Bruscar

  • Céard is Bruscar ann?

    Tá sainmhíniú leathan ar bhruscar agus tá níos mó i gceist leis ná píosaí páipéir nó butaí toitíní a chaitheamh thart, is féidir leis a bheith beag nó mór, agus tá sé nó is féidir leis a bheith, mímhaiseach.

    Barr...

  • Céard atá Údarás Áitiúil in ann a dhéanamh faoi Dhumpáil Mhídhleathach?

    Is cion é:

    • do dhramhaíl a dhumpáil go mídhleathach
    • do dhramhaíl a thabhairt do bhailitheoir nach bhfuil cead bailithe dramhaíola bailí aige
    • dramhaíl a bhailiú gan cead bailithe dramhaíola.

    Tá méadú ar chumhachtaí na n-údarás áitiúil de bharr dlíthe bruscair a fhéachann le deireadh a chur le fadhb na dumpála mídhleathaí maidir le dramhaíl tí agus bruscar. Má fheiceann tú duine éigin ag dumpáil go mídhleathach, ba cheart duit tuairisc a thabhairt faoi do d’údarás áitiúil a fhiosróidh an scéal agus a ghlacfaidh aon ghníomh forfheidhmithe is gá.
    Cliceáil anseo chun tuairisc a thabhairt faoi dumpáil mhídhleathach.

    Nó glaoigh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400 nó seol ríomhphost chuig customerservice@galwaycity.ie

    Is féidir leat tuairisc a thabhairt faoi dumpáil mhídhleathach glaoch ar an uimhir theileafóin íosghlao a bhíonn i bhfeidhm ar feadh 24 uair an chloig: 1800 365 123 nó bain úsáid as an aip "See it? Say it!" ar an fón. Fiosróidh údaráis áitiúla, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus an Garda Síochána an t-eolas a thugtar de réir mar is cuí. Is féidir caitheamh go rúnda leis an eolas a thugann tú cé go moltar duit do shonraí teagmhála a thabhairt toisc go mb’fhéidir go mbeadh na húdaráis ag iarraidh labhairt leat arís maidir leis an bhfiosrúchán faoi dhumpáil mhídhleathach.

    Má thagann d’údarás áitiúil ar ábhar atá dumpáilte go mídhleathach agus má fhaigheann sé amach cé hé úinéir an ábhair sin, beidh cás le freagairt ag an duine sin fiú murar rugadh ar an duine i mbun na dumpála. Ina theannta sin, tá cumhachtaí breise ar fáil freisin do d’údarás áitiúil chun iallach a chur ar shealbhóir tí nó ar oibreoir gnó a thabhairt le fios cén chaoi agus cén áit a bhfuil siad ag fáil réidh lena gcuid dramhaíola. Tá tábhacht leis sin go háirithe mura bhfuil an sealbhóir tí nó an t-úinéir gnó ag baint leasa as seirbhís bailithe bruscair nó mura bhfuil siad ag tabhairt a gcuid dramhaíola chuig saoráid diúscartha údaraithe.

    Barr...

  • Céard é an dlí maidir le Bruscar?

    Tugadh dlíthe bruscair níos géire isteach leis an Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 chun dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí le fadhbanna a bhaineann le truailliú ó bhruscar. Tá sainmhíniú leathan ar bhruscar agus tá níos mó i gceist leis ná píosaí páipéir nó butaí toitíní a chaitheamh thart, is féidir leis a bheith beag nó mór, agus tá sé, nó is féidir leis a bheith, mímhaiseach.

    • Fíneálacha Bruscair
      Is cion é bruscar a fhágáil nó a chaitheamh in áit phoiblí, agus féadtar fíneáil ar an láthair €150 nó fíneáil uasta €3,000 sa chúirt a ghearradh ar dhuine.
      B’fhéidir go n-iarrfadh an chúirt freisin ar dhuine a chiontaítear i gcion bruscair íoc as costais an údaráis áitiúil maidir leis an gcion a fhiosrú agus an t-ionchúiseamh a thabhairt.
    • Úinéirí Limistéar a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu & Bruscar
      Más tusa úinéir nó an té atá freagrach as áit ar a bhfuil rochtain ag an bpobal, tá sé de dhualgas ort an áit a choinneáil glan ó bhruscar, is cuma cé as ar tháinig an bruscar. Baineann sé sin le haon áit phoiblí agus d’fhéadfadh sé go mbeadh limistéar ionad siopadóireachta, campas scoile, páirce poiblí, stáisiún traenach nó bus i gceist leis.
    • Bruscar i ngar do ghnó
      Is féidir le húdarás áitiúil ordú a thabhairt d’áitritheoir gnó bearta a ghlacadh chun cosc a chur ar bhruscar a thagann ón ngnó i bhfoisceacht 100 méadar d’áitreabh an ghnó. D’fhéadfadh bearta ar nós bruscar a ghlanadh agus/nó boscaí bruscair a sholáthar a bheith i gceist anseo.
      Tá áitritheoirí gnóthaí atá lonnaithe in aice le bóthar poiblí agus laistigh de limistéar ina bhfuil teorainn luais freagrach as an gcosán lasmuigh dá ngnó a choinneáil saor ó bhruscair, is cuma cé as ar tháinig an bruscar sin. Is cion é bruscar a thógáil de chosán ach é a chaitheamh ar an mbóthar.
    • Maoin Phríobháideach & Bruscar
      Tá dualgas ar úinéir nó ar áitritheoir réadmhaoine is féidir a fheiceáil as áit phoiblí an áit sin a choinneáil glan ó bhruscar. Go bunúsach, ní mór aon limistéar taobh amuigh ar do mhaoin atá le feiceáil ó áit phoiblí a choinneáil glan ó bhruscar.
    • Siocracha Móra Bruscair
      Áit a bhfuil bruscar cruinnithe ar mhaoin ar chúis ar bith agus go bhfuil an bruscar sin le feiceáil as áit phoiblí, is féidir leis an údarás áitiúil fógra a eisiúint don úinéir nó don áitritheoir ag iarraidh air/uirthi an bruscar a ghlanadh. Is féidir bearta réamhchúraim a leagan síos freisin i bhfógra den sórt sin a bheidh le cur i bhfeidhm ionas nach dtarlóidh sé arís.
      Má theipeann ar úinéir maoine nó áitritheoir gach a iarrtar a dhéanamh, nó má dhiúltaítear é a dhéanamh, tá sé de chumhacht ag an údarás áitiúil cibé rud is gá a dhéanamh iad féin agus iarraidh ar an úinéir nó ar an áitritheoir na costais ar fad atá i gceist a íoc.
    • Dumpáil Mhídhleathach
      Tá méadú ar chumhachtaí na n-údarás áitiúil de bharr dlíthe bruscair a fhéachann le deireadh a chur le fadhb na dumpála mídhleathaí maidir le dramhaíl tí agus bruscar. Má thagann údarás áitiúil ar ábhar atá dumpáilte go mídhleathach agus má fhaigheann sé amach cé hé úinéir an ábhair sin, beidh cás le freagairt ag an duine sin fiú murar rugadh ar an duine i mbun na dumpála.
      Tá cumhachtaí breise ar fáil freisin d’údaráis áitiúla chun iallach a chur ar shealbhóir tí nó ar oibreoir gnó a thabhairt le fios cén chaoi agus cén áit a bhfuil siad ag fáil réidh lena gcuid dramhaíola. Tá tábhacht leis sin go háirithe mura bhfuil an sealbhóir tí nó an t-úinéir gnó ag baint leasa as seirbhís bailithe bruscair nó mura bhfuil siad ag tabhairt a gcuid dramhaíola chuig saoráid diúscartha údaraithe.
      Má fheiceann tú duine éigin ag dumpáil go mídhleathach, ba cheart duit tuairisc a thabhairt do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400 a fhiosróidh an scéal agus a ghlacfaidh aon ghníomh forfheidhmithe is gá.
    • Imeachtaí Móra & Bruscar
      Iarrtar ar thionscnóirí nó ar lucht eagraithe imeachtaí mór a chinntiú go bhfuil bearta rialaithe bruscair i bhfeidhm acu ag an ionad agus timpeall ar an ionad, le linn imeachta agus ina dhiaidh. Baineann sé sin le cluichí peile agus le himeachtaí sóisialta agus spóirt eile ar a bhfreastalaíonn slua mór daoine. D’fhéadfadh sé go mbeadh an t-údarás áitiúil in ann an cúram sin a chomhlíonadh ach ní mór don tionscnóir/eagraí na costais a íoc.
      Breathnaigh ar thuilleadh eolais faoin gcaoi le d’imeacht a dhéanamh glas inár rannán Ceisteanna Coitianta anseo.
    • Siopaí Bia Soghluaiste & Bruscar
      Tá sé de dhualgas ar oibreoirí siopaí bia soghluaiste a dhíolann mearbhia nó deochanna, nó ar shiopaí eile cosúil leo sin a dhíolann táirgí feirme boscaí bruscair oiriúnacha a sholáthar gar dá gcuid siopaí. Ní mór dóibh freisin aon bhruscar a thagann óna gcuid siopaí agus a chaitear ar an talamh a ghlanadh i bhfoisceacht 100 méadar óna siopa.
    • Salú Madraí
      Ní mór d’úinéirí madraí salachar a gcuid madraí a ghlanadh as áiteanna poiblí agus fáil réidh leis i gceart. Tá feidhm leis an dualgas sin sna háiteanna seo a leanas:
      • bóithre poiblí agus cosáin phoiblí
      • áiteanna timpeall ar ionaid siopadóireachta
      • clóis scoile/páirceanna spóirt
      • tránna
      • an áit atá díreach timpeall ar theach duine eile.
    • Póstaeir, Comharthaí & Bruscar
      Cuireann an dlí cosc ar phóstaeir/chomharthaí a chur in airde ar áiteanna nó ar struchtúir eile in áiteanna poiblí mura bhfuil cead i scríbhinn agat ó úinéir an chuaille nó struchtúir eile sula gcuirtear na póstaeir/comharthaí in airde.
    • Póstaeir Toghcháin & Bruscar
      I ndiaidh toghcháin, ní mór don pháirtí/iarrthóir póstaeir a bhaint anuas taobh istigh de sheacht lá. Tar éis an dáta sin, eisíonn an t-údarás áitiúil fíneáil €150 ar an láthair maidir le gach cion. Bainfidh d’údarás áitiúil anuas an póstaer agus eiseofar fíneáil. Má gearradh fíneáil ar pháirtí/iarrthóir agus má dhiúltaíonn siad é a íoc, is féidir an dlí a chur orthu. Is é an pionós uasta ar chiontú achomair as diúltú fíneáil a íoc a íoc ná €3,000.
    • Bileoigíní Fógraíochta & Bileoga
      Cuirtear cosc ar scaipeadh bileoigíní fógraíochta ar an tsráid i gCathair na Gaillimhe, agus tá cosc freisin ar bhileoga fógraíochta a chur ar ghaothscáthanna carranna. Breathnaigh  ar fhodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le hábhar fógraíochta a scaipeadh.

    Barr...

  • An mbaileoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe bruscar a dumpáladh in eastát tionscail?

    Is féidir tuairisc a thabhairt don Rannóg Comhshaoil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe faoi bhruscar a dumpáladh go mídhleathach in Eastát Tionsclaíoch. Déanfaidh maor imscrúdú ar an mbruscar dumpáilte.

    Mar sin féin, in eastát tionsclaíoch príobháideach tá sé de dhualgas ar an gcuideachta bainistíochta fáil réidh leis an mbruscar. I gcás eastát tionsclaíoch atá ar thalamh atá faoi chúram Chomhairle Cathrach na Gaillimhe rangófar an bruscar mar bhruscar agus gheobhaidh ár bhfoireann bainistíochta bruscair réidh leis faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997 nó faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola.

    Barr...

  • Cén chaoi a dtabharfaidh mé tuairisc faoi Dhumpáil Mhídhleathach?

    Cliceáil anseo chun tuairisc a thabhairt faoi dhumpáil mhídhleathach.
    Nó glaoigh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400 nó seol ríomhphost chuig customerservice@galwaycity.ie

    Barr...