Eitic agus Dearbhú Leasa

  • An bhfuil aon reachtaíocht ann a rialaíonn eitic agus iompar chomhaltaí na n-údarás áitiúil?

    I mí Eanáir 2003 tháinig creat nua eitice i bhfeidhm a rialaíonn eitic agus cóid iompair chomhaltaí na n-údarás áitiúil.

    Mar riail ghinearálta, foráiltear sa chreat sin go bhfuil sé de dhualgas ar gach comhalta agus fostaí údaráis áitiúil caighdeáin chearta ionracais agus iompair a choinneáil agus suim a bheith acu i leas an phobail. Ina theannta sin, leagadh síos do gach comhalta córas dearbhaithe leasa bliantúil, nochtadh leasa in ábhar, a thagann os comhair an údaráis, agus clár leasa poiblí.

    Leagtar amach na leasanna is gá a dhearbhú go bliantúil in Alt 175 de Leabhar Reachtanna na hÉireann den Acht Rialtais Áitiúil, 2001 agus rialacháin gaolmhara.

    Mar threoir ghinearálta, áirítear leo sealúchais talún nó maoine eile, scairshealbha, stiúrthóireachtaí, conarthaí le húdarás áitiúil. Ní mór do gach comhalta foirm a líonadh isteach agus a chur ar ais gach bliain ag tabhairt cuntais ar a c(h)uid leasanna féin.

    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé Dearbhú Leasa na gcomhairleoirí?

    Breathnaigh ar Fhoirmeacha Eitice Comhlánaithe do Chomhairleoirí

    Barr...

  • An bhfuil Cód Iompair ann le haghaidh Comhairleoirí?

    Tá an Cód Iompair le haghaidh Comhairleoirí ar fáil ón suíomh gréasáin www.environ.ie.

    Breathnaigh ar an gCód Iompair le haghaidh Comhairleoirí

    Barr...