Dramhaíl Ghuaiseach

  • Céard is Dramhaíl Ghuaiseach ann?

    Is éard is Dramhaíl Ghuaiseach ná dramhaíl a bhfuil bagairt mhór nó a bhféadfadh bagairt mhór a bheith ag baint léi do shláinte an phobail nó don chomhshaol.

    Tá sé riachtanach go ndéanfadh sealbhóirí tí dramhaíl ghuaiseach a dhiúscairt go sábháilte agus go freagrach.

    Áirítear le Dramhaíl Ghuaiseach:
    Vearnaisí, Greamacháin, Gliúnna, Dúigh, Séaltáin, Olaí Dramhaíola (le haghaidh inneall, giaranna agus bealú), Batairí (Luaidhe, Ni-Cd, Tirimchaidhnte Mearcair), Oibreáin Glantacháin, Dífhabhtáin, Tuarthóirí, Sóid Loiscneach, Cógais Chaite, Oibreán Frithreo, Péinteanna (Tuaslagóir-Bhunaithe), Péintdíobhach/Caolaitheoir Péinte, Luibhicídí, Lotnaidicídí, Fiailnimh, Feithidicídí, Nimh, Fuingicídí, Aerasóil, Leictrilít ó chadhnraí agus taisc-chadhnraí, Feadáin Fhluaraiseacha

    Tá substaintí sna táirgí sin ar fad atá nimhiúil, creimneach nó so-lasta.

    Barr...

  • Dramhaíl Ghuaiseach a Dhiúscairt

    NÁ CUIR míreanna a d’fhéadfadh a bheith guaiseach i do chuid boscaí bruscair toisc go bhfuil siad tocsaineach agus go bhféadfaidís a bheith an-chontúirteach don tsláinte agus don chomhshaol.

    • Cadhnraí: Tá sé de chead agat cadhnraí a fhágáil ar ais i siopaí miondíola a dhíolann cadhnraí atá cosúil leo agus níl aon chostas air sin. Is féidir cadhnraí a fhágáil leo fiú amháin mura bhfuil tú ag ceannach cadhnraí nua. Soláthraítear pointí bailithe cadhnraí freisin i gcuid mhaith foirgnimh phoiblí ar fud na cathrach, lena n-áirítear an t-ionad athchúrsála in Eastát Tionscail an Leasa Bháin
    • Cógais Chaite: Glacfaidh roinnt cógaslann (cé nach bhfuil dualgas orthu) cógais nár úsáideadh i gcomhair a ndiúscartha. Ná caith seanchógais isteach i do bhosca bruscair agus ná doirt síos sa leithreas iad ach an oiread – tá drochthionchar ag an bealaí diúscartha sin ar an gcomhshaol.
    • Glactar le feadáin fhluaraiseacha agus le hola chócaireachta ag Ionad Athchúrsála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Luan go Déardaoin 2-4. Aoine 2-3, Satharn 8.15am - 12.30pm.
    • Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe Imeacht Diúscartha Dramhaíola Guaisí eile ar siúl ó thráth go chéile le haghaidh dramhaíl ghuaiseach eile. Bí ag faire ar an láithreán gréasáin agus ar ár n-ardáin mheán sóisialta chun teacht ar shonraí faoin gcéad Imeacht sceidealaithe eile.

    Barr...