Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail

  • Céard é Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail ?

    Gach bliain, cuirtear maoiniú ar fáil do ghrúpaí agus do dhaoine aonair chun tionscadail thurgnamhacha a dhéanamh ina gceantar féin.

    Is í an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comshaoil a reáchtálann an scéim, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla, agus é mar aidhm aici forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn trí chuidiú le tionscadail chomhshaoil bheaga, neamhbhrabúis ar leibhéal áitiúil.

    Is próiseas é Clár Áitiúil 21 ina n-éascaítear forbairt inbhuanaithe ar leibhéal áitiúil. Is cur chuige é, bunaithe ar rannpháirtíocht a léiríonn meas ar riachtanais shóisialta, chultúrtha, gheilleagracha agus chomhshaoil na saoránach atá i bpobal faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ina chuid éagsúlachta ar fad agus a cheanglaíonn an pobal sin agus a thodhchaí leis an bpobal réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhfuil sé mar chuid de.

    Barr...

  • Cé na tionscadail atá incháilithe?

    Cumhdaíonn an scéim raon mór tionscadail chomhshaoil ar ábhair ar nós dramhaíola, cáilíocht uisce, cáilíocht aeir, bithéagsúlachta, inbhuanaitheachta agus athrú aeráide. Ba cheart go mbeadh an tionscadal dírithe go príomha ar fheasacht agus ar oideachas maidir leis an gcomhshaol, ag teacht le Clár Áitiúil 21. I measc na dtionscadal a fuair maoiniú roimhe seo tá gairdíní pobail, cuibhrinn, córais saothraithe uisce na báistí, tionscnaimh oideachais agus taispeántais chomhshaoil. Is féidir breathnú anseo ar an liosta tionscadal a fuair maoiniú náisiúnta in 2016.

    Barr...

  • Cé mhéad airgid atá ar fáil trí Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail ?

    Le haghaidh 2018/2019, fuair Comhairle Cathrach na Gaillimhe €10925 i dtreo na scéime.

    Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe féin an méid céanna airgid ar fáil sa chaoi is go bhfuil €21850 ar fáil le haghaidh tionscadal in 2018/2019.

    Barr...

  • Cé mhéad airgid ar féidir liom iarratas a dhéanamh air?

    Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar pé suim airgid is mian leat ach bíonn na deontais a thugtar níos lú ná €3000 go hiondúil. Tar éis measúnú a dhéanamh ar d’iarratas, b’fhéidir go rachadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i dteagmháil leat ag tairiscint deontas níos lú ná mar a d’iarr tú duit nó chun do thionscadal a mhaoiniú i bpáirt.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar mhaoiniú Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail ?

    Tá foirmeacha iarratais ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla mar seo a leanas:

    Barr...

  • Céard é an dáta deiridh le haghaidh mhaoiniú Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail ?

    Tá an dáta deiridh chun glacadh le foirmeacha iarratais chomhlánaithe tugtha ar aghaidh go dtí Dé hAoine, an 20 Meitheamh 2018 ag 5:00pm.

    (Tabhair faoi deara go ndúnann oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe gach lá ag 4:00pm)

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéantar measúnú ar iarratais Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail ?

    Déanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe measúnú i dtús báire ar gach iarratas ag úsáid na gcritéar atá socraithe ag an Roinn. Is iad seo na critéir: socruithe comhpháirtíochta, an cumas ardaithe feasachta, cur chun cinn praiticiúil Chlár Áitiúil 21, luach ar airgead, inmhacasamhlaithe go forleathan, féidearthacht maidir le spriocanna tionscadail agus struchtúr agus leagan amach an togra.

    Barr...

  • An bhfuil mé in ann iarratas a dhéanamh ar níos mó ná tionscadal amháin?

    Tá. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar níos mó ná tionscadal amháin. Úsáid foirmeacha ar leithligh le haghaidh gach iarratais. Déanfar measúnú aonair ar gach iarratas.

    Barr...

  • An bhfuil mé in ann iarratas a dhéanamh ar níos mó ná údarás áitiúil amháin?

    Tá. Mar sin féin, d’fhonn a chinntiú go dtugann an ciste tús áite do riachtanais chomhshaoil aitheanta, ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir le haon tionscadal amháin iarratas a dhéanamh ar níos mó ná ocht n-údarás áitiúil.

    Barr...

  • Tá smaoineamh agam le haghaidh gnó comhshaoil. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail ?

    Ní féidir, níl tionscadail tráchtála/ghnó incháilithe le haghaidh na scéime.

    Barr...

  • An dteastaíonn deimhniú imréitigh cánach uaim le haghaidh mhaoiniú Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail ?

    I gcás gurb mó ná €10,000 go náisiúnta luach comhiomlán do chuid iarratas ar fad, ní mór duit cóip de do Dheimhniú Imréitigh Cánach reatha a chur isteach.

    Barr...

  • Ba mhaith liom glanadh bruscair a eagrú i mo cheantar. An féidir liom iarratas a dhéanamh air?

    Ní féidir. Ní bhreithneofar tionscadail atá incháilithe i gcomhair maoiniú faoi Scéim na nDeontas um Fheasacht in aghaidh an Bhruscair le haghaidh maoiniú faoin scéim seo.

    Barr...

  • An bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe le bheith páirteach sa tionscadal?

    Tá. Ní mór tionscadail rathúla a dhéanamh i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. I gcás roinnt tionscadal, ní bheidh i gceist leis seo ach monatóireacht ar an tionscadal. I gcás roinnt tionscadail eile, beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe rannpháirteach ar bhonn níos praiticiúla, cosúil le hionaid a eagrú nó ceardlanna a sheachadadh.

    Barr...

  • An bhfuil gá dom tuairisc a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Tá. Mura bhfuil baint dhíreach ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe leis an togra, ní mór di a bheith go hiomlán sásta go gcuirfear an togra i bhfeidhm go sásúil. Pléifear próiseas tuairiscithe leat má éiríonn le d’iarratas ar mhaoiniú deontais.

    Barr...

  • Cén uair ba cheart dom an tionscadal a chur i gcrích?

    Ní mór a bheith curtha i gcrích go hiomlán faoin 19 Aibreán 2019.

    Barr...

  • Céard is tuarascáil chríochnaithe ann?

    Is cáipéis í an tuarascáil chríochnaithe nach mór duit a líonadh isteach agus a chur isteach chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe nuair a bheidh do thionscadal curtha i gcrích agat. Is féidir cóip den tuarascáil chríochnaithe a íoslódáil anseo.

    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi Mhaoiniú Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail ?

    Is féidir tuilleadh eolais faoi Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail i gCathair na Gaillimhe a fháil ó tOifigeach an gComhshaol, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag environment@galwaycity.ie fon 091 536400

    Tá eolas ginearálta faoin scéim go náisiúnta ar fáil ó Donal Hourigan, sa Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ag awareness@environ.ie.

    Barr...