Rátaí Tráchtála - Tiarnaí Talún

  • Dualgas maidir le fógra a thabhairt

    Cé na dualgais nua atá ar úinéirí faoi alt 32 den Acht?

    Ní mór d’úinéir fógra a thabhairt don údarás áitiúil má thagann athrú ar an duine atá faoi dhliteanas rátaí a íoc sa ghnáthchúrsa ina m(h)aoin, i.e. i gcás athrú úinéireachta nó athrú tionóntachta nó má fhágann tionónta agus nach dtagann duine eile ina (h)áit láithreach.

    Má tá an mhaoin á díol ag an úinéir, is air/uirthi siúd atá an dualgas na rátaí ar fad a bhfuil sé/sí faoi dhliteanas ina dtaobh ar dháta aistrithe na maoine a íoc.

    Barr...

  • Cé na dualgais nua atá ar áititheoirí faoi alt 32 den Acht?

    Ní mór dó na háititheoirí atá ag fágáil íoc as na rátaí ar fad a d’fhéadfaidís a bheith faoi dhliteanas ina dtaobh ar dháta aistrithe na maoine / ar dháta fágála an áitribh nó roimhe sin.

    Barr...

  • Cé na himthosca inar gá fógra a thabhairt don údarás áitiúil?

    Má tá maoin á haistriú ó dhuine amháin go duine eile as a n-eascródh athrú ar an duine atá faoi dhliteanas rátaí a íoc, i.e. athrú úinéireachta; nó athrú áititheora lena n-áirítear má fhágann áititheoir agus go bhfágtar an mhaoin folamh.

    Barr...

  • An gá fógra a thabhairt má dhíoltar an mhaoin agus mura dtagann athrú ar an áititheoir?

    Ní gá. Braitheann an dualgas atá ar an úinéir fógra a thabhairt don údarás áitiúil maidir le haistriú maoine, agus an dualgas sainiúil ar an duine atá ag aistriú na maoine na rátaí ar fad a bhfuil sé/sí faoina ndliteanas ar dháta an aistrithe a íoc, ar athrú ag teacht ar an dliteanas maidir le rátaí don mhaoin. Mura dtagann athrú ar an áitiú nuair a dhéantar úinéireacht mhaoine a aistriú ó dhuine amháin go duine eile, níl feidhm leis na dualgais a luaitear sa rannán seo.

    Barr...

  • An gá fógra a thabhairt má fhágann an t-áititheoir agus má fhágtar an mhaoin folamh?

    Is gá. Ní mór don úinéir fógra faoin athrú sin a thabhairt don údarás áitiúil mar ní bheidh an t-áititheoir atá ag fágáil faoi dhliteanas rátaí a íoc ar an maoin ina dhiaidh sin, rud a fhágann go dtagann athrú ar an áititheoir atá faoi dhliteanas rátaí a íoc.

    Barr...

  • An gá fógra a thabhairt má théann áititheoir isteach i maoin fholamh (i.e. maoin ar léas/ar cíos)?

    Is gá. Ní mór d’úinéir na maoine fógra a thabhairt don údarás áitiúil mar beidh an t-áititheoir nua faoi dhliteanas rátaí a íoc ar an maoin sin as sin amach.

    Barr...

  • Cén uair is gá don úinéir fógra a thabhairt don údarás áitiúil?

    Faoi Alt 32, ceanglaítear ar an úinéir fógra a thabhairt don údarás áitiúil tráth nach deireanaí ná coicís tar éis dháta an aistrithe. Aistrítear an úinéireacht nuair a chuirtear an díolachán i gcrích. I gcás aistriú tionóntachtaí agus leasanna eile, cinntear é sin go hiondúil ar dháta a shonraítear sa léas / sa chonradh.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanann an t-úinéir a d(h)ualgas a chomhlíonadh?
    Cén fhaisnéis nach mór don úinéir a thabhairt don údarás áitiúil?

    Ní mór d’úinéirí fógra a thabhairt don údarás áitiúil maidir le sonraí an aistrithe agus le sonraí an áititheora atá ag fágáil agus le sonraí an áititheora nua. Tá an fhoirm ar fáil ar láithreán gréasáin an údaráis áitiúil. Déan foirm an fhógra a íoslódáil, a chomhlánú, a shíniú agus a sheoladh ar ais chugainn.

    Íoslódáil an Fhoirm iarratais: Fógra maidir le hAistriú Maoin Tráchtála…

    Barr...

  • Cé air a bhfuil an dualgas fógra ar aistriú maoine a thabhairt don údarás áitiúil, an t-úinéir nó an dlíodóir? An féidir le dlíodóir fógra a thabhairt thar ceann úinéara?

    Tá foráil i bhfo-alt 2(a) gur gá don úinéir nó do dhuine eile, a údaraíonn an t-úinéir i scríbhinn gníomhú thar a c(h)eann, fógra a thabhairt don údarás áitiúil.

    Barr...

  • Céard a tharlaíonn mura dtugann úinéir fógra ar aistriú don údarás áitiúil?

    Mura dtugann an t-úinéir fógra i scríbhinn ar aistriú maoine (nó ar aistriú leasa i maoin) don údarás áitiúil laistigh de choicís tar éis dháta an aistrithe, d’fhéadfaí pionós a ghearradh air/uirthi de mhuirear atá coibhéiseach le leibhéal na rátaí nach bhfuil íoctha ag an áititheoir roimhe sin, suas go huasmhéid luach dhá bhliain de dhliteanais rátaí. Aon mhuirear coibhéiseach den sórt sin nach n-íocann úinéir, fanfaidh sé mar mhuirear ar an maoin.

    Barr...

  • Céard a tharlaíonn mura n-íocann an t-úinéir na rátaí atá amuigh a bhfuil sé/sí faoina ndliteanas ar dháta an aistrithe?

    Rátaí ar bith atá dlite ag úinéir na maoine ar dháta an aistrithe agus nach bhfuil íoctha, fanfaidh siad mar mhuirear ar an maoin.

    Barr...

  • Cur i bhfeidhm an phionóis faoi Alt 32

    Cén uair a dhéantar pionós an mhuirir choibhéisigh a chinneadh?

    Tá forail i bhfo-alt 32(4) chun muirear atá coibhéiseach le suas go dtí luach dhá bhliain de rátaí amuigh a ghearradh ar úinéir maoine nach dtugann fógra don údarás áitiúil maidir le haistriú leasa i maoin laistigh de choicís tar éis an aistrithe agus murar íocadh na rátaí amuigh a bhí dlite ar dháta an aistrithe.

    • Fabhraítear an pionós tar éis an 14ú lá, mar sin ar an 15ú lá tar éis an aistrithe.
    • Má fhaigheann an t-údarás áitiúil amach níos deireanaí ná an cúigiú lá déag nár chomhlíon an t-úinéir a d(h)ualgas, gearrfar pionós air/uirthi. Sa chás sin, bheadh an pionós coibhéiseach i gcónaí leis na rátaí a bhí amuigh ón áititheoir roimhe sin ar an dáta a aistríodh an mhaoin / leas sa mhaoin, go dtí luach dhá bhliain de dhliteanais rátaí ar a mhéad.

    Barr...

  • Má íoctar na rátaí atá amuigh tar éis ghearradh an phionóis / an mhuirir choibhéisigh, an bhfuil tionchar aige sin ar an bpionós / ar an muirear coibhéiseach?

    Níl. Má íoctar na rátaí atá amuigh ina dhiaidh sin, ní bhíonn tionchar aige sin ar an muirear coibhéiseach (mar a chinntear ar an 15ú lá tar éis aistriú na maoine).

    • Gearrtar an muirear coibhéiseach mura bhfuil fógra ar an aistriú tugtha ag úinéir na maoine don údarás áitiúil laistigh de choicís tar éis an aistrithe agus mura bhfuil na rátaí ar fad a bhfuil sé/sí faoina ndliteanas íoctha ag an duine ag a bhfuil an mhaoin a haistriú.

    Barr...

  • An mbaineann an pionós/muirear coibhéiseach a ghearrtar ar an úinéir mura dtugtar fógra d’údarás áitiúil maidir le hathrú áititheora le cásanna inarbh é/í an t-úinéir an t-áititheoir roimhe sin?

    Baineann. Ní mór don úinéir, bíodh an mhaoin á áitiú aige/aici ní ná bíodh, fógra a thabhairt don údarás áitiúil i gcás aistriú na húinéireachta nó i gcás ina dtagann áititheoir nua ina (h)áit mar áititheoir (i.e. athrú ar an dliteanas le haghaidh rátaí).

    Mura dtugann an t-úinéir fógra don údarás áitiúil agus nach n-íocann sé/sí na rátaí atá amuigh, gearrfar pionós (suas le luach dhá bhliain de na rátaí atá gan íoc) air/uirthi anuas ar aon dliteanas eile maidir le rátaí ag eascairt as a (h)áitiú roimhe sin.

    Beidh na rátaí atá dlite ag an úinéir nár íocadh ar an aistriú agus an muirear coibhéiseach ina muirear ar an maoin mura n-íoctar iad (fo-ailt 32[3] agus 32[5]).

    Barr...

  • Muirear ar mhaoin

    An gcaitear le riaráiste an áititheora roimhe mar mhuirear ar an maoin?

    Ní chaitear. Ní bhíonn dliteanas an áititheora roimhe i leith rátaí amuigh ina mhuirear ar an maoin, ach más ionann úinéir na maoine sin agus an t-áititheoir freisin.

    Barr...