Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí

  • An féidir liom faisnéis a fhoilsíonn an earnáil phoiblí a athúsáid?

    Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí

    Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi réir na Rialachán um Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí 2005 (I.R. Uimh. 279 de 2005).
    Is féidir faisnéis bhreise a fháil maidir le hathúsáid fhaisnéis na hearnála poiblí ar www.psi.gov.ie/

    Barr...

  • Ráitis Beartais

    Níl aon dualgas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faisnéis na hearnála poiblí a eisiúint. Déanfar breith ar aon iarratas a dhéanfar leis an gComhairle Cathrach chun faisnéis agus/nó cáipéisí a eisiúint le hathúsáid ar a thuillteanais. Má eisíonn an Chomhairle faisnéis, beidh a hathúsáid faoi réir théarmaí agus choinníollacha an cheadúnais is deireanaí d’Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí atá ar fáil ar www.psi.gov.ie agus aon téarmaí agus choinníollacha eile a mheasann an Comhairle a bheith cuí.

    Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo a athúsáid saor in aisce in aon formáid. Tá athúsáid faoi réir an cheadúnais is deireanaí d’Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí atá ar fáil ar www.psi.gov.ie

    Barr...

  • Cóipcheart

    Tá an fhaisnéis ar fad ar shuíomh gréasáin na Comhairle faoi chóipcheart ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe mura luaitear a mhalairt. Má thugann tú an fhaisnéis do dhaoine eile, ba cheart aitheantas a thabhairt don fhoinse (URL san áireamh) agus don stádas cóipchirt. I gcás faisnéis ar bith ar an suíomh seo, a d’fhéadfadh a bheith faoi úinéireacht tríú páirtí, is gá cead a fháil chun an fhaisnéis sin a athúsáid ón tríú páirtí lena mbaineann.

    Barr...

  • Séanadh

    Níl Comhairle Cathrach na Gaillimhe dliteanach as aon chaillteanas ná dliteanas a bhaineann le hathúsáid faisnéise. Bíodh is go ndéantar gach cúram agus an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin á cur le chéile, ní ghlacann an Chomhair Cathrach aon fhreagracht ná ní ghlactar aon fhreagracht ar a son as aon earráidí, easnaimh ná ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo ná ar aon suíomh a bhfuil nasc ag na leathanaigh leis. Ní údaraíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe aon úsáideoir le cearta eisiacha a bheith acu chun a faisnéis a athúsáid.

    Ní chothaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe go leor de na suíomhanna a chuirtear ar fáil mar naisc agus mar sin ní ghlacann sí aon fhreagracht as an ábhar; ná ní hionann na naisc sin agus aon tacú le haon suíomh eile, lena urra ná lena ábhar.

    Barr...

  • Iarratais ar Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí

    Féadfaidh duine aonair nó aonán dlí iarratas a dhéanamh i bhfoirm inléite le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun cáipéisí a eisiúint le hathúsáid. Ní mór a lua go soiléir go bhfuil iarratas á dhéanamh chun críche an fhaisnéis a athúsáid.

    Ba cheart iarratais a sheoladh chuig:


    An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Halla na Cathrach,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh.

    Ríomhphost: foi@galwaycity.ie

    Liostaítear na haicmí faisnéise a choinníonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe i Lámhleabhar Alt 15 um Shaoráil Faisnéis na Comhairle.

    Ní chuirfear cáipéisí ar fáil ach i bhformáid nó i dteanga ina bhfuil siad ar fáil cheana.

    Barr...

  • Táillí

    Léireoidh costais i ndáil le faisnéis na hearnála poiblí nach bhfuil ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle an costas a thabhaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun an fhaisnéis a iarradh a bhailiú, a sholáthar, a atáirgeadh agus a scaipeadh.

    Cuirfidh an Chomhairle an t-iarrthóir ar an eolas maidir le haon táillí a ghearrfar sula bpróiseálfar an t-iarratas. Is gá an táille aontaithe a íoc sula n-eiseofar an fhaisnéis

    Barr...

  • Teorainneacha

    Ní fholaíonn na Rialachán d’eisiúint cáipéisí a d’fhéadfaí a eisiamh ó rochtain faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéis 1997 agus 2003.

    Níl tionchar ag na Rialacháin ar aon cheart ná ar aon fheidhm faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.

    Ní cheadaíonn na Rialacháin seo d’eisiúint faisnéise ar bhealach atá coiscthe ag an dlí nó óna dteastaíonn faisnéis a eisiúint a bhfuil pribhléid dlí aici.

    Barr...