Scéim Cóiríochta Cíosa - Tiarnaí Talún

  • Céard í an Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Tugadh isteach an Scéim Cóiríochta Cíosa chun freastal ar riachtanais chóiríochta daoine a bhfuil liúntas cíosa á fháil acu ar feadh breis is 18 mí go hiondúil, agus a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu, faoi mar a chinneann Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Faoin Scéim seo, déanann údaráis áitiúla comhaontú le tiarnaí talún chun tithíocht a sholáthar do dhaoine a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu. Is é an t-údarás áitiúil a íocann an cíos go díreach leis an tiarna talún. Íocann na tionóntaí a gcíos leis an údarás áitiúil.

    Is iad seo a leanas príomhghnéithe na scéime:

    Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil lena n-áirítear bileog mhínitheach do thiarnaí talún (pdf) agus liosta de shonraí teagmhála chomhaltaí foirne na Scéime Cóiríochta Cíosa sna húdaráis áitiúla

    Barr...

  • Is tiarna talún mé. Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar an Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Más tiarna talún thú agus más mian leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim Cóiríochta Cíosa, is gá na cáipéisí seo a leanas a chur ar fáil:

    Barr...

  • Cén chaoi a n-oibríonn an Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Tá caidreamh trí bhealach i gceist leis an Scéim Cóiríochta Cíosa idir an tiarna talún, an tionónta agus an t-údarás áitiúil.

    Leagfar amach freagrachtaí ginearálta na dtrí pháirtí sa Chomhaontú Tionóntachta.

    Barr...

  • Cén cineál conartha atá ar fáil faoin Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Is é seo a leanas an cineál conartha is féidir a fháil ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoin Scéim Cóiríochta Cíosa faoi láthair:

    Socrú de réir tionóntachta chun riachtanais chóiríochta tionónta a chomhlíonadh – tiocfaidh deireadh leis an gconradh nuair a fhágfaidh an tionónta. Beidh an socrú seo i bhfeidhm ar feadh thréimhse na tionóntachta sonraí seo, agus tiocfaidh deireadh leis nuair a fhágann an tionónta an mhaoin.

    Síneoidh an tionónta comhaontú tionóntachta cónaithe leis an tiarna talún. Beidh an tÚdarás Áitiúil páirteach sa chomhaontú sin mar ráthóir an chíosa.

    Is é an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004, a rialaíonn an conradh.

    Barr...

  • Cén chaoi a ríomhtar méid an chíosa a íoctar leis an tiarna talún faoin Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Bíonn na cíosanna a íocann Comhairle Cathrach na Gaillimhe bunaithe ar mhéid na maoine agus ar na rátaí margaidh atá i réim. Ina theannta sin, áireofar sa chíos a íocfar an chinnteacht atá ann toisc go rathaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe an cíos agus go n-íoctar é roimh ré i do chuntas bainc ag tús gach míosa. Toisc go maireann na tionóntachtaí níos faide go hiondúil, sábhálfaidh tú airgead ar oibreacha idir tionóntachtaí, ar chostais fógraíochta agus ar easpa ioncaim nuair a bhíonn an mhaoin folamh.

    Barr...

  • Cé na freagrachtaí atá ar Thiarna Talún faoin Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Bíonn príomhchaidreamh “tiarna talún agus tionónta” idir an tiarna talún agus an tionónta fós. Dá bhrí sin, bíonn an tiarna talún freagrach i gcónaí as nithe amhail:

    • Árachas
    • Trealamh a chothabháil/dheisiú agus a athsholáthar sa ghnáthchúrsa
    • Déileáil le sáruithe ar dhualgais an tionónta
    • Táillí seirbhísí na cuideachta bainistíochta (más ann dóibh) agus aon táille eile (amhail an Íocaíocht ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha, an Muirear Teaghlaigh agus an Cháin Mhaoine Áitiúil íoctha) a íoc.

    Barr...

  • Céard iad buntáistí na Scéime Cóiríochta Cíosa do thiarnaí talún?

    • Ioncam deimhnithe ar feadh thréimhse an chomhaontaithe
    • Is é an t-údarás áitiúil a íocann an cíos go díreach, a chuireann deireadh leis an gcostas bailithe cíosa don tiarna talún
    • Tionóntachtaí fadtéarmacha, a sheachnaíonn folúntais agus costais ar athrú tionóntachta

    Barr...

  • An íoctar éarlais leis an tiarna talún nuair a chuirtear tús leis an tionóntacht?

    Ní íocann an tionónta éarlais leis an tiarna talún. Mar sin féin, má dhéantar damáiste seachas gnáthchaitheamh agus ghnáthchuimilt don mhaoin, geallfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe go n-íocfar suas le cíos míosa i dtreo chostas an deisiúcháin/athsholáthair. Tá an gealltanas sin faoi réir admhálacha agus fianaise i ngrianghraif den damáiste a sholáthar.

    Barr...

  • Cén chaoi a n-íoctar cíos na Scéime Cóiríochta Cíosa leis an tiarna talún?

    Íoctar an cíos gach mí roimh ré trína lóisteáil go díreach i do chuntas bainc ainmnithe.

    Barr...

  • Céard is Teastas Rátála Fuinnimh Foirgnimh ann?

    Léiriú ar fheidhmíocht fuinnimh an tí atá i dTeastas Rátála Fuinnimh Foirgnimh. Tá an ráta cosúil leis an lipéad fuinnimh ar chuisneoir agus úsáidtear scála idir A agus G ann. Is é A1 an aicme is tíosaí ar fhuinneamh agus is é G an aicme is lú atá tíosach ar fhuinneamh. Bíonn Tuarascáil Chomhairleach ag gabháil le rátáil ina n-aithnítear an chaoi a bhféadfaidh tú feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh na maoine.

    Measúnóirí Rátála Fuinnimh Foirgnimh cláraithe a thugann faoi mheasúnuithe Rátála Fuinnimh Foirgnimh. Cuireadh oiliúint orthu sin faoin gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí, d’éirigh leo i scrúdú Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann do Mheasúnóirí Rátála Fuinnimh Foirgnimh, agus chláraigh siad le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann.

    Barr...

  • An féidir liom tarraingt amach as an Scéim Cóiríochta Cíosa de bharr cúinsí gan choinne nó más mian liom an mhaoin a dhíol?

    Má chuirtear deireadh le tionóntacht, is gá é sin a dhéanamh de réir na nósanna imeachta bunaithe atá leagtha amach san Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004 . Is gá fógra leordhóthanach a thabhairt.

    Barr...

  • Cén chaoi a gcláraím tionóntacht faoin Scéim Cóiríochta Cíosa leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha?

    Is féidir leat clárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha ar líne ar www.prtb.ie

    Barr...

  • Má tharlaíonn díospóid idir an tiarna talún agus an tionónta, cé leis ar ceart dom dul i dteagmháil?

    Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha ar 0818 30 30 37

    Barr...