Scoileanna Glasa

  • An bhfuil scoileanna i gCathair na Gaillimhe páirteach i dtionscnaimh chomhshaoil?

    Tá. Bíonn baint mhór ag scoileanna i gcathair na Gaillimhe le go leor tionscnaimh agus tionscadail chomhshaoil, a phléann le cúrsaí ar nós bruscair, dramhaíola, fuinnimh agus na bithéagsúlachta. Tugtar faoi go leor de na tionscadail chomhshaoil sin trí Chlár na Scoileanna Glasa.

    Barr...

  • Céard é Clár na Scoileanna Glasa?

    Is clár oideachais chomhshaoil, córas bainistíochta comhshaoil agus scéim dámhachtana é Clár na Scoileanna Glasa, nó Éicea-Scoileanna mar a thugtar air go hidirnáisiúnta, a spreagann gníomh fadtéarmach, sa scoil uile ar son an chomhshaoil agus a thugann aitheantas don ghníomh sin.

    In Éirinn, is é an Taisce a reáchtálann Clár na Scoileanna Glasa, i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.greenschoolsireland.org.

    Barr...

  • Cé mhéad Scoil Ghlas atá i gCathair na Gaillimhe?

    I láthair na huaire tá 30 bunscoil agus 10 meánscoil i gCathair na Gaillimhe cláraithe le haghaidh Chlár na Scoileanna Glasa. Astu sin, bronnadh brait ghlasa ar 26 bunscoil agus ar 5 mheánscoil as a gcuid iarrachtaí maidir le hoideachas ar an gcomhshaol.

    Barr...

  • Céard atá i gceist le Clár na Scoileanna Glasa?

    Tá Clár na Scoileanna Glasa bunaithe ar chóras ‘Seacht gCéim’ le haghaidh feabhas leanúnach.
    Is iad seo a leanas na seacht gcéim:

    1. Coiste Scoileanna Glasa
    2. Athbhreithniú Comhshaoil
    3. Plean Gníomhaíochta
    4. Monatóireacht agus Measúnú
    5. Obair Churaclaim
    6. Ag Treorú agus ag Cruthú Rannpháirtíochta
    7. Cód Glas

    Díríonn scoileanna i dtús báire ar théama an Bhruscair agus na Dramhaíola, ag oibriú trí sheacht gcéim an téama sin, sula ndéantar iarratas ar Bhrat Glas. Nuair a éiríonn leo, bogann an scoil ar aghaidh chuig téamaí difriúla, lena n-áirítear Fuinneamh, Uisce, Bithéagsúlacht agus Saoránacht Dhomhanda.

    Is acmhainn den scoth é an suíomh gréasáin www.greenschoolsireland.org agus tugtar eolas, comhairle agus cás-staidéir air maidir leis na téamaí ar fad do na scoileanna glasa.

    Barr...

  • Céard iad na buntáistí a bhaineann le bheith páirteach i gClár na Scoileanna Glasa?

    Tairgeann Clár na Scoileanna Glasa na rudaí seo a leanas do do scoil:

    • Deis chun scileanna cinnteoireachta na ndaltaí a fhorbairt;
    • Deis chun muinín na ndalta agus braistint saoránachta a fhorbairt trí rannpháirtíocht;
    • Ábhair churaclaim agus smaointe le haghaidh tionscadal agus imeachtaí;
    • Fáil ar líonra gníomhaireachtaí tacaíochta;
    • Naisc le scoileanna eile in Éirinn agus go hidirnáisiúnta;
    • Dámhachtain chlúiteach a aithnítear go hidirnáisiúnta;
    • Deiseanna le haghaidh poiblíocht áitiúil agus náisiúnta;
    • Seans airgead a shábháil;
    • Dramhaíl agus bruscar, fuinneamh agus leibhéil ídithe uisce laghdaithe;
    • Timpeallacht scoile fheabhsaithe;
    • Deis don phobal áitiúil a bheith rannpháirteach.

    Taispeántar i sonraí measta le haghaidh scoileanna a fuair an dámhachtain i gCathair na Gaillimhe go bhfuil 8,303 dalta agus 532 múinteoir ‘bailithe glas’ cheana féin agus, gach bliain, go n-aistrítear 125 tona dramhaíola ó líonta talún agus go sábháiltear 1.4 milliún kW d’fhuinneamh agus 8 milliún lítear uisce, rud a fhágann go sábháiltear breis is €200,000 in aghaidh na bliana do scoileanna Chathair na Gaillimhe.

    Tá cás-staidéir ar fáil ar www.greenschoolsireland.org.

    Barr...

  • Cén chaoi ar féidir lenár scoil a bheith páirteach i gClár na Scoileanna Glasa?

    Má theastaíonn uait clárú le haghaidh Chlár na Scoileanna Glasa, téigh i dteagmháil leis an Taisce ar (01) 4002202 nó ag greenschools@antaisce.org. Tá foirmeacha iarratais ar fáil freisin ar an suíomh gréasáin www.greenschoolsireland.org.

    Tá tuilleadh eolais faoi Chlár na Scoileanna Glasa i gcathair na Gaillimhe ar fáil ón Oifigeach Oideachais ar an gComhshaol i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536564 nó environment@galwaycity.ie.

    Teastóidh na rudaí seo a leanas le bheith rannpháirteach sa chlár:

    • Tacaíocht an Phríomhoide agus an Bhoird Bainistíochta;
    • Toilteanas ligean do leanaí cinntí a dhéanamh agus gníomh a ghlacadh ag gach céim;
    • Rannpháirtíocht ghníomhach na foirne;
    • Toilteanas gníomh a ghlacadh d’fhonn athrú fadtéarmach a chur ar bun.

    Barr...

  • Cé mhéad a chosnaíonn Clár na Scoileanna Glasa?

    Tá an clárú agus na hábhair saor in aisce do gach scoil a bhíonn páirteach sa chlár.

    Barr...

  • An féidir le hinstitiúidí tríú leibhéal a bheith páirteach i gClár na Scoileanna Glasa?

    Forbraíodh clár ar leithligh le haghaidh Institiúidí Tríú Leibhéal ar a dtugtar Campas Glas. Más institiúid tríú leibhéal thú, téigh i dteagmháil le Deirdre O’Carroll ag docarroll@eeu.antaisce.org.

    Tá tuilleadh eolais maidir le Clár na gCampas Glas i gcathair na Gaillimhe ar fáil ón Oifigeach Oideachais ar an gComhshaol i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536564 nó environment@galwaycity.ie.

    Barr...

  • An féidir liom Brat Glas nua a fháil?

    Is féidir, tá brait nua ar fáil ar chostas €25. Cuimsítear ansin an costas a bhaineann leis an mbrat a dhéanamh agus an costas seachadta agus postais.

    Má theastaíonn uait Brat Glas nua a ordú, féadfaidh tú seic €25 a scríobh le haghaidh “Scoileanna Glasa” agus í a chur sa phost chuig Oifig na Scoileanna Glasa, An tAonad Oideachais Chomhshaoil, An Taisce, Aonad 5A, Scabhat Swift, Sráid San Proinsias, Baile Átha Cliath 8.

    Barr...

  • An bhfuil aon tionscnamh comhshaoil eile ar fáil seachas na scoileanna glasa?

    Tá. Tugann an tOifigeach Oideachais ar an gComhshaol i gComhairle Cathrach na Gaillimhe tacaíocht do gach scoil sa chathair – idir chúnamh le glantachán bruscair agus sheónna agus cheardlanna comhshaoil a eagrú. Dírítear go príomha ar bhruscar agus ar dhramhaíl.

    Más mian leat go dtiocfadh an tOifigeach Oideachais ar an gComhshaol chuig do scoil chun labhairt le daltaí nó le múinteoirí faoi cheisteanna comhshaoil, glaoigh ar Fiona Coen ar 091 536564 nó seol ríomhphost chuig environment@galwaycity.ie.

    Barr...

  • Ba mhaith liom caint scoile leis an Oifigeach Oideachais ar an gComhshaol a eagrú. Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil?

    Más mian leat go dtiocfadh an tOifigeach Oideachais ar an gComhshaol chuig do scoil chun labhairt le daltaí nó le múinteoirí faoi cheisteanna comhshaoil, glaoigh ar Fiona Coen ar 091 536564 nó seol ríomhphost chuig environment@galwaycity.ie.

    Barr...

  • Ba mhaith liom glantachán bruscair a eagrú i mo scoil. Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil?

    Labhair le Fiona Coen ar 091 536564 nó seol ríomhphost chuici ag environment@galwaycity.ie. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe in ann uirlisí pioctha bruscair agus málaí a chur ar fáil duit agus baileoidh an Chomhairle an dramhaíl.

    Tá sé tábhacht go gcuirfeá glaoch orainn roimh an nglantachán ionas go mbeidh na socruithe déanta againn in am.

    Barr...

  • An bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe in ann cabhrú lenár scoil ár gcuid dramhaíola a bhainistiú?

    Tá. Cabhróidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe leat na chéad chéimeanna a ghlacadh chun dul i ngleic le dramhaíl i do scoil agus cuideofar leat an méid atá ar siúl agat cheana féin a fheabhsú. Tá raon leathan tacaíochtaí ar fáil chun é sin a dhéanamh, ó chur i láthair go hábhar faisnéise.

    Ina theannta sin, beidh an tOifigeach Oideachais ar an gComhshaol in ann cuairt a thabhairt ar do scoil agus cuidiú le hiniúchtaí dramhaíola agus pleananna gníomhaíochta a ullmhú. Labhair le Fiona Coen ar 091 536564 nó seol ríomhphost chuici ag environment@galwaycity.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

    Barr...