Ionad Athchúrsála

 

 

  • Soláthraíonn Ionad Athchúrsála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe áis do chustaiméirí atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe earraí tí nó leictreacha nach bhfuil ag teastáil a thabhairt chomh fada leis an ionad agus iad a dhiúscairt saor in aisce.

    Is le haghaidh custaiméirí atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe amháin an t-ionad. Tá dianchosc ar úsáid tráchtála.

    Barr...

  • Cá bhfuil an t-ionad athchúrsála?

    Tá an t-ionad athchúrsála lonnaithe in Eastát Tionscail an Leasa Bháin.

    Breathnaigh ar an léarscáil d’Ionad Athchúrsála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

  • Céard iad uaireanta oscailte an ionaid athchúrsála?

FÓGRA: Do dheireadh seachtaine Fheile Phádraig, beidh an t-ionad athchúrsála dúnta Dé hAoine 17ú Márta agus Dé Sathairn 18ú Márta. Athosclófar na gnáthuaireanta oscailte Dé Domhnaigh 19 Márta

 

  • Tá an t-ionad athchúrsála ar oscailt don phobal:

    • Luan go Déardaoin ó 1pm go dtí 3.30pm
    • Aoine ó 10.00am – 1.00pm
    • Satharn ó 8.15am go dtí 12.30pm

    Tabhair faoi deara: d’fhéadfadh go mbeadh gá ó am go ham leis an ionad athchúrsála a dhúnadh i rith na n-uaireanta thuasluaite ar chúiseanna éagsúla, drochaimsir san áireamh. Is beag fógra a thugtar roimh ré sna cásanna sin. Más mian leat seiceáil an bhfuil an t-ionad athchúrsála oscailte téigh i dteagmháil leis an bhFoireann Seirbhísí do Chustaiméirí de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Barr...

  • Céard is féidir liom a thabhairt chuig an ionad athchúrsála?

    Ábhar a nGlactar Leo:

    • Gloine Chineál 2 - Pánaí Fuinneoige, Scátháin, frámaí/bonn bainte, Piréis, gloiní dí, vásaí gloine (scipe bruscair le barr oscailte ag an tsaoráid)
    • Olaí - Ola Cócaireachta & Ola Innill Ídithe AMHÁIN agus líon beag de (ní ghlactar ach le cúig lítear ar a mhéad)
    • Scagairí Ola Líon beag - ní ghlactar ach le dhá lítear ar a mhéad.
    • Cadhnraí - Gach cineál cadhnra tí agus cadhnra cairr.
    • Bolgáin Solais - Feadáin Fhluaraiseacha & bolgáin CFL AMHÁIN (ní ghlactar le gnáth-bholgáin solais – cuir sa bhosca don líonadh talún iad)
    • Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (WEEE)
      Dramhaíl baile / tí AMHÁIN, Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach – aon rud óna dteastaíonn pluga nó cadhnra chun é a oibriú i.e. cuisneoir/reoiteoir, teilifíseán, cócaireán, folúsghlantóir, citeal leictreach, tóstaer, ríomhaire, oigheann micreathonnach, lampa, etc. Earraí a oibrítear le cadhnra, i.e. ceamaraí, cluichí, bréagáin, tóirsí, cianrialtáin, áiritheoirí, etc.
    • Fóin shoghluaiste -- déan diúscairt orthu i gcoimeádán athchúrsála fón póca ar mhaithe le carthanas.
    • Plaistigh Mhóra Chrua - Bréagáin mhóra phlaisteacha, báisíní/buicéid/coimeádáin phlaisteacha, troscán plaisteach don ghairdín, suíocháin naíonáin don charr, ciseáin phlaisteacha le haghaidh níocháin, fuinneoga & doirse PVC (cinntigh go bhfuil an miotal agus an ghloine ar fad bainte).
    • Dramh-mhiotail - Rothair, potaí/friochtáin/buicéid mhiotail, boird iarnála déanta as miotal, racaí miotail a úsáidtear sa teach, stóil/cathaoireacha miotail (suíocháin bainte), téitheoirí gáis (sorcóir bainte), lomairí faiche nach de dhéanamh leictreach iad, sciath thine/grátaí, dréimirí taca miotail, bugaithe.
    • Adhmad - Cathaoireacha/stóil adhmaid (suíocháin bainte), doirse agus frámaí fuinneoige adhmaid (an miotal agus an ghloine ar fad bainte), dréimirí adhmaid, troscán mór adhmaid, i.e. vardrúis, ní ghlacfar leo amháin ach más féidir iad a bhaint ó chéile & an miotal & an ghloine ar fad bainte, urláir adhmaid (gnáthlíon tí amháin ó oibreacha Déan Féin É), crúbóga/cathaoireacha caolaigh, cuaillí/claí adhmaid.
    • Earraí criadóireachta - Gréithe, créghréithe, potaí bláthanna, líon beag tíleanna (a bheadh i gceist in obair bheag Déan Féin É ag baile), earraí sláintíochta, maisiúcháin.

    Sula ndéanann tú diúscairt ar d’earraí smaoinigh an bhféadfaí iad a athúsáid nó a thabhairt do shiopa carthanachta/ghrúpa pobail.

    Ó am go ham, b’fhéidir nach nglacfadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le roinnt rudaí, cé go bhfuil siad ar an liosta thuas, mar gheall ar shaincheisteanna oibríochta/ceadúnaithe. Déanfaimid gach iarracht é sin a sheachaint nuair is féidir.

    Barr...

  • Céard nach nglactar leis ag an ionad athchúrsála?

    I measc na n-ábhar nach nglactar leo tá siad seo a leanas:

    • Aispeist: Ní ghlacfar leis i gcás ar bith
    • Dramhaíl Ghinearálta / Málaí bruscair: Ní ghlacfar le dramhaíl mheasctha ghinearálta ná le málaí bruscair d’aon chineál. Is féidir dramhaíl nach féidir a athchúrsáil agus nach féidir múirín a dhéanamh de a chur i mbosca bruscair le haghaidh líonadh talún nó dul i gcomhairle le comhlacht dramhaíola príobháideach.
    • Péint: Ní ghlactar le fuílleach péinte atá fágtha ag an áis seo faoi láthair. Fógrófar go háitiúil é má bhíonn an tseirbhís sin ar fáil agus fógrófar é freisin ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Idir an dá linn, spreagtar daoine an méid péinte atá uathu a cheannach agus sin amhain agus gach cuid de a úsáid. Ná cuirtear caintíní péinte in aon cheann de na boscaí bruscair teaghlaigh.
    • Ábhar Dramhaíola Guaisí: Bánbhiotáille, Fiailnimh, Gliú, Aerasóil, Ceimiceáin, Anti-freeze etc. (Ní mór fáil réidh leis na hábhair sin ag úsáid na saoráide bailithe soghluaiste d’Ábhar Guaiseach. Fógrófar an tseirbhís sin go háitiúil agus ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.)
    • Cartúis Tonóra Dúigh: Tabhair ar ais don soláthraí iad.
    • Boinn: Labhair le comhlacht dramhaíola príobháideach údaraithe.
    • Sorcóirí Gáis: Tabhair ar ais don soláthraí iad.
    • Cairpéid, Mataí & Rugaí Bain leas as seirbhís bailithe earraí builc Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400  nó labhair le comhlacht dramhaíola príobháideach údaraithe.
    • Leapacha/Tochtanna, Toilg, Troscán: Bain leas as seirbhís bailithe earraí builc Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400 nó labhair le comhlacht dramhaíola príobháideach údaraithe.
    • Páipéar: Leabhair fóin, nuachtáin, páipéar beartán, leabhair scoile, irisí, etc. (Is féidir na rudaí sin a chur i mbosca athchúrsála an tí).
    • Pacáistíocht: Is féidir boscaí cairtchláir/plaistigh dhochta amháin a chur i do bhosca athchúrsála. Is féidir aerachlár/Styrofoam a chur sa bhosca bruscair le haghaidh an líonta talún.
    • Buidéil Phlaisteacha/Stáin Bhia: Ba cheart buidéil/coimeádáin phlaisteacha, cartúin bainne/súnna agus stáin bhia a ghlanadh agus a thriomú agus a chur i mbosca athchúrsála an tí.
    • Dramhaíl Orgánach ón nGairdín: Is féidir bearradh féir, bearradh fálta, toir, crainn, duilleoga ar fad a chur sa bhosca bruscair múirínithe an tí. Labhair le comhlacht dramhaíola príobháideach atá údaraithe chun fáil réidh le hithir agus le clocha nó le líon mór dramhaíola sa ghairdín.
    • Gnáthbholgáin Solais: Gnáthbholgáin solais neamh-CFC (is féidir iad a chur sa bhosca le haghaidh an líonta talún).
    • Dramhaíl Déan Féin É: Gipseam, bloic, brící, barrchaidhp, stroighin, leachtmhoirtéal/greamachán i gcomhair tíliú, ithir & clocha. Labhair le comhlacht dramhaíola príobháideach atá údaraithe.

    Déan cinnte go bhfuil an Cead Bailithe Dramhaíola ábhartha agus an Ceadúnas/Cead i gcomhair Saoráid Dramhaíola ag an gcomhlacht dramhaíola a fhostaíonn tú chun fáil réidh le d’earraí. Is féidir breis sonraí a fháil ó www.nwcpo.ie, www.epa.ieenvironment@galwaycity.ie

    Barr...

  • An féidir liom fáil réidh le cannaí péinte?

    Ní ghlactar le fuílleach péinte atá fágtha, ná le cannaí péinte, ag an áis seo faoi láthair. Fógrófar go háitiúil é má bhíonn an tseirbhís sin ar fáil agus fógrófar é freisin ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Idir an dá linn, spreagtar daoine an méid péinte atá uathu a cheannach agus sin amhain agus gach cuid de a úsáid. Ná cuirtear caintíní péinte in aon cheann de na boscaí bruscair teaghlaigh.

     

    Barr...

  • An nglacann an t-ionad athchúrsála le hola innill?

    Glactar le líon beag Ola Innill agus le hOla Cócaireachta atá ídithe (ní ghlactar ach le cúig lítear ar a mhéad).

    Ní ghlactar le holaí eile.

    Barr...

  • Ionad Athchúrsála - Coinníollacha Úsáide

    • Is haghaidh úsáid tí amháin an tsaoráid. Tá dianchosc ar úsáid tráchtála.
    • Luasteorainn na Saoráide - 5km/uair.
    • Ní ghlacann Comhairle Cathrach na Gaillimhe le haon dliteanas as aon earraí a chailltear nó a ndéantar damáiste dóibh ag an áis.
    • Ní mór gach rud a sórtáil roimh ré sula sroichtear an tsaoráid, i.e. ní mór duit plaisteach/miotal/adhmad a idirdhealú mar is cuí, cúisíní/pillíní a bhaint as suíocháin naíonáin/troscán gairdín/bugaithe, suíocháin a bhaint as cathaoireacha & stóil, gloine & miotal a bhaint as doirse & fuinneoga, frámaí/tacú a bhaint de scátháin/pictiúir etc.
    • Cuirtear in iúl do chustaiméirí gur saoráid féinseirbhíse í an tsaoráid. Má theastaíonn cúnamh ó chustaiméirí ábhar a lódáil sa bhaile ní mór dóibh a dhéanamh cinnte go dtugann siad duine éigin leo chun cabhrú leo na rudaí a chrochadh amach as a bhfeithicil ag an tsaoráid. Tá cead ag daoine freastal ar an tsaoráid uair amháin in aghaidh an lae agus níor cheart go mbeadh an chuairt níos faide ná 20 nóiméad. Ní cheadaítear aon loitering laistigh den áis.
    • Tá faireachas 24 uair an chloig i bhfeidhm ag Ionad Athchúrsála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Taifeadtar gach pláta clárúcháin agus eiseofar fíneáil €150 ar an láthair d’aon duine a bhíonn ag dumpáil ábhar go mídhleathach agus féadfar iad a ionchúiseamh freisin faoi na hAchtanna um Thruailliú ó Bhruscar 1997-2003 faoina bhfuil feidhm le fíneáil uasta €1,900.
    • Iarrtar ar aon duine a fhreastalaíonn ar áis conláiste Cathrach cloí leis an gcód iompair atá ag an tsaoráid.
    • Cuirtear in iúl don phobal go bhfuil sé de chúram orthu a gcuid sonraí féin a bhaint de ríomhairí, tiomántáin chrua, gléasanna cuimhne, fóin, seinnteoirí meán, etc., sula ndéantar diúscairt orthu ionas go gcuirfear cosc ar mhí-úsáid faisnéise pearsanta agus sonraí nó íomhánna eile.
    • Tá cosc iomlán ar aon rud a bhaint as an áis.

    Barr...

  • Is miondíoltóir mé. An féidir liom an t-ionad athchúrsála a úsáid?

    Is féidir le miondíoltóirí tráchtála an tIonad Athchúrsála a úsáid má tá siad cláraithe le www.weeeireland.ie/

    Tá an t-ionad athchúrsála ar oscailt do Mhiondíoltóirí WEEE AMHÁIN ó 8.00am go dtí 11.00am Luan go hAoine.

    Tá an tionscadal sin á mhaoiniú faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus á chómhaoiniú ag Cistí Struchtúracha an Aontais Eorpaigh.

    Barr...

  • Cuardaigh Saoráidí Athchúrsála REPAK

    Tabhair cuairt ar an gCuardach Idirghníomhach ar Shaoráidí Athchúrsála REPAK le haghaidh na Gaillimhe

    Barr...

  • Naisc Áisiúla maidir le hAthchúrsáil:

    Barr...