Nascadh Bailte

  • Céard atá i gceist le Nascadh Bailte?

    Is é atá i gceist le nascadh bailte, malartú cultúrtha, oideachais agus leasanna coitianta idir pobail i dtíortha éagsúla.

    Go nuige seo, reáchtáladh malartuithe i réimsí an spóirt, an chultúir agus an oideachais.

    Cuidíonn Nascadh Bailte le:

    • Deiseanna a chruthú chun smaointe a mhalartú
    • Bacainní de bharr eagla agus míthuisceana a bhriseadh
    • Tuiscint níos fearr ar ár gcultúir faoi seach a chothú.

    Barr...

  • Cé a dhéanann comhordú ar Nascadh Bailte i gComhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Comhordaíonn agus maoirsíonn Rannóg Seirbhísí Corparáideacha na Comhairle Cathrach na socruithe nasctha.

    Barr...

  • Cé na cathracha a nascadh le Cathair na Gaillimhe?

    Tá Gaillimh nasctha nó tá stádas cathairnasctha aici le hocht gcathair ar fud an domhain.

    Is iad sin:

    • Ainm na Cathrach: St. Louis, Missouri, SAM.
      Bliain an Nasctha: 1977
      Suíomh gréasáin: Cathair St. Louis
    • Ainm na Cathrach: Lorient, An Fhrainc
      Bliain an Nasctha: 1975
      Suíomh gréasáin: La Ville de Lorient
    • Ainm na Cathrach: Seattle, Washington, SÁM.
      Bliain an Nasctha: 1986
      Suíomh gréasáin: Comhairle Cathrach Seattle
    • Ainm na Cathrach: Bradford, Sasana
      Bliain an Nasctha: 1986
      Suíomh gréasáin: Cathair Bradford

    • Ainm na Cathrach: Cambridge, Massachusetts, SAM
      Bliain an Nasctha: 1994
      Suíomh gréasáin: Cathair Massachusetts
    • Ainm na Cathrach: Chicago, Illinois, SAM.
      Bliain an Nasctha: 1997
      Suíomh gréasáin: Cathair Chicago

    • Ainm na Cathrach: Aalborg, an Danmhairg
      Bliain an Nasctha: 1997
      Suíomh gréasáin: Cathair Aalborg

    • Ainm na Cathrach: Milwaukee, Wisconsin, SAM.
      Bliain an Nasctha: 2001
      Suíomh gréasáin: Cathair Milwaukee

    Tá roinnt Comhaontuithe Cairdis ag Cathair na Gaillimhe chomh maith le cathracha eile:

    • Ainm na Cathrach: Qingdao, an tSín.
      Bliain an Chomhaontaithe Cairdis: 1999
      Suíomh gréasáin: Comhairle Stát Cathrach Qingdao

    • Ainm na Cathrach: Auckland, an Nua-Shéalainn
      Bliain an Chomhaontaithe Cairdis: 2002
      Suíomh gréasáin: Cathair Auckland

    • Ainm na Cathrach: Moncton, New Brunswick, Ceanada.
      Bliain an Chomhaontaithe Cairdis: 2002
      Suíomh gréasáin: Cathair Moncton/Ville De Moncton

    • Ainm na Cathrach: Stirling, Albain.
      Bliain an Chomhaontaithe Chultúrtha: 2012
      Suíomh gréasáin: Cathair Stirling

    • Ainm na Cathrach: Menlo Park, California, SAM.
      Bliain an Chomhaontaithe Cairdis: 2013
      Suíomh gréasáin: Cathair Menlo Park

    Uchtú an L.É. Aisling

    Ar an 28 Meán Fómhair 1996, d’uchtaigh Bardas na Gaillimhe (Comhairle Cathrach na Gaillimhe anois) Long Chabhlach na hÉireann, an L.É. Aisling, go foirmiúil thar ceann mhuintir Chathair na Gaillimhe agus shocraigh siad caidreamh speisialta a fhorbairt leis an long agus lena criú agus feasacht ar ról agus ar fheidhmeanna na seirbhíse cabhlaigh a chur chun cinn.

    Gheall captaen agus criú an L.É. Aisling, nuair a ghlac siad leis an uchtú, le caidreamh speisialta le Cathair na Gaillimhe a chothú.

    Barr...