Bailte Slachtmhara

  • Céard iad na Bailte Slachtmhara?

    Is comórtas náisiúnta é Comórtas na mBailte Slachtmhara a eagraíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobal. Mar chuid den chomórtas tugtar marc do na bailte rannpháirteacha ar gach gné dá dtimpeallacht áitiúil. Tá sé ar bun ó 1958 i leith agus gach bliain bíonn níos mó ná 700 pobal rannpháirteach ann agus iad ag iarraidh duais airgid a bhaint amach agus an teideal mar Bhaile Slachtmhar na hÉireann a bhuachan. Chun tuilleadh eolais a fháil ar Chomórtas na mBailte Slachtmhara, seiceáil an suíomh gréasáin www.tidytowns.ie.

    Tabhair faoi deara: Ní hionann Comórtas na mBailte Slachtmhara agus Comórtas na mBailte agus na nGairdíní Slachtmhara i gCathair na Gaillimhe.

    Barr...

  • Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar chomórtas na mBailte Slachtmhara?

    Tá iontráil i gcomórtas na mBailte Slachtmhara deonach agus tá an comórtas oscailte do gach sráidbhaile, baile agus limistéar cathrach sa Stát. I gcathair na Gaillimhe, is féidir le comharsanachtaí aonair, ar nós Bhóthar na Trá, Chnoc na Cathrach, na Rinne Móire, an Chaisleáin Ghearr, etc., chomh maith le limistéar lár na cathrach, iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas. Ní mór duit iarratas a dhéanamh de réir do chatagóire daonra. Tá eolas maidir leis sin le fáil ar www.tidytowns.ie.

    Tabhair faoi deara: Ní hionann Comórtas na mBailte Slachtmhara agus Comórtas na mBailte agus na nGairdíní Slachtmhara i gCathair na Gaillimhe.

    Barr...

  • An bhfuil aon ghrúpaí Bailte Slachtmhara i gcathair na Gaillimhe?

    Tá. Tá grúpa Bailte Slachtmhara i limistéar chathair na Gaillimhe. Má theastaíonn uait a bheith páirteach i grúpa Bailte Slachtmhara, téigh i dteagmháil le environment@galwaycity.ie chun tuilleadh eolais a fháil no feach ar https://www.facebook.com/GalwayTidyTowns/

    Barr...

  • Cén chaoi a gcuirfidh mé grúpa Bailte Slachtmhara ar bun i mo cheantar?

    Is coiste deonach é coiste na mBailte Slachtmhara, ar a mbíonn áitritheoirí, ionadaithe gnó, scoileanna agus grúpaí eile as an gceantar de ghnáth. Más mian leatsa grúpa Bailte Slachtmhara a chur ar bun i do cheantar, is fearr duit tosú leis an gcumann áitritheoirí áitiúil. D’fhéadfá fógra a chur freisin i siopaí agus i séipéil áitiúla nó alt a chur isteach i bpáipéar nuachta nó i nuachtlitir áitiúil ag lorg oibrithe deonacha. Is smaoineamh maith é freisin oíche eolais nó cruinniú a chur ar siúl ina bhféadfá míniú a thabhairt ar a bhfuil i gceist leis na Bailte Slachtmhara.

    Má tá tuilleadh eolais uait faoi choiste a chur ar bun, is féidir leat dul i dteagmháil le hAonad na mBailte Slachtmhara den Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobal ar T. 076 100 6912 / 076 100 6836

    R - tidytowns@drcd.gov.ie

    www.facebook.com/OfficialTidyTowns

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas air?

    Seoltar comórtas na mBailte Slachtmhara gach bliain i mí an Mhárta/mí Aibreáin. Beidh foirmeacha iarratais ar fáil ag an am sin ó Aonad Bailte Slachtmhara na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ar (071) 9107802 nó tidytowns@environ.ie.

    Tabhair faoi deara: Ní hionann Comórtas na mBailte Slachtmhara agus Comórtas na mBailte agus na nGairdíní Slachtmhara i gCathair na Gaillimhe.

    Barr...

  • Cén chaoi a meastar an comórtas?

    Déantar measúnú ar na rannpháirtithe faoi dheich gcinn de chritéir agus bronntar 400 marc ar an iomlán mar seo a leanas:

    • Cur chuige foriomlán maidir le forbairt (50 marc)
    • An timpeallacht thógtha (50 marc)
    • Tírdhreach a chruthú (50 marc)
    • Fiadhúlra agus áiseanna nádúrtha (50 marc)
    • Smacht ar bhruscar (50 marc)
    • Slacht (30 marc)
    • Íoslaghdú dramhaíola (20 marc)
    • Limistéir chónaithe (40 marc)
    • Bóithre, sráideanna agus cúl-limistéir (50 marc)
    • Dearcadh ginearálta maidir le háit (10 marc)

    Is d’aon turas atá na critéir siad leathan agus tá gach rud san áireamh iontu ó shainiúlacht stairiúil agus chultúrtha na háite go caomhnú na n-áiseanna nádúrtha agus na limistéar fiadhúlra. Is féidir le rannpháirtithe limistéir níos lú arís a aithint le haghaidh na moltóirí ach féachann na moltóirí ar limistéar iomlán an bhaile nó an tsráidbhaile. Mura bhfuil na teorainneacha soiléir (mar shampla i limistéir uirbigh) déanann moltóirí measúnú tríd is tríd ar limistéar aon chiliméadar i ngach treo ón lár an bhaile.

    Bíonn moltóireacht ar siúl i míonna an Mheithimh, Iúil agus Lúnasa gach bliain agus fógraítear na torthaí ag Searmanas Náisiúnta na nGradam i mí Mheán Fómhair.

    Barr...