Scéim Cóiríochta Cíosa - Tionóntaí

  • Céard í an Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Tugadh isteach an Scéim Cóiríochta Cíosa chun freastal ar riachtanais chóiríochta daoine a bhfuil liúntas cíosa á fháil acu ar feadh breis is 18 mí go hiondúil, agus a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu, faoi mar a chinneann Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Faoin Scéim, déanann údaráis áitiúla comhaontú le tiarnaí talún chun tithíocht a sholáthar do dhaoine a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu ar feadh tréimhse shocraithe. Is é an t-údarás áitiúil a íocann an cíos go díreach leis an tiarna talún. Íocann na tionóntaí a gcíos leis an údarás áitiúil.

    Is iad seo a leanas príomhghnéithe na scéime:

    • Íocann na húdaráis áitiúla an cíos iomlán leis an tiarna talún thar ceann an tionónta

    Is gá do thiarnaí talún tionóntachtaí a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha.

    Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil lena n-áirítear bileog mhínitheach do thiarnaí talún (pdf) agus liosta de shonraí teagmhála chomhaltaí foirne na Scéime Cóiríochta Cíosa sna húdaráis áitiúla

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar an Scéim Cóiríochta Cíosa - mar thionónta?

    Le bheith incháilithe don Scéim Cóiríochta Cíosa, ní mór go mbeadh liúntas cíosa á fháil ag iarratasóirí le breis is 18 mí go hiondúil, agus ní mór go mbeidís faofa ar an liosta feithimh tithíochta le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Déan teagmháil leis an Rannóg Tithíochta chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le d’iarratas – glaoigh ar 091 894370 idir 9am agus 5pm, Luan go hAoine, nó buail isteach chuig an gCuntar Tithíochta Poiblí i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh idir 9.30am agus 1.00pm, ó Luan go hAoine.

    Barr...

  • Cén chaoi a n-oibríonn an Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Tá caidreamh trí bhealach i gceist leis an Scéim Cóiríochta Cíosa idir an tiarna talún, an tionónta agus an t-údarás áitiúil.

    Leagfar amach freagrachtaí ginearálta na dtrí pháirtí sa chonradh a dhéanfar.

    Barr...

  • Cén buntáiste atá leis an Scéim Cóiríochta Cíosa domsa mar thionónta?

    Tabharfar cinnteacht fhadtéarmach tithíochta duit faoin Scéim Cóiríochta Cíosa. Cuirtear feabhas ar cháilíocht agus ar chaighdeáin na cóiríochta príobháidí ar cíos freisin mar thoradh ar an Scéim Cóiríochta Cíosa. Má éiríonn leat post a fháil, beidh tú in ann fanacht sa scéim ach beidh ort tuilleadh airgid a íoc as an gcíos. Déanfar an cíos a ríomh in athuair má thagann athrú ar cheann ar bith de do shonraí ioncaim. Íoctar an cíos le Comhairle Cathrach na Gaillimhe seachas leis an tiarna talún, agus is féidir an cíos a íoc le buanordú nó le hasbhaint ó íocaíocht leasa shóisialaigh.

    Barr...

  • Cé mhéad cíosa a íocann tionónta atá páirteach sa Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Bíonn méid an chíosa a íocann an tionónta bunaithe ar ioncam an teaghlaigh. Déantar an méid cíosa a ríomh le scéim cíosanna difreálacha. Ciallaíonn sé sin go mbíonn méid an chíosa bunaithe ar do chumas lena íoc. Mar sin, beidh an cíos íseal mura bhfuil agat ach ioncam beag agus tiocfaidh méadú ar an gcíos má thagann méadú ar d’ioncam. Cuirfear ioncam na ndaoine eile sa teaghlach san áireamh sa ríomh cíosa, agus d’fhéadfaí go mbeadh asbhaintí ann i gcás leanaí sa teaghlach. Bíonn a scéim cíosa féin á feidhmiú ag gach údarás áitiúil.

    Is gá duit scéal a chur chuig an údarás áitiúil má thagann athrú ar d’ioncam féin nó ar ioncam aon duine sa teaghlach.

    Breathnaigh ar thuilleadh eolais faoin scéim cíosanna difreálacha.

    Barr...

  • An gá dom éarlais a íoc leis an tiarna talún faoin Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Ní gá duit éarlais a íoc leis an tiarna talún faoin Scéim Cóiríochta Cíosa. Mar sin féin, is gá táille thionóntachta neamh-in-aisíoctha €200.00 a íoc le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Barr...

  • An mbeidh orm bogadh chuig cóiríocht nua más mian liom iarratas a dhéanamh ar an Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Is féidir leat fanacht sa chóiríocht ina bhfuil tú faoi láthair ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an chóiríocht sin na caighdeáin chíosa reatha agus go bhfuil an tiarna talún sásta a bheith páirteach sa scéim. Déanfar iarracht conradh a shíniú le do thiarna talún reatha.

    Mura bhfuil an chóiríocht ar chaighdeán maith go leor agus/nó más rud é nach bhfuil do thiarna talún sásta a bheith páirteach sa scéim, molfar duit ar dtús cóiríocht eile a aimsiú.

    Barr...

  • An féidir liom diúltú do thairiscint cóiríochta faoin Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Meastar gur tairiscint réasúnach atá i dtairiscint cóiríochta más rud é go bhfuil an chóiríocht atá á tairiscint oiriúnach do riachtanais tithíochta an iarratasóra agus suite ina rogha ceantair. Má thairgtear cóiríocht duit faoin Scéim Cóiríochta Cíosa, is féidir leat diúltú di. Mar sin féin, má dhiúltaíonn tú do dhá thairiscint tithíochta sóisialta laistigh de thréimhse 12 mhí, cuirfear d’iarratas tithíochta ar fionraí ar feadh tréimhse 12 mhí. Cuirfear an tOifigeach Leasa Pobail ar an eolas agus d’fhéadfaí do liúntas cíosa a chur ar fionraí. Ní bheidh tú i dteideal aon tairiscint cóiríochta eile a fháil ar feadh tréimhse bliana ar a laghad.

    Barr...

  • Is tionónta de chuid na Scéime Cóiríochta Cíosa mé. Má bhíonn fadhb chothabhála ann, cé leis ar ceart dom dul i dteagmháil?

    Tá do thiarna talún freagrach as trealamh a chothabháil agus a dheisiú nó a athsholáthar mar is gnáth. Ba cheart dul i dteagmháil leis an tiarna talún dá bhrí sin.

    Barr...

  • Céard is ceart dom a dhéanamh mura bhfuil an tiarna talún ag comhlíonadh a dhualgas faoin Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Más rud é nach bhfuil an tiarna talún ag cloí le téarmaí an Chomhaontaithe Tionóntachta, ba cheart duit gearán a dhéanamh leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha.

    Barr...

  • Tá mé i Scéim Cóiríochta Cíosa i gcontae eile agus is mian liom aistriú go Cathair na Gaillimhe. Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas uirthi?

    Níl seirbhís aistrithe i bhfeidhm ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun aistriú idir limistéir údaráis áitiúil. Mar sin féin, más gá duit bogadh go Gaillimh, ní mór duit iarratas tithíochta a chur isteach lena mheasúnú, mar aon leis na cáipéisí tacaíochta ar fad ina léirítear an chúis a dteastaíonn cóiríocht uait sa chathair.
    Breathnaigh ar na ceisteanna coitianta maidir le ‘Cén chaoi a gcuirtear isteach ar Thithíocht Shóisialta?

    Barr...

  • Céard a tharlaíonn má thugann an tiarna talún fógra fágála dom le himeacht ón maoin faoin Scéim Cóiríochta Cíosa?

    Má chinneann an tiarna talún an mhaoin a tharraingt amach as an scéim, cuirfear cóiríocht mhalartach ar fáil fad is nár cuireadh amach as an maoin thú toisc gur sháraigh tú dualgais na tionóntachta.

    Barr...