Léasú Fadtéarmach - Tionóntaí

  • Céard is Léasú Fadtéarmach ann?

    Tugadh Léasú Fadtéarmach isteach chun freastal ar riachtanais chóiríochta na ndaoine a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu, faoi mar a chinneann Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Faightear áitribh ar léas ón earnáil phríobháideach agus úsáidtear iad chun cóiríocht a chur ar fáil do theaghlaigh atá ar an liosta feithimh tithíochta. Tugtar áitribh ar léas do thionóntaí de réir scéim leithdháilte Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Má leithdháiltear maoin d’iarratasóir ar Thithíocht Shóisialta faoin scéim seo, measfar go bhfuiltear tar éis a riachtanas tithíochta a chomhlíonadh agus dúnfar an t-iarratas ar thithíocht.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar Léasú Fadtéarmach?

    Le bheith incháilithe le haghaidh Léasú Fadtéarmach, ní mór do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe measúnú a dhéanamh ar iarratasóirí agus ní mór go mbeadh riachtanas tithíochta fadtéarmach acu. Is cineál tithíochta sóisialta é an Léasú Fadtéarmach; dá bhrí sin is gá d’iarratasóirí Iarratas ar Thithíocht Shóisialta a chomhlánú agus a chur isteach. Tugtar áitribh ar léas do thionóntaí de réir scéim leithdháilte Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

    Barr...

  • Cén chaoi a n-oibríonn Léasú Fadtéarmach?

    Tá caidreamh trí bhealach i gceist le Léasú Fadtéarmach idir an tiarna talún, an tionónta agus an t-údarás áitiúil. Leagfar amach freagrachtaí ginearálta na dtrí pháirtí sa chonradh a dhéanfar. I gcás daoine a ndearna Comhairle Cathrach na Gaillimhe measúnú orthu agus a meastar go bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu agus atá i gcóiríocht ar cíos cheana féin, féadfaidh siad (le toiliú an tiarna talún) iarratas a dhéanamh a gcóiríocht reatha a ghlacadh ar léas faoin Scéim Léasaithe Fhadtéarmaigh.

    Barr...

  • Cén buntáiste atá le Léasú Fadtéarmach domsa mar thionónta?

    I gcás Léas Fadtéarmach:

    • Tugtar cinnteacht fhadtéarmach tithíochta duit
    • Cuirtear feabhas ar cháilíocht agus ar chaighdeáin na cóiríochta príobháidí ar cíos
    • Íoctar an cíos le Comhairle Cathrach na Gaillimhe seachas leis an tiarna talún, agus is féidir an cíos a íoc le buanordú nó le hasbhaint ó íocaíocht leasa shóisialaigh.
    • Déantar cíosanna a ríomh ar an mbonn céanna le tionóntaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Barr...

  • An gá dom éarlais a íoc leis an tiarna talún?

    Ní íocann tú éarlais leis an tiarna talún faoi chomhaontú léasaithe fhadtéarmaigh. Mar sin féin, is gá táille thionóntachta neamh-in-aisíoctha €200.00 a íoc le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Barr...

  • An mbeidh orm bogadh chuig cóiríocht nua?

    Déanfar iarracht conarthaí a shíniú le do thiarna talún reatha seachas más rud é nach gcomhlíonann an chóiríocht ina bhfuil cónaí ort na caighdeáin chíosa reatha agus/nó más rud é nach nglacfaidh do thiarna talún páirt sa scéim.

    Mura bhfuil an chóiríocht ar chaighdeán maith go leor agus/nó más rud é nach bhfuil do thiarna talún sásta a bheith páirteach sa scéim, molfar duit cóiríocht eile a aimsiú.

    Barr...

  • An féidir liom diúltú do thairiscint cóiríochta?

    Meastar gur tairiscint réasúnach atá i dtairiscint cóiríochta más rud é go bhfuil an chóiríocht atá á tairiscint oiriúnach do riachtanais tithíochta an iarratasóra agus suite ina rogha ceantair. Má thairgtear cóiríocht duit faoin Scéim Léasaithe Fhadtéarmaigh, is féidir leat diúltú di. Mar sin féin, má dhiúltaíonn tú do dhá thairiscint tithíochta laistigh de thréimhse 12 mhí, cuirfear an tOifigeach Leasa Pobail ar an eolas agus d’fhéadfaí do liúntas cíosa a chur ar fionraí (más infheidhmithe) agus ní bheidh tú i dteideal aon tairiscint cóiríochta eile a fháil ar feadh tréimhse bliana ar a laghad.

    Barr...

  • Má bhíonn fadhb chothabhála leis an maoin, cé leis ar ceart dom dul i dteagmháil?

    Tá do thiarna talún freagrach as trealamh a chothabháil agus a dheisiú nó a athsholáthar mar is gnáth. Mar thionónta, ní mór duit an mhaoin a chothabháil agus an mhaoin a choimeád glan agus i ndea-chaoi. Ní mór do thionóntaí cloí le rialacha na tionóntachta.

    Barr...

  • Céard is ceart dom a dhéanamh mura bhfuil an tiarna talún ag comhlíonadh a dhualgas?

    Más rud é nach bhfuil an tiarna talún ag cloí le téarmaí an Chomhaontaithe Tionóntachta, ba cheart duit gearán a dhéanamh leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha

    Barr...

  • Tá Léas Fadtéarmach agam i gcontae eile agus is mian liom aistriú go Cathair na Gaillimhe. Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas air?

    Tugtar tús áite do dhaoine atá ar liosta feithimh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe cheana féin. Cé nach gcuirimid seirbhís aistrithe ar fáil, is féidir le duine cur isteach ar thithíocht shóisialta sa ghnáthshlí agus beidh gá le fianaise a thabhairt ar nasc leis an gcathair.

    Barr...

  • Céard a tharlaíonn má thugann an tiarna talún fógra fágála dom le himeacht ón maoin (Léasú Fadtéarmach)?

    Má chinneann an tiarna talún an mhaoin a tharraingt amach as an scéim, cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe cóiríocht mhalartach ar fáil fad is nár cuireadh amach as maoin thú toisc gur sháraigh tú dualgais na tionóntachta.

    Barr...