Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha

  • Céard é an Tobhach Comhshaoil (Mála Plaisteach)?

    Is tobhach é an Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha a thug an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil isteach den chéad uair riamh an 4 Márta 2002 mar bhealach chun ídiú málaí siopadóireachta plaisteacha a laghdú agus chun úsáid málaí in-athúsáidte a spreagadh. Ba é 15 cent an mála an costas a bhí ar an tobhach ar dtús. Ardaíodh an tobhach go dtí 22 cent an mála an 1 Iúil 2007.

    Tabhair cuairt ar http://www.environ.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

    Barr...

  • Ceard é an dlí maidir leis na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Mála Plaisteach)?

    Breathnaigh ar an reachtaíocht maidir leis an Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha ag na naisc seo a leanas:

    Barr...

  • Cén aidhm atá leis na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Mála Plaisteach)?

    Feictear málaí plaisteacha mar bhruscar ar fud cathracha, faoin tuath agus ar an gcósta an t-am ar fad agus baineann sé an bonn d’íomhá ghlas, ghlan na hÉireann.

    Tá béim láidir in aghaidh an bhruscair ag baint leis an tobhach ar mhálaí siopadóireachta plaisteacha. Is réiteach iomchuí é an tobhach comhshaoil ar úsáid málaí plaisteacha i dtreo ídiú na málaí siopadóireachta plaisteacha a laghdú, a laghdóidh dá réir sin fadhb chomhshaoil an bhruscair a tharlaíonn dá mbarr.

    Barr...

  • Céard is mála plaisteach ann faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Mála Plaisteach)?

    Faoi na Rialacháin ciallaíonn mála plaisteach mála iomlán nó píosa de mhála atá déanta as plaisteach, lena n-áirítear plaisteach bithmhillte, atá oiriúnach d’úsáid custaiméirí i siopa (ollmhargadh, stáisiún seirbhíse, bialann beir leat, eischeadúnas, etc.), seachas mála atá díolmhaithe faoi na rialacháin, breathnaigh ar an méid atá thíos.

    Meastar málaí páipéir a bhfuil cumhdach plaisteach lannaithe orthu agus/nó lámha atá déanta go hiomlán nó i bpáirt as plaisteach a bheith ina málaí plaisteacha – tá feidhm leis an tobhach i dtaca leo sin freisin faoi na rialacháin.

    Barr...

  • Cé air a bhfuil dualgais faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Mála Plaisteach)?

    Iarrtar ar mhiondíoltóirí a sholáthraíonn málaí siopadóireachta plaisteacha dá gcustaiméirí an tobhach a ghearradh nuair a dhéantar an díolachán. Is gá do chustaiméirí an tobhach 22 cent a íoc ar gach mála plaisteach ábhartha. Spreagtar custaiméirí le málaí plaisteacha a athúsáid nó málaí siopadóireachta ath-inúsáidte eile a úsáid.

    Tabhair cuairt ar http://www.revenue.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

    Barr...

  • Céard a iarrtar ar mhiondíoltóirí a dhéanamh maidir leis na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Mála Plaisteach)?

    De réir an phrionsabail ‘íoc mar a thruaillítear’, bailíonn na miondíoltóirí an tobhach ó chustaiméirí, agus ar ndóigh is faoi na custaiméirí féin é ansin an úsáid a bhaineann siad as málaí plaisteacha a stopadh ar fad nó a laghdú. Iarrtar ar mhiondíoltóirí málaí plaisteacha a bhfuil tobhach orthu a mhiondealú astu féin ar admhálacha tille. Íoctar fáltais an tobhaigh isteach i gCiste Comhshaoil a bheidh le húsáid chun raon tionscnamh a bhaineann le bainistiú dramhaíola, bruscair agus tionscnaimh ábhartha eile atá dírithe ar chosaint an chomhshaoil a mhaoiniú.

    Barr...

  • Cé leis a n-íocann an miondíoltóir an tobhach?

    Íoctar an tobhach leis an Ard-Bhailitheoir. Beidh tobhaigh a bhailíonn miondíoltóirí le híoc ar ais leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhonn ráithiúil. Téann an t-ioncam a ghintear ón Tobhach Comhshaoil ar Mhálaí Plaisteacha isteach sa Chiste Comhshaoil.

    Ba cheart fiosruithe maidir leis an tobhach comhshaoil ar mhálaí plaisteach a chur chuig:
    An tAonad Seirbhísí agus Cánacha ar Idirbhearta,
    An tArd-Bhailitheoir,
    Lána an Mhuilinn,
    Lios Tuathail,
    Co. Chiarraí

    Íosghlao: 1890 20 30 70
    Ríomhphost: elevy@revenue.ie

    Suíomh gréasáin: http://www.revenue.ie

    Barr...

  • Céard a tharlaíonn mura n-íoctar an tobhach?

    Lena gceart a thabhairt do dhaoine a chomhlíonann a gcuid dualgas, cinnteoidh na Coimisinéirí Ioncaim go nglacfar gníomh láithreach agus éifeachtach ina gcoinne siúd a bhfuil dliteanas orthu maidir leis an tobhach agus nach n-íocann é. Beidh modh aisghabhála an tobhaigh mar an gcéanna is a bhíonn le cánacha, viz. forfheidhmiú sirriam, imeachtaí sibhialta i gcomhair aisghabhála trí na cúirteanna agus astú tríú páirtithe. Úsáidfear modhanna eile forfheidhmithe más gá.

    Barr...

  • Céard a chosnaíonn an tobhach?

    22 cent in aghaidh gach mála phlaistigh a ngearrtar tobhach air, lena n-áirítear “Málaí Buana” a dhíoltar faoi bhun 70c.

    Barr...

  • An ngearrtar an tobhach ar gach cineál mála phlaistigh?

    Ní ghearrtar. Tá díolúine ag málaí plaisteacha áirithe ón tobhach, mar atá leagtha amach sna Rialacháin.

    Cuimsítear go ginearálta sna díolúintí sin málaí siopadóireachta in-athúsáidte a dhíoltar ar 70 cent nó níos mó. Ní ghearrtar an tobhach ar mhálaí nach n-úsáidtear ach le haghaidh feoil, iasc, oighear nó éanlaith úr (bíodh siad i bpacáiste nó eile) ná ar mhálaí nach n-úsáidtear ach chun torthaí agus glasraí a chur síos iontu agus bia eile nach bhfuil in aon phacáiste eile ar mhálaí nach bhfuil níos mó ná 225mm ar leithead (gan aon eangaí), faoi 345mm ar doimhneacht (leis na heangaí), faoi 450mm ar fad, (leis na lámha).

    Barr...

  • Cén chaoi a mbeidh a fhios ag custaiméir gur gearradh an tobhach ar mhálaí plaisteach a tugadh dó/di?

    Tá sé de dhualgas ar an miondíoltóir an tobhach a ghearradh ar an gcustaiméir agus is gá an tobhach a mhiondealú ansin ar aon sonrasc, admháil tille nó duillín a eisítear don chustaiméir. Ní mór do mhiondíoltóirí an tobhach iomlán a ghearradh mar tháille ar chustaiméirí nuair a bhíonn siad ag íoc as a gcuid earraí.

    Barr...

  • Céard iad na roghanna eile atá ann in ionad Málaí Plaisteacha Aon Uaire?

    Tá roghanna eile ar fáil sna siopaí anois in ionad málaí siopadóireachta plaisteacha aon uaire, cosúil le málaí ath-inúsáidte. Tá tomhaltóirí ag baint leasa as na roghanna sin anois. Tá málaí siopadóireachta plaisteacha is féidir a úsáid arís is arís díolmhaithe ón tobhach ar an gcoinníoll go ngearrann an miondíoltóir 70 cent ar a laghad ar an mála.

    Barr...

  • Mura ngearrtar an tobhach 22 cent orm as mála plaisteach céard ba cheart dom a dhéanamh?

    Is gá do mhiondíoltóirí cloí leis an dlí agus an tobhach a ghearradh ar mhálaí plaisteacha mar is cuí. Más mian leat gearán a dhéanamh faoi mhiondíoltóir nach bhfuil ag gearradh aon airgead ar mhálaí plaisteacha, ba cheart duit dul i dteagmháil le d’údarás áitiúil.

    Seirbhísí do Chustaiméirí ,
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Teil: 091 536400
    Ríomhphost: environment@galwaycity.ie

    Barr...

  • Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe maidir leis an Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha?

    Seirbhísí do Chustaiméirí,
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
    Teil: 091 536400
    Ríomhphost: environment@galwaycity.ie

    Barr...

  • Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil sna Coimisinéirí Ioncaim maidir leis an Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha?

    An tAonad Seirbhísí agus Cánacha ar Idirbhearta,
    An tArd-Bhailitheoir,
    Lána an Mhuilinn,
    Lios Tuathail,
    Co. Chiarraí

    Íosghlao: 1890 20 30 70
    Ríomhphost: elevy@revenue.ie

    Breathnaigh ar http://www.revenue.ie

    Barr...