a úsáid mar chruthúnas gur briseadh an fheithicil nuair a bheifear ag déanamh éilimh ar aon Mhótarcháin a bheadh fágtha uirthi (nuair a bheidh an fhoirm RF 120 - Aisíocaíocht Mhótarchánach á comhlánú agat) féach www.motortax.ie).

    Má ghlacann an tsaoráid cóireála údaraithe le carr uaitse, ní mór duit turasleabhar an chairr (nó Deimhniú Clárúcháin Feithicle) a fhágáil léi. Ina ionad sin ní mór duit foirm den Deimhniú Scriosta a bheidh inléite go soiléir, agus comhlánaithe in iomlán a fháil ón tsaoráid cóireála údaraithe ag a bhfágann tú an carr. Ba chóir gurb é an dáta a chomhlánaítear an Deimhniú Scriosta an dáta ar ar fágadh an fheithicil lena chur de láimh agus ar glacadh léi ag an tsaoráid cóireála údaraithe.

    Níor chóir do shaoráid cóireála údaraithe in aon chás táille a ghearradh ort as glacadh le feithicil a bhfuil a ré caite lena cur de láimh mura bhfuil roinnt páirteanna ar iarraidh cheana féin ón bhfeithicil.

    Barr...

  • Cé hiad na “Táirgeoirí Feithiclí”?

    Is ionann táirgeoir feithicle agus an duine a allmhairíonn feithiclí isteach sa Stát nó a dhéanann feithiclí sa Stát.

    Ní mór do gach Táirgeoir a chuireann feithiclí sonracha ar an margadh sa Stát clárú le gach aon Údarás Áitiúil laistigh den Stát.

    Barr...

  • Cén chaoi a gcláróidh mé mar tháirgeoir (maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite)?

    Téigh i dteagmháil le http://elves.ie/ or elv@galwaycity.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

    Tá dualgais agus oibleagáidí an táirgeora ar liosta i gCuid II de Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Feithiclí a bhfuil a Ré Caite) 2014

    Barr...

  • Céard iad na dualgais atá ar oibreoirí saoráidí cóireála?

    Éilítear ar gach saoráid ina ndéantar Feithiclí a bhfuil a Ré Caite a dhíchóimeáil agus/nó a chóireáil oibriú faoi cheadúnas dramhaíola de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, nó faoi chead saoráide dramhaíola arna eisiúint ag an Údarás Áitiúil. Liostaítear na hoibleagáidí atá ar Saoráidí Cóireála Údaraithe in Airteagal 14. (1) agus Cuid III de Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Feithiclí a bhfuil a Ré Caite) 2014 .

    Íoschóipeáil an fhoirm iarratais don Chead Saoráide Dramhaíola.

    Barr...

  • Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Feithiclí a Bhfuil a Ré Caite?

    Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite a chur de láimh, Saoráidí Cóireála Údaráithe nó oibleagáidí na dTáirgeoirí téigh i dteagmháil le

    An tSeirbhís do Chustaiméirí
    Teil: 091 536400
    Ríomhphost: elv@galwaycity.ie

    Naisc thábhachtacha:

    http://www.dccae.gov.ie/en-ie/environment/topics/waste/producer-responsibility-initiative/Pages/End-of-Life-Vehicles-(ELVs).aspx

    http://elves.ie/

    Barr...