Bainistíocht Eastát

  • Cé atá freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar Eastáit Tithíochta agus ar Mhaoin de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Tá breis is 2100 maoin i gCathair na Gaillimhe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus á mbainistiú aici.

    Nuair a thugann an Chomhairle cóiríocht duit, bíonn tú i do chuid den phobal ina bhfuil cónaí ort. Ar an ábhar sin, molann an Chomhairle duit bheith rannpháirteach go gníomhach i saol an eastáit.

    Is é is príomhchúram don Bhainistíocht Eastát feabhas a chur ar eastáit an údaráis áitiúil ionas gur áiteanna níos deise iad chun cónaí iontu.

    Barr...

  • Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil maidir le ceisteanna faoi m’eastát?

    Tá triúr Oifigeach Idirchaidrimh do Thionóntaí fostaithe ag an gComhairle Cathrach, agus tá a limistéar sainithe féin ag gach duine acu.

    Cuireann na hOifigigh Idirchaidrimh sin réimse leathan seirbhísí ar fáil do thionóntaí:

    • Comhairle do thionóntaí maidir le sonraí iomlána a dtionóntachta
    • Cumainn Cónaitheoirí a fhorbairt
    • Sonraí a sholáthar ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil sa cheantar
    • Cabhrú le fadhbanna a d’fhéadfadh tarlú sna heastáit
    • Iompraíocht fhrithshóisialta

    Má bhíonn ceisteanna agat maidir le Bainistíocht Eastát, is féidir iad a chur ar an Oifigeach Idirchaidrimh do Thionóntaí ábhartha do do cheantar.

    Is iad seo a leanas na hOifigigh Idirchaidrimh do Thionóntaí:

    • Michael Forde
      091 536384
      Oifigeach Sinsearach Idirchaidrimh Eastáit Tithíochta
    • Mark McCrea
      091 536582
      Lár na Cathrach
    • Edward Conlon
      091 536542
      Oirthear na Cathrach
    • Julie Molloy
      091 536586
      Iarthar na Cathrach

    Tá Straitéis Bainistíochta Eastát foilsithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina leagtar amach an chaoi a mbeidh an Rannóg Tithíochta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair chun bainistíocht d’ardchaighdeán ar a tionóntachtaí agus ar a heastáit a chinntiú.

    Íoslódáil an Straitéis Bainistíochta Eastát

    Barr...

  • Tá fadhbanna iompraíochta frithshóisialta i m’eastát. Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil?

    Is féidir eachtraí iompraíochta frithshóisialta a thuairisciú do na hOifigigh Idirchaidrimh do Thionóntaí nó d’aon Oifigeach Tithíochta.

    Is féidir leat freisin an Fhoirm Ghearáin um Iompar Frithshóisialta (thíos) a Íoslódáil agus a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe, An Roinn Tithíochta.

    Caitear go rúnda le gach eachtra a thuairiscítear agus déantar iad a iniúchadh ar bhealach cóir, neamhchlaonta agus oibiachtúil.

    Is é atá i gceist le hiompraíocht fhrithshóisialta:

    Drugaí rialaithe a mhonarú, a tháirgeadh, a ullmhú, a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol, a sholáthar, a shealbhú lena ndíol nó lena soláthar nó lena ndáileadh
    (de réir bhrí na nAchtanna um Mí-Úsáid Drugaí 1977 agus 1984)

    Aon iompraíocht gurb í is cúis le go ndéanfaí duine ar bith a mhaireann, a oibríonn nó atá seachas sin go dleathach i dteach nó i gcomharsanacht tí a chuir an tÚdarás Tithíochta ar fáil faoi Achtanna na dTithe 1966 go 1997 nó in eastát tithíochta nó láithreán ina bhfuil an teach suite a chur i gcontúirt shuntasach nó mharthanach, díobháil nó damáiste a dhéanamh dó, caillteanas a bheith aige nó eagla a chur air, agus gan dochar don mhéid sin roimhe seo áirítear leis foréigean, bagairtí, imeaglú, comhéigean, ciapadh a dhéanamh nó aon ró-bhacainn a chur roimh dhuine ar bith.

    Íoslódáil cóip de Bheartas Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i leith Iompraíocht Fhrithshóisialta. Íoslódáil cóip d’Fhoirm Ghearáin um Iompar Frithshóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

    Barr...