Coistí Beartais Straitéisigh

  • Céard is Coiste Beartais Straitéisigh ann?

    Ba ghné lárnach d’Athchóiriú an Chórais Rialtais Áitiúil (faoin gclár “Rialtas Áitiúil Níos Fearr - Clár don Athrú” 1990) Coistí Beartais Straitéisigh a bhunú i ngach Údarás Áitiúil.

    Tugann na coistí seo deis d’ionadaithe tofa agus do pháirtithe leasmhara earnála áitiúla araon páirt níos mó a ghlacadh i gcúrsaí beartais go háitiúil.

    Tá cúig Choiste Beartais Straitéisigh á bhfeidhmiú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe:

    • Coiste Beartais Straitéisigh 1: Tithíocht
    • Coiste Beartais Straitéisigh 2: Iompar agus Bonneagar
    • Coiste Beartais Straitéisigh 3: Forbairt agus Pleanáil Gheilleagrach
    • Coiste Beartais Straitéisigh 4: An Comhshaol
    • Coiste Beartais Straitéisigh 5: Caitheamh Aimsire, Taitneamhacht agus Cultúr

    Bíonn an t-eolas agus an saineolas a bhíonn ag daoine a oibríonn le comhlachtaí sóisialta, eacnamaíocha, cultúrtha agus comhshaoil ar fud Chathair na Gaillimhe mar bhonn agus mar thaca ag na Coistí Beartais Straitéisigh.

    Chomh maith leis sin, ceadaíonn na Coistí do dhaoine ag a bhfuil an saineolas ábhartha oibriú taobh le taobh le hionadaithe tofa chun cur le beartais na Comhairle agus chun na beartais sin a fhorbairt.

    Is iondúil go reáchtáiltear cruinnithe ceithre huaire sa bhliain.

    Barr...