WEEE

  • Céard is Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (WEEE) ann?

    Bíonn píosaí leictreacha nó leictreonacha i lear mór de na rudaí a cheannaímid ó lá go lá. Tá fearas nó trealamh ar bith a ritheann ar leictreachas nó cadhnraí in ann damáiste a dhéanamh don timpeallacht mura ndéantar diúscairt air ar bhealach stuama. Tá sé ag éirí níos deacra i gcónaí an dramhaíl a ghintear san earnáil seo a láimhseáil toisc go bhfuil saolré na n-earraí leictreacha ag éirí níos giorra agus toisc go bhfuil líon an trealaimh atá briste nó as feidhm agus atá á chaitheamh i dtraipisí ag dul i méid.

    Ábhar leictreach agus leictreonach coitianta:

    • Fearais mhóra sa teach (cuisneoirí/reoiteoirí, innill níocháin, miasniteoirí)
    • Fearais bheaga sa teach (tóstaeir, déantóirí caife, iarainn, triomadóirí gruaige)
    • Trealamh theicneolaíocht na faisnéise agus na teileachumarsáide (ríomhairí pearsanta, teileafóin, fóin shoghluaiste, ríomhairí glúine, scanóirí, gléasanna fótachóipeála)
    • Trealamh tomhaltóirí (teilifíseáin, steiréisheinnteoirí, scuaba fiacla leictreacha, raidiónna trasraitheora)
    • Trealamh soilse (lampaí fluaraiseacha)
    • Uirlisí leictreacha agus leictreonacha (druilirí láimhe, sábha, scriúirí)
    • Bréagáin (Playstation, etc.)
    • Córais trealamh leighis (cé is moite de gach táirge ionchlannaithe agus ionfhabhtaithe)
    • Ionstraimí monatóireachta agus rialaithe
    • Dáileoirí uathoibríocha.

    Tabhair cuairt ar http://www.weeeireland.ie/ chun tuilleadh eolais a fháil faoi WEEE

    Barr...

  • Céard é an dlí maidir le WEEE?

    Is treoir AE é Treoir WEEE atá bunaithe ar an bprionsabal maidir le “Freagracht ar an Táirgeoir” agus is iad cuspóirí ginearálta na treorach ná:

    • Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (WEEE) a chosc
    • Athúsáid, athchúrsáil agus athshlánú dramhthrealaimh dá leithéid a chur chun cinn
    • Feidhmíocht chomhshaoil gach oibreora a bhfuil baint acu le saolré trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a fheabhsú, e.g. táirgeoirí, dáileoirí agus tomhaltóirí agus go háirithe na hoibreoirí sin a bhfuil baint dhíreach acu leis an gcaoi a láimhseáiltear dramhthrealamh leictreach agus leictreonach.

    Maoiníonn gach duine a tháirgeann trealamh leictreach agus leictreonach athshlánú agus athchúrsáil dramhthrealamh leictreach agus leictreonach.

    Ina theannta sin, leagtar amach i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach), 2011 freagrachtaí sonracha maidir le WEEE maidir le:

    • Úsáideoirí deiridh WEEE
    • Údaráis Áitiúla
    • Miondíoltóirí
    • Táirgeoirí (Déantúsóirí/iompórtálaithe)
    • Bailitheoirí dramhaíola
    • Saoráidí dramhaíola

    Tabhair cuairt ar www.irishstatutebook.ie chun tuilleadh eolais a fháil ar an reachtaíocht maidir le WEEE.

    Barr...

  • Cén chaoi a gcuirfidh mé ábhar leictreach agus leictreonach (WEEE) de láimh?

     

An raibh a fhios agat gur féidir leat do threalamh Leictreonach úsáidte go léir a thabhairt ar ais chuig na gnóthaí seo a leanas i gCathair na Gaillimhe:

Curry’s, Páirc Miondíolaíochta na Gaillimhe, Bóthar Áth Cinn

  • Harvey Norman, Páirc Miondíolaíochta an Gheata, Cnoc na Cathrach
  • Peter Murphy Electric, Ionad Siopadóireachta an Taoibh Thiar
  • Cunniffe Electric, Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe agus Bóthar Thuama
  • DID Electric, Páirc Gnó Chnoc Mhaoil Drise agus Páirc Miondíolaíochta Thír Oileáin
  • N17 Ollsiopaí Leictreacha & Troscáin, Páirc Gnó Chnoc Mhaoil Drise, Gaillimh

Ceanglaítear ar mhiondíoltóirí móra leictreacha glacadh le DTLL saor in aisce ón bpobal. Seiceáil le do mhiondíoltóir leictreachais áitiúil.  Ní mór do gach miondíoltóir leictreachais DTLL a thógáil ar ais ar bhonn iontamhla nuair a cheannaíonn tú gléas nua.

  • Iarrtar ar úsáideoirí deiridh WEEE a chinntiú nach gcuireann siad WEEE de láimh i gcomhair athchúrsála ach amháin i saoráid dramhaíola údaraithe (ceadaithe ag an Údarás Áitiúil nó Ceadúnaithe ag an EPA), i Saoráid Conláiste Cathartha an Údaráis Áitiúil nó in ionaid miondíoltóirí thar ceann scéim comhlíontachta.

    Féadfaidh tú socrú a dhéanamh freisin ionas go mbaileoidh bailitheoir dramhaíola ceadaithe d’earraí WEEE.
    Tabhair cuairt ar http://www.nwcpo.ie/ chun liosta bailitheoirí atá ceadaithe chun WEEE a iompar a fháil.

    Níor cheart WEEE a chur i mboscaí bruscair tí ná i scipeanna toisc go mbíonn siad guaiseach.

    Barr...

  • Cá dtabharfaidh mé WEEE i gcomhair athchúrsála?

    Má cheannaigh tú fearas nó píosa trealaimh nua leictreach nó leictreonach tá sé de dhualgas ar an miondíoltóir nó ar an soláthróir an seanfhearas nó trealamh a bhí agat atá cosúil leis an bhfearas nó leis an trealamh a cheannaigh tú, a ghlacadh ar ais in aisce ar bhunús ceann ar cheann, cosúil lena chéile.

    Chun tuilleadh eolais a fháil féach an bróisiúr WEEE, an Comhshaol agus an tomhaltóir.

    Is gá d’Údaráis Áitiúla freisin WEEE tí (amháin) a ghlacadh ar ais saor in aisce ó dhaoine sa phobal ag a nÁis Conláiste Cathartha. Is le haghaidh sealbhóirí tí amháin an tseirbhís sin. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar Láithreán Conláiste Cathartha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag Eastát Tionscail an Leasa Bháin.

    Más gnó thú agus más mian leat fáil réidh le hábhar WEEE, ní mór duit do chuid socruithe féin a dhéanamh le bailitheoir dramhaíola príobháideach nó le saoráid dramhaíola phríobháideach. Ní gá d’Údaráis Áitiúla glacadh le WEEE ó Ghnó go Gnó. Tabhair faoi deara nár cheart do ghnó ach áiseanna príobháideacha ceadaithe/ceadúnaithe a úsáid chun diúscairt a dhéanamh ar dhramhthrealamh leictreach nó leictreonach.

    D’fhéadfadh na naisc seo a leanas a bheith cabhrach i dtaca leis sin:

    Barr...

  • Cén cúram atá orm má dhíolaim trealamh leictreach agus/nó leictreonach?

    Ní mór do mhiondíoltóirí trealaimh leictrigh nó leictreonaigh (EEE) a chinntiú:

    • go bhfuil a gcuid soláthraithe EEE cláraithe le WEEE Register Society Ltd. Mura bhfuil is ar an miondíoltóir a thitfidh cúram an táirgeora.
    • go bhfuil siad cláraithe lena n-údarás áitiúil nó le scéim comhlíontachta. Is é WEEE Ireland an scéim comhlíontachta atá ag Cathair na Gaillimhe. Tabhair cuairt ar http://www.weeeireland.ie chun teacht ar leathanach gréasáin WEEE Ireland do Chlárú Miondíoltóirí Ar Líne nó http://www.environ.ie chun an fhoirm chláraithe le clárú le d’Údarás Áitiúil a íoslódáil.
    • go dtaispeánann siad fógraí go nglacann siad le hearraí ar ais. Breathnaigh ar shamplaí de na fógraí maidir le hearraí a ghlacadh ar ais.
    • go dtógann siad ar ais WEEE tí ar bhonn ceann ar cheann, saor in aisce.
    • go ndéanann siad diúscairt ar WEEE in Ionad Athchúrsála Údarás Áitiúil, le scéim comhlíontachta WEEE nó i saoráid cheadaithe/cheadúnaithe. Tabhair cuairt ar leathanach an Ionaid Athchúrsála chun tuilleadh eolais a fháil faoi ionad athchúrsála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Barr...

  • Cén cúram atá orm má dhéanaim nó má iompórtálaim trealamh leictreach agus/nó leictreonach (EEE)?

    Is gá do tháirgeoirí (déantóirí/iompórtálaithe) a bheith cláraithe le WEEE Register Society Ltd agus uimhir chláraithe WEEE a thaispeáint ar na cáipéisí ar fad.

    Barr...

  • Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le WEEE?

    Sealbhóirí tí Chathair na Gaillimhe amháin.

    Má bhíonn ceist ar bith agat maidir le Dramhthrealamh Leictreach nó Leictreonach, Cónaitheoirí Chathair na Gaillimhe amháin, téigh i dteagmháil le:

    Seirbhísí do Chustaiméirí,
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
    Teil: 091 536400 
    Ríomhphost: weee@galwaycity.ie
    Cónaitheoirí Chathair na Gaillimhe amháin, i gceantair eile déan teagmháil leis an Údarás Áitiúil ábhartha

    Barr...