Rátaí Tráchtála

  • Céard is Rátaí Tráchtála ann?

    Cáin mhaoine ar áitreabh tráchtála atá i Rátaí Tráchtála go bunúsach. B’ionann rátaí tráchtála agus thart ar 37% d’ioncam Chomhairle Cathrach na Gaillimhe in 2022. Ní muirear iad ar sheirbhís ar leith. Úsáidtear an t-ioncam ó na rátaí chun réimse leathan seirbhísí ginearálta a sholáthar sa Chathair. Is é atá i rátaí an ranníocaíocht airgeadais a íocann úinéirí agus áititheoirí gnó chun cur le cothabháil agus le cáilíocht na beatha sa phobal áitiúil. Úsáidtear an t-ioncam a fhaightear ó rátaí i réimse leathan seirbhísí mar seo a leanas:

    • Soilsiú Poiblí
    • Glanadh Sráideanna
    • Cothabháil ar Bhóithre agus ar Chosáin
    • An tSeirbhís Dóiteáin
    • Páirceanna agus Spásanna Oscailte
    • Cosaint an Chomhshaoil
    • Leabharlanna
    • Oidhreacht, Turasóireacht, Áiseanna Poiblí, agus na hEalaíona
    • Tacaíocht agus Tionscnaimh Phobail

 

  • NUACHTLITIR RATAÍ TRACHTALA CHATHAIR NA GAILLIMHE 2021

   Féach an nasc thíos le treoir ar an gcaoi a ríomhtar rátaí agus ar an gcaoi a gcaitear iad chun leasa na cathrach
       

   Nuachtlitir Rataí Trachtala Chathair Na Gaillimhe 2021

 

  • Cé atá faoi dhliteanas Rátaí Tráchtála a íoc?

    Is é an duine atá ag áitiú na maoine nuair a leagtar amach an ráta don bhliain atá faoi dhliteanas Rátaí Tráchtála a íoc.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéantar Rátaí Tráchtála a ríomh?

    Ríomhtar na rátaí tríd an Ráta Bliantúil ar an Luacháil, mar atá leagtha amach ag an gComhairle Cathrach, a iolrú faoin luacháil ar do mhaoin, mar a chinneann an Coimisinéir Luachála. Is féidir do Rátaí Tráchtála a ríomh trí thagairt don sampla seo thíos:

    Is é €67.4009 an Ráta Bliantúil ar an Luacháil do 2022

     Bille Rátaí 2022 a Ríomh

    Luacháil

     

    Ráta Bliantúil ar an Luacháil

       

    Tá €50

    faoi

    €67.4009

    cothrom le

    €3,370.05

    Barr...

  • Cé leis ar féidir liom teagmháil a dhéanamh maidir le mo Bhille Rátaí Tráchtála?

    Déan teagmháil le Rátaí Tráchtála trí ríomhphost a sheoladh nó glaoch a dhéanamh maidir le d’Éileamh Rátaí reatha:

    Limistéir na Gaillimhe a bhaineann le gach Bailitheoir Rátaí

    Tina Booth Claire Brogan Mairead Curran
    • Bearna
    • Páirc na Sceach
    • An Daingean
    • Cnoc na Cathrach
    • An Caisleán Nua
    • Oileán Altanach
    • Rathún
    • Carraig Bhartúin
    • Bóthar na Trá
    • Seantalamh
    • An Bóthar Ard
    • An Caisleán Gearr
    • An Cladach
    • Bóthar Áth Cinn
    • Lios Bán / Cill Choirín
    • Mionlach
    • Bóthar Sheáin Uí Mhaoilbhuaidh
    • Tír Oileáin
    • Bóthar Thuama (taobh Lios Bán)
    • Barr an Chalaidh
    • An Baile Bán
    • Baile an Bhriotaigh
    • Cnoc Mhaoil Drise
    • Dabhach Uisce
    • Loch an tSáile
    • Páirc Mhuirlinne
    • Mervue
    • Muirbheach
    • An Rinn Mhór
    • Ros Cam
    • Bóthar Thuama (taobh Rocca Tiles)
    • Páirc an Tobair

    Lár na Cathrach

    Tina Booth Claire Brogan Mairead Curran
    • Sráid na Súdairí
    • Lána an Phinniúir
    • Sráid an Droichid
    • Bóithrín na Bláthaí
    • Sráid an Chaisleáin
    • Cúirt Uí Choirbín
    • Lána Theach na Cúirte
    • An tSráid Trasna Íochtarach
    • An tSráid Trasna Uachtarach
    • Sráid Dhoiminic (ar dheis ó Mhuilte an Droichid)
    • An Fhaiche Mhór (trí thaobh seachas taobh Hibernian House)
    • Ionad na Faiche Móire
    • Margadh an Éisc
    • Sráid Thobar an Iarla
    • Sráid Chnoc an Sconsa
    • An tSráid Ard
    • Lána na gCiarabhánach
    • Sráid an Phríomhgharda (taobh na láimhe clé ag dul síos)
    • Bóthar na gCeannaithe
    • An tSráid Láir
    • Sráid na nDuganna Nua
    • Sráid na Céibhe
    • Sráid San Aibhistín
    • Ascaill Phádraig
    • Sráid na Siopaí (taobh na láimhe clé ag dul síos)
    • Paráid na Spáinneach
    • An Balla Fada
    • Plás Victoria
    • An Halla Bán
    • Sráid Liam (taobh na láimhe clé ag dul síos)
    • Sráid Liam Thiar (taobh Róisín Dubh)
    • Sráid an Gheata Bhig
    • Lána na Mainistreach
    • An Bóthar Mór (corruimhreacha)
    • Bóthar Shandair
    • Bóthar na Cille
    • Lána an Teampaill
    • Ardán Uí Chuaig
    • Sráid Dhoiminic (ar chlé ó Mhuilte an Droichid)
    • Sráid Eglinton
    • An Fhaiche Mhór (taobh Hibernian House)
    • Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe
    • Bóthar Áth Cinn
    • Sráid na Lombardach
    • Sráid an Phríomhgharda (taobh na láimhe deise ag dul síos)
    • Sráid an Mhargaidh
    • Sráid Mhuire
    • Ardán Michael Walsh
    • Baile Nua Mhic Ghabhann
    • Cnoc na Radharc (corruimhreacha)
    • Ascaill Rós Mhuire
    • Sráid San Proinsias
    • Ascaill Naomh Uinseann
    • Sráid na Siopaí (taobh na láimhe deise ag dul síos)
    • Bóithrín an Uisce
    • Sráid Liam (taobh na láimhe deise ag dul síos)
    • Sráid Liam Thiar (taobh Monroe’s)
    • Barr an Chalaidh
    • An Bóthar Mór (ré-uimhreacha)
    • Bóthar an Choláiste
    • Sráid Forster
    • Lána Bhailtín an Fhrancaigh
    • Cnoc na Radharc (ré-uimhreacha)

    Barr...

  • Cén chaoi a n-íocaim mo Rátaí Tráchtála?

    Is féidir Rátaí Tráchtála a íoc mar seo a leanas:

    • Dochar díreach - Is féidir íoc le dochar díreach. Comhlánaigh Foirm an Dochair Dhírigh. Baintear an íocaíocht ón gcuntas bainc atá ainmnithe agat ar an 16ú lá de gach mí.
    • Ríomhaistriú Airgid - Bain úsáid as na sonraí bainc seo a leanas le haghaidh íocaíochtaí. Ba cheart an Uimhir Chuntais do Rátaí Tráchtála a úsáid mar thagairt.

       

      Banc:

      Banc na hÉireann, An Fhaiche Mhór, Gaillimh

      Ainm an Chuntais:

      Comhairle Cathrach na Gaillimhe

      Uimhir an Chuntais:

      12911047

      Cód Sórtála:

      90-38-16

      IBAN:

      IE22 BOFI 9038 1612 9110 47

      BIC:

      BOFIIE2D

    • Cárta Creidmheasa, Léasair, nó Airgead Tirim -  Cuir glaoch ar Rátaí Tráchtála le do thoil ag 091 536400.

    Barr...

  • Céard é an Ráta Bliantúil ar an Luacháil agus cén chaoi a ndéantar é a ríomh?

    Tar éis machnamh a dhéanamh ar an mBuiséad Bliantúil gach bliain, déanann na Comhairleoirí Cathrach an Ráta Bliantúil ar an Luacháil a chinneadh don bhliain dár gcionn. Is é atá sa Ráta Bliantúil ar an Luacháil an toradh a fhaightear nuair a dhéantar an t-easnamh iomlán ar ioncam na Comhairle a roinnt ar iomlán carnach na luachálacha ar fad ar áitribh inrátaithe na cathrach.
    Déantar an t-easnamh idir an costas atá ar sholáthar na seirbhísí ar fad agus an t-ioncam ó mhaoiniú ón Rialtas a chúiteamh trí Rátaí a bhailiú. Tagann méadú ar an Ráta Bliantúil ar an Luacháil de réir ráta bliantúil an bhoilscithe go hiondúil. Is é €67.4009 an Ráta Bliantúil ar an Luacháil do 2022

    Luachálacha Inrátaithe

    Tá luacháil inrátaithe ag baint le gach maoin sheasta, ach ní bhíonn rátaí le híoc ach ar mhaoin tráchtála/tionsclaíochta. Is é an Coimisinéir Luachála seachas an tÚdarás Áitiúil a chinneann na luachálacha inrátaithe. Úsáideann an tÚdarás Áitiúil an luacháil inrátaithe chun na rátaí tráchtála atá le híoc ag gach íocóir rátaí a chinneadh.

    Tháinig an tAcht Luachála, 2001, i bhfeidhm an 2 Bealtaine 2002, agus is é atá ina bhonn leis an gcóras rátála reatha.
    Déantar an Liosta Luachála a bhí i bhfeidhm an 2 Bealtaine 2002 a chothabháil trí thagairt do luachanna maoine inchomparáide sa limistéar luachála céanna a bhí ar an liosta ar an dáta sin. Tugtar "ton an Liosta" a chothabháil trí leasú leanúnach air sin. Ríomhadh na luachálacha sin a bhí i bhfeidhm cheana ar bhonn an Ghlanluacha Bhliantúil a bhí orthu (an cíos bliantúil lúide costas an deisiúcháin, an árachais agus na cothabhála) mar a bhí i mí na Samhna 1988.

    Is ann d’aicmí éagsúla maoine faoin Acht Luachála, 2001 i.e.

    • Maoin Ábhartha Inrátaithe - (Maoin inrátaithe ar an liosta). Déantar gach maoin inrátaithe a mhiondealú i sceideal a trí. Is é atá i gceist na cineálacha maoine a bheidh i gcroílár an liosta inrátaithe agus is orthu sin a bhunófar an bonn luachála do chruinnithe buiséid an údaráis áitiúil.
    • Maoin Ábhartha nach bhfuil Inrátaithe - (Maoin ar an liosta nach bhfuil inrátaithe). Tagraíonn sé seo d’fhoirgnimh nó do thalamh atá á áitiú ag an Stát, mar shampla Óglaigh na hÉireann nó an Garda Síochána.
    • Maoin Ábhartha nach bhfuil Inrátaithe - (Maoin nach bhfuil ar an liosta). Tagraíonn sé seo do thalamh talmhaíochta, d’fhoirgnimh feirme agus do thithe cónaithe go bunúsach.
    • Maoin Ábhartha nach bhfuil Inrátaithe - (Maoin dhíolmhaithe nach bhfuil ar an liosta). Déantar miondealú ar Mhaoin Dhíolmhaithe nach bhfuil ar an Liosta in Alt 7 go hAlt 19 de Sceideal 4.

    Chun tuilleadh eolais a fháil faoi luachálacha, téigh i dteagmháil leis an Oifig Luachála ag valuationservices@valoff.ie, glaoigh ar 01 8171000 nó breathnaigh ar an suíomh gréasáin ag www.valoff.ie

    Barr...

  • An féidir mo Luacháil a leasú?

    Is iad na hÚdaráis Áitiúla a thionscnaítear iarratais ar leasú go hiondúil, ach is féidir le haon úinéir nó áititheoir maoine inrátaithe iarratas ar leasú a dhéanamh go díreach leis an Oifig Luachála ar an gcoinníoll gur tháinig athrú ábhartha ar na himthosca ar an maoin óna luacháil deiridh. Go hachoimre, ciallaíonn athrú ábhartha ar na himthosca mionathrú fisiceach nó tógáil nua, scartáil go hiomlán nó i bpáirt, nó maoin ábhartha a fhoroinnt nó a chomhdhlúthú. Meastar freisin gur athrú ábhartha ar na himthosca atá in athrú ar an stádas Luachála (e.g. ó stádas cónaithe go stádas tráchtála nó a mhalairt).

    Íoslódáil Iarratas chuig an gCoimisinéir Luachála ar Leasú Luachála tar éis “athrú ábhartha ar na himthosca” (Foirm R1)

    Go ginearálta, déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe maoin nua a chur ar an liosta go huathoibríoch lena luacháil, mar aon le maoin ar a ndearnadh athruithe móra. Is féidir le haon duine ag a bhfuil leas i maoin lena mbaineann an tAcht Luachála, 2001, ach an táille chuí a íoc, iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Luachála ar leasú luachála.

    Barr...

  • Cén chaoi a ngabhfaidh mé i dteagmháil leis an Oifig Luachála?

    Sonraí teagmhála ginearálta:

    Bloc 2, Ionad Irish Life, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1
    Teil: +353 (0)1 817 1000
    Facs: +353 (0)1 817 1180
    Ríomhphost: info@valoff.ie

    Uaireanta Oscailte Poiblí na hOifige: Luan go hAoine, seachas laethanta saoire poiblí: 9.15am go 4.30pm

    http://www.valoff.ie/contact.html

    Barr...

  • Céard a dhéantar le Rátaí nuair atá an mhaoin á díol nó á fágáil agam?

    Faoi Alt 32 den Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014, ní mór d’úinéir fógra a thabhairt don údarás áitiúil má thagann athrú ar an duine atá faoi dhliteanas rátaí a íoc sa ghnáthchúrsa ina m(h)aoin, i.e. i gcás athrú úinéireachta nó athrú tionóntachta nó má fhágann tionónta agus nach dtagann duine eile ina (h)áit láithreach. Má tá an mhaoin á díol ag an úinéir, is air/uirthi siúd atá an dualgas na rátaí ar fad a bhfuil sé/sí faoi dhliteanas ina dtaobh ar dháta aistrithe na maoine a íoc.

    Gnáthchleachtas a dhéantar ar dhíol nó ar aistriú maoine is ea cuntas cionranna a dhéanamh idir na páirtithe atá i gceist faoina n-íocann gach páirtí an chuid sin de na rátaí a bhaineann lena t(h)réimhse áitithe féin. Mar sin féin, is socrú iomlán príobháideach é sin agus ní dhéanann sé aon difear don dliteanas a fhad is a bhaineann sé leis an Údarás Áitiúil. Mura n-íoctar na rátaí atá dlite ar dhíol na maoine, is féidir an dlí a chur ar cheachtar páirtí nó ar an dá pháirtí i leith neamhíoc aon choda de na rátaí.

    Barr...

  • Céard a tharlaíonn mura n-íocaim na Rátaí?

    Má theipeann ort na Rátaí a íoc faoin tréimhse shonraithe, cuirfear tú le himeachtaí dlí agus eiseofar Toghairm Chúirte/Imeachtaí Sibhialta ina dhiaidh sin. Is féidir leis an gComhairle Cathrach an fiachas a chlárú freisin mar mhorgáiste breithiúnais ar an maoin.

    Barr...

  • An bhfuil Rátaí iníoctha ar mhaoin fholamh?

    Tá. Ó mhí Eanáir 2022 ar aghaidh, beidh tiarnaí talún faoi dhliteanas 63.5% de na rátaí tráchtála iomlána atá dlite maidir lena n-áitribh thráchtála fholmha, más féidir a léiriú go bhfuil an mhaoin folamh ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

    • Ní féidir leis an tiarna talún teacht i ndáiríre ar thionónta oiriúnach ar chíos réasúnta
    • Tá obair dheisiúcháin/mionathruithe ar siúl
    • Tá an mhaoin folamh de bharr scartála nó athfhorbartha.

     

    Ní mór na rátaí a íoc ina n‑iomláine don tréimhse i gceist agus, má tá suim dlite do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag an iarratasóir faoi aon achtú, ag an bpointe ag a bhfuil an t-aisíoc le híoc, tá de chumhacht ag an Údarás Áitiúil an t-airgead ón aisíoc a sheach-chur in aghaidh an fhiachais sin. (Déantar é sin de réir Alt 7 den Acht Rialtais Áitiúil [Forálacha Airgeadais] [Uimh. 2], 1983.)

    Bíonn rátaí tráchtála iomlána dlite i gcás maoin tráchtála fholamh mura seoltar isteach foirm iarratais chomhlánaithe ar laghdú 40%. Mura n-íoctar rátaí, beidh ar chumas na Comhairle Cathrach dul i muinín caingean dlí.

  • Iarratas ar Aisíoc Rátaí Tarscaoileadh 36.5% de na Rátaí ar Áitribh Fholmhas 2022

 

 

        Iarratas ar Aisíoc Rátaí Tarscaoileadh 40% de na Rátaí ar Áitribh Fholmha (2018 & 2019)

  • Barr...

  • Tá mé díreach tar éis gnólacht a chur ar bun. Cé na rátaí a íocfaidh mé?

    Braitheann sé ar cibé acu an maoin nuathógtha nó an maoin atá rátaithe cheana féin atá i gceist.

    Is gá don Oifig Luachála áitribh nuathógtha a luacháil sula mbeidh na rátaí dlite. Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe áitribh nuathógtha ar an liosta lena luacháil. Mar chuid den luacháil, déanfaidh duine dá Luachálaithe cáilithe cigireacht ar an áitreabh, agus tabharfar fógra duit maidir leis an luacháil mholta ina dhiaidh sin. Tá nós imeachta achomhairc i bhfeidhm má theastaíonn a leithéid uait.

    Má tá tú ag dul isteach i maoin atá rátaithe cheana féin, beidh tú faoi dhliteanas na rátaí reatha a bhaineann leis an áitreabh cheana féin. Beidh athluacháil i gceist le hathruithe móra. Má bhíonn faisnéis uait ar leibhéal na rátaí a bhaineann leis an áitreabh sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le ceann de na daoine thuasluaite.

    Má tá gnólacht nua á oscailt agat, molaimid duit teagmháil a dhéanamh le Rannóg na Rátaí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe chun na rátaí don áitreabh a phlé.

    Barr...

  • Tá deireadh curtha le mo ghnólacht agam. An bhfuil Rátaí iníoctha ar an maoin go fóill?

    Tá. Tá rátaí iníoctha ar gach maoin luacháilte tráchtála/tionsclaíochta. Mar sin féin, má bhíonn maoin dá leithéid folamh, bíonn an t-úinéir faoi dhliteanas 60% de na Rátaí Tráchtála atá dlite don tréimhse fholamh, ar an gcoinníoll gur féidir ceann de na nithe seo a leanas a léiriú:

    • (1) bhí an mhaoin ar fáil le ligean nó,
    • (2) bhí oibreacha athraithe, athchóirithe nó deisiúcháin ar siúl sa mhaoin,
    • (3) bhí an mhaoin folamh de bharr scartála nó athfhorbartha.

    Bíonn rátaí tráchtála iomlána dlite i gcás maoin fholamh mura seoltar isteach foirm iarratais chomhlánaithe ar laghdú 40%.

    Foirm Iarratais ar Aisíocaíocht Rátaí

    Barr...

  • Tá áitreabh ar léas agam, cé a íocann na Rátaí? An t-úinéir nó mé féin?

    Is é áititheoir an áitribh atá faoi dhliteanas dlíthiúil na rátaí ar an maoin a íoc.

    Barr...

  • Cén uair a bhíonn na Rátaí Tráchtála dlite?

    Bíonn rátaí iníoctha ina dhá gcuid gach bliain. Bíonn an chéad íocaíocht iníoctha nuair a eisítear an Bille Rátaí bliantúil, rud a dhéantar i mí Feabhra nó i mí an Mhárta go hiondúil.

    Bíonn an dara híocaíocht (an íocaíocht deiridh) dlite an 1 Iúil. Más mian leat roghanna eile íocaíochta amhail dochar díreach, déan teagmháil leis an mBailitheoir Rátaí le haghaidh do cheantair.

    Barr...

  • Tá deacracht agam an Bille Rátaí a íoc – céard ba cheart dom a dhéanamh?

    Déan teagmháil leis an mBailitheoir Rátaí chomh luath agus is féidir chun do chás a phlé go discréideach.

    Barr...

  • Céard a tharlaíonn má athraítear an t-áititheoir le linn na bliana?

    Tá dualgas anois ar úinéirí maoin tráchtála athrú ar an áitiú maoine a chur in iúl don Údarás Áitiúil laistigh de 14 lá den dáta aistrithe i.e. i gcás athrú ar an tionóntacht nó má tá maoin á díol, maoin a éiríonn folamh san áireamh. Tá dualgas dlíthiúil ar an duine a dhéanann an mhaoin a aistriú, cibé acu an t-úinéir nó an t-áititheoir, na rátaí tráchtála ar fad a bhfuil sé/sí faoi dhliteanas ina leith ar dháta an aistrithe a íoc.

    Barr...

  • Tá mé chun áitreabh a ghabháil – céard ba cheart dom a dhéanamh maidir leis na Rátaí?

    Tá sé an-tábhachtach go seiceálfá le Rannán na Rátaí go bhfuil na rátaí ar fad íoctha go dáta; an dliteanas rátaí ar an áitreabh a fháil amach, mar aon leis na modhanna íocaíochta atá ar fáil chun na rátaí sin a íoc.

    Barr...

 

 

 

 

Athluacháil Rátaí Tráchtála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe curtha ar athló go dtí 2023

  • Mar gheall ar COVID-19, d’aontaigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta  leis an gCoimisinéir Luachála go gcuirfeadh an Coimisinéir athluacháil na réadmhaoine inrátáilte ar athló le haghaidh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go dtí 2022:

    Cuirfear athluachálacha nua a eascraíonn as athluacháil na n-údarás áitiúil sin i gcrích i mí Mheán Fómhair 2023 agus beidh siad i bhfeidhm le haghaidh na rátaí ó 2024 ar aghaidh.

    Is cuid de chlár náisiúnta leanúnach í an athluacháil lena chinntiú go nuashonraítear na luachálacha inrátáilte ar gach réadmhaoin tráchtála agus thionsclaíoch in Éirinn go rialta chun coibhneasacht a choinneáil idir íocóirí rátaí aonair sa cheantar údaráis áitiúil céanna. Is é cuspóir na hathluachála trédhearcacht mhéadaithe agus cothroime a chur ar fáil i gcóras rátála an údaráis áitiúil.

  • Tuilleadh eolais:

          Fón: 01 817 1033 nó Íosghlao 1800 531 431

          Ríomhphost: reval2023@valoff.ie

          Tá na línte gutháin ar oscailt ó 9am - 1pm agus 2pm - 5pm Luan go hAoine (seachas laethanta saoire poiblí)

 

  • Preasráiteas ón Oifig Luachála
  • https://www.valoff.ie/en/about-us/frequently-asked-questions/revaluation-faqs/
  •  Barr...

  • Céard é an Scéim Dreasachta Íocaíochtaí Rátaí na nGnóthaí Beaga?

    In 2017, thug an Chomhairle Cathrach Scéim Dreasachta Íocaíochtaí Rátaí isteach, agus cuireadh síneadh lena critéir ina dhiaidh sin le rannpháirtíocht mhaith ó íocóirí rátaí sa scéim seo. Tháinig sochair na scéime chun buaice, go háirithe i gcomhthéacs na linne seo agus na ndeacrachtaí trádála leanúnacha d’íocóirí rátaí, agus cinneadh gan leanúint leis an scéim in 2022.