Tithíocht Shóisialta

  • Céard is Tithíocht Shóisialta ann?

    Is iad na húdaráis áitiúla na príomhsholáthraithe de thithíochta sóisialta nó ‘údaráis tithíochta’ do dhaoine nach bhfuil ar a gcumas a dteach féin a cheannach. Dáiltear tithíocht údaráis áitiúil ar bhonn incháilitheachta agus riachtanais. Bíonn na cíosanna bunaithe ar chumas an teaghlaigh an cíos a íoc.

    Cuireann cumainn tithíochta (ar a dtugtar ‘tithíocht dheonach’ nó ‘cumainn tithíochta deonaí’ uaireanta) agus comharchumainn tithíochta tithíocht shóisialta ar fáil freisin do dhaoine nach bhfuil ar a gcumas a dteach féin a cheannach.

    Ón 1 Aibreán 2011, cuimsítear na scéimeanna tithíochta seo a leanas faoi Thacaíocht Tithíochta Sóisialta na nÚdarás Áitiúil:

      • Soláthar Tithíochta Údaráis Áitiúil
        Is é atá i Soláthar Tithíochta Údaráis Áitiúil tithíocht ar leis an Údarás Áitiúil í agus a ligtear ar cíos do dhaoine nach bhfuil ar a gcumas tithíocht a chur ar fáil dóibh féin mar gheall ar a gcúinsí.

        Cuimsítear le soláthar tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tithe, tithe cathrach dhá urlár, agus árasáin. Sainítear cuid d’aonaid tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus do dhaoine scothaosta.

      • Scéim Cóiríochta Cíosa
        Cineál eile tacaíochta tithíochta is ea an Scéim Cóiríochta Cíosa do dhaoine atá ar an Liosta Feithimh Tithíochta agus a bhfuil an Liúntas Cíosa á fháil acu ar feadh 18 mí nó níos mó.

        Déanann an Chomhairle conradh le tiarnaí talún chun teacht ar chóiríocht ar chaighdeán maith ón earnáil phríobháideach cíosa. D’fhéadfadh daoine a bhfuil liúntas cíosa á fháil acu ag a seoladh reatha fanacht sa teach ina bhfuil siad faoi láthair má tá spéis ag an tiarna talún a bheith páirteach sa scéim agus ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an chóiríocht reatha na caighdeáin riachtanacha. Faoin Scéim Cóiríochta Cíosa, íocann tionóntaí cíos go díreach leis an gComhairle Cathrach seachas leis an tiarna talún féin. Bíonn an cíos sin bunaithe ar scéim cíosanna difreálacha na Comhairle. Íocann an t-údarás áitiúil méid comhaontaithe cíosa leis an tiarna talún. Bíonn an conradh i bhfeidhm ar feadh na tréimhse a fhanann an tionónta sa mhaoin go hiondúil.

      • Léasú Fadtéarmach
        Tá Léasú Fadtéarmach ar an gcineál tithíochta sóisialta is nuaí. Tugtar cóiríocht ón earnáil phríobháideach cíosa ar bhonn fadtéarmach (tréimhse ceithre bliana nó ocht mbliana go hiondúil) do dhaoine ar an Liosta Feithimh Tithíochta. D’fhéadfadh tionóntaí reatha fanacht sa teach ina bhfuil siad faoi láthair má tá spéis ag an tiarna talún a bheith páirteach sa scéim agus ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an chóiríocht reatha na caighdeáin riachtanacha. I gcásanna eile, cabhróidh an Chomhairle leis an tionónta cóiríocht nua a aimsiú. Faoin Scéim Léasaithe Fhadtéarmaigh, íocann tionóntaí cíos go díreach leis an gComhairle Cathrach seachas leis an tiarna talún féin. Bíonn an cíos sin bunaithe ar scéim cíosanna difreálacha na Comhairle.

        Má bhíonn ceist ar bith eile agat maidir le Léasú Tithíochta Sóisialta, ba cheart dul i dteagmháil leis an Rannán Tithíochta ar 091 894370.

      • Cóiríocht Shonrach don Lucht Siúil:
        Faoi Chóiríocht Shonrach don Lucht Siúil, cuirtear bánna ar fáil i láithreáin stad mar aon le grúpscéimeanna don lucht siúil. Má tá spéis agat sa chineál sin cóiríochta, tabhair faoi deara gur gá an rogha sin a roghnú ar an bhfoirm iarratais ar thithíocht.

    • Tithíocht Dheonach:
      Is é atá i dTithíocht Dheonach tithíocht atá á cur ar fáil ag Comhlachtaí Deonacha a fhaigheann maoiniú ón Rialtas náisiúnta. Tá roinnt Comhlachtaí Deonacha ag feidhmiú i limistéar feidhme Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá cearta áirithe ainmniúcháin againn maidir leis na haonaid dheonacha sin.

      Tabhair faoi deara: Má éiríonn leat cóiríocht a fháil ó Chomhlacht Deonach, bainfear thú de liosta feithimh tithíochta an Údaráis Áitiúil.

    Barr...

  • An bhfuil mé incháilithe le haghaidh Tithíocht Shóisialta?

    Le bheith i dteideal Tithíocht Shóisialta, ní mór duit a bheith incháilithe agus is gá go dteastódh tithíocht shóisialta uait.

    • Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe measúnú ar d’incháilitheacht ar dtús.
    • Ní dhéanfaidh an Chomhairle measúnú ar do riachtanas i leith tithíocht shóisialta go dtí go mbeidh sé cruthaithe go bhfuil tú incháilithe.

    Maidir le heachtrannaigh, caithfidh go bhfuil ceart dlíthiúil acu fanacht sa Stát ar bhonn fadtéarmach sula mbeidh cead acu iarratas a dhéanamh ar Thithíocht Shóisialta.

    Incháilitheacht

    Ní mór na critéir maidir le hioncam a chomhlíonadh le go measfar go bhfuil tú incháilithe le haghaidh tithíocht shóisialta.
    Ní mór a léiriú freisin nach bhfuil aon chóiríocht mhalartach oiriúnach agat.

    Critéir maidir le hioncam:

    €40,000 le haghaidh aon duine amháin
    5% breise le haghaidh gach duine eile den teaghlach atá os cionn 18 mbliana d’aois suas le huasmhéid 10%
    2.5% breise le haghaidh gach duine eile den teaghlach atá níos óige ná 18 mbliana d’aois

  • D’fhoilsigh an Roinn tábla ina léirítear na teorainneacha glanioncaim uasta sin (pdf).

    Cóiríocht mhalartach:

    Measfar go bhfuil cóiríocht mhalartach agat más rud é go bhfuil maoin ag duine den teaghlach agus gur réasúnta a mheas go bhféadfadh an teaghlach cónaí ann. Áirítear leis sin cóiríocht atá ligthe ar cíos (faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004, is féidir deireadh a chur leis an tionóntacht má theastaíonn an mhaoin ón teaghlach chun cónaí ann).

    Ní mheasfar maoin mar chóiríocht mhalartach sna cásanna seo a leanas:

    • Tá cónaí ar dhuine ann atá colscartha nó scartha go dlíthiúil ó dhuine den teaghlach, nó ar cuireadh a p(h)áirtnéireacht shibhialta le duine den teaghlach ar ceal
    • Bheadh an iomarca daoine ann dá mbeadh an teaghlach ina gcónaí ann
    • Níl an mhaoin feiliúnach mar áit chónaithe do dhaoine
    • Ní fhreastalódh an mhaoin go sásúil ar riachtanais chóiríochta duine den teaghlach atá faoi mhíchumas


    Riachtanas

    Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil gá ag do theaghlach le tithíocht shóisialta, ní mór don údarás tithíochta na ceisteanna seo a leanas a chur san áireamh maidir le do chóiríocht reatha:

    • An institiúid, cóiríocht éigeandála nó brú í?
    • An bhfuil an iomarca daoine ann?
    • An bhfuil sí feiliúnach mar áit chónaithe do dhaoine?
    • An bhfreastalaíonn sí go sásúil ar riachtanais chóiríochta duine den teaghlach atá faoi mhíchumas?
    • Má chomhroinntear í le teaghlach eile, an bhfuil gá réasúnta agat/agaibh le cóiríocht ar leith?
    • An bhfuil sí mí-oiriúnach mar thithíocht leordhóthanach do theaghlaigh ar aon bhealach ábhartha eile, agus aird ar do chúinsí teaghlaigh ar leith, nó ar bhonn eisceachtúil leighis nó atruach?
    • Ar aicmíodh morgáiste reatha do theaghlaigh mar a bheith neamh-inbhuanaithe mar chuid den Phróiseas Réitigh do Riaráistí Morgáiste mar atá leagtha amach ag an mBanc Ceannais?

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar Thithíocht Shóisialta?

    Más mian leat iarratas a dhéanamh ar Thithíocht Shóisialta i gCathair na Gaillimhe, is gá Foirm Iarratais ar Thithíocht Shóisialta a chomhlánú agus Iarratas comhlánaithe ar Thithíocht a chur isteach chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Foirm Iarratais ar Thithíocht Deimhniú Ioncaim Cuid 1 de HMD-Foirm 1 Cuid 2 de HMD-Foirm 1Cuid 3 de HMD-Foirm 1

    Tabhair faoi deara:

    • Ní féidir iarratas ar thithíocht shóisialta a chur isteach chuig níos mó ná aon údarás tithíochta amháin. Ón 1 Iúil 2011, faoi na Rialacháin um Measúnú Tithíochta Sóisialta (Leasú), 2011, caitear le Cathair na Gaillimhe agus le Contae na Gaillimhe mar aon limistéar coiteann amháin le haghaidh iarratas.
    • Go ginearálta, ní mór duit a bheith i do chónaí cheana féin i gceantar an údaráis tithíochta sin nó is gá go mbeadh ceangal áitiúil agat leis an gceantar, ach is féidir leis an údarás tithíochta a thoiliú go dtarscaoilfí an riachtanas sin . Ar an ábhar sin, má bhogann tú chuig seoladh lasmuigh de Chathair na Gaillimhe, beidh ort ceangal áitiúil leis an gcathair a chruthú chun d’iarratas le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a choinneáil ar oscailt.
    • Ní mheasfar thú le haghaidh tithíocht shóisialta ach amháin má bhíonn ioncam do theaghlaigh faoi bhun na tairsí atá i bhfeidhm i gceantar an údaráis tithíochta sin.

    Barr...

  • Céard iad uaireanta oscailte an Chuntair Tithíochta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Bíonn an cuntar tithíochta poiblí ar oscailt ó 9.30am go dtí 1pm, Luan go hAoine.

    Is féidir glaoch a chur ar 091 536400 ó 9am go 5pm.

    Tá oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe suite i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

    Breathnaigh ar  léarscáil den áit a bhfuilimid lonnaithe.

    Barr...

  • Cén chaoi a gcuirfidh mé isteach iarratas ar Thithíocht Shóisialta?

    Is féidir Iarratas ar Thithíocht Shóisialta a chur isteach mar seo a leanas:

    • Sa phost chuig Rannán Tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
    • Go pearsanta ag an gcuntar poiblí tithíochta in Oifigí na Comhairle Cathrach.

    Tabhair faoi deara: Má tá aon cheann de na cáipéisí riachtanacha don iarratas in easnamh nó má tá an t-iarratas neamhiomlán, measfar go bhfuil an t-iarratas ar thithíocht neamhbhailí agus seolfar ar ais chugat é.

    Barr...

  • Cén áit ar féidir liom cóip den Fhoirm Iarratais ar Thithíocht agus den Teastas Ioncaim a fháil?

    De rogha air sin, is féidir leat Foirm Iarratais ar Thithíocht Shóisialta agus Foirm an Teastais Ioncaim a fháil ón Rannán Tithíochta ó:

    An Rannóg Tithíochta,
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh

    Uimhir theagmhála: 091 894370 nó ar ríomhphost: housing@galwaycity.ie

    Barr...

  • Ba mhaith liom cur isteach ar an Liúntas Cíosa – céard is gá dom a dhéanamh?

    Cuir isteach ar an Liúntas Cíosa

    Barr...

  • Céard is Teastas Ioncaim ann?

    Bíonn gá le Teastas Ioncaim le haghaidh gach duine díobh seo a leanas (más infheidhmithe):

    • An Príomhiarratasóir
    • Comhiarratasóir
    • Aon leanaí cleithiúnacha os cionn 18 mbliana d’aois.

    Is gá dóibh seo a leanas an Teastas Ioncaim a chomhlánú:

    • Fostóir (más ábhartha) (Leathanach 1)

    Is gá an Teastas Ioncaim a chur isteach mar aon le hIarratas iomlán ar Thithíocht.


    Barr...

  • Teastaíonn litir maidir leis an Measúnú ar Riachtanais Tithíochta ón Oifigeach Leasa Pobail / Ardoifigeach Feidhmiúcháin.

    Iarrfaidh ionadaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí (ar a dtugtaí Oifigeach Leasa Pobail roimhe seo) go bhfaighidh tú Litir maidir leis an Measúnú ar Riachtanais Tithíochta ó d’údarás áitiúil más mian leat iarratas a dhéanamh ar liúntas cíosa.

    • An bhfuil tú faofa cheana féin ar ár Liosta Feithimh Tithíochta?

    • MÁ TÁ, déan teagmháil leis an rannóg tithíochta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe le leagan chun dáta den litir maidir leis an Measúnú ar Riachtanais Tithíochta a fháil. (Uimhir theagmhála: 091 894370, Ríomhphost: housing@galwaycity.ie, nó buail isteach chuig an gcuntar poiblí i Halla na Cathrach idir 1pm agus 4pm, Luan go hAoine.)

    • MURA BHFUIL, le bheith i dteideal liúntas cíosa ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus Gnóthaí Teaghlaigh, is gá don Údarás Áitiúil ábhartha Measúnú ar Riachtanais Tithíochta a dhéanamh i.e. ní mór do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i limistéar feidhme Chathair na Gaillimhe iarratas a dhéanamh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Chun an measúnú sin a dhéanamh, ní mór don duine Iarratas ar Thithíocht a chur isteach mar aon leis na cáipéisí riachtanacha ar fad, lena n-áirítear Teastas Ioncaim, mar a leagtar amach sa seicliosta san Fhoirm Iarratais ar Thithíocht.

      Nuair a bheidh an Measúnú ar Riachtanais Tithíochta curtha i gcrích, beidh an t-údarás áitiúil in ann Litir maidir leis an Measúnú ar Riachtanais Tithíochta a thabhairt duit le cur isteach chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí agus Gnóthaí Teaghlaigh.

      Ní íoctar liúntas cíosa fad a bhíonn measúnú ar riachtanais tithíochta ar bun ag an údarás áitiúil.

    Barr...

  • Cá fhad a thógann sé Measúnú ar Riachtanais Tithíochta a fháil?

    • B’fhéidir go dtógfadh sé suas le 12 sheachtain litir maidir le Measúnú ar Riachtanais Tithíochta a fháil tar éis iarratas bailí ar thithíocht a chur isteach.
    • Tabhair faoi deara go bhféadfadh tréimhse bhreise a bheith i gceist dá n-iarrfaí eolas nó soiléiriú breise roimh an measúnú deiridh.
    • Nuair a dhéanfar measúnú ar d’iarratas ar thithíocht, cuirfear d’uimhir thagartha agus an cinneadh ar d’iarratas in iúl duit i scríbhinn.

    Barr...

  • Céard a dhéanfaidh mé nuair a gheobhaidh mé litir maidir le Measúnú ar Riachtanais Tithíochta?

    Ba cheart duit an litir a thabhairt don Roinn Coimirce Sóisialaí agus Gnóthaí Teaghlaigh má tá iarratas ar liúntas cíosa á dhéanamh agat.

    Barr...

  • Céard a dhéanfaidh mé faoin Iarratas ar Thithíocht má athraíonn mo chúinsí?

    Bíonn ort aon athrú ar do chúinsí (mar shampla athrú ar do sheoladh, ar mhéid an teaghlaigh, ar ioncam) a chur in iúl dúinn ionas gur féidir linn comhad d’iarratais a choimeád cothrom le dáta. Luaigh d’uimhir thagartha má chuireann tú ceist nó cáipéis ar bith faoi bhráid na Rannóige Tithíochta.

    • Leanbh cleithiúnach breise a chur ann – is gá Foirm maidir le Leanbh Cleithiúnach Breise a chomhlánú agus a chur isteach mar aon le cóip den teastas breithe agus le fianaise atá cothrom le dáta ar shochar linbh agus ar ioncam.
    • Athrú ar do sheoladh – comhlánaigh Foirm chun Seoladh a Athrú agus seol isteach í mar aon le fianaise ar do sheoladh nua – tá samplaí d’fhianaise a nglactar leo leagtha amach ar an bhFoirm chun Seoladh a Athrú.
    • Is mian liom comhiarratasóir a chur le m’iarratas reatha. Beidh oraibh iarratas nua ar thithíocht a chomhlánú le chéile agus an t-iarratas a chur isteach in éineacht leis na cáipéisí ábhartha ar fad don duine is mian leat a chur leis an iarratas reatha. Tabhair faoi deara gur cheart tagairt a dhéanamh don duine atá á chur leis an iarratas i ngach cuid eile den iarratas nua e.g. liosta seoltaí roimhe seo. Ba cheart don bheirt iarratasóirí an t-iarratas seo a shíniú. Agus an t-iarratas nua seo á chur isteach, luaigh d’uimhir thagartha reatha agus iarr go gcuirfí an duine seo le d’iarratas.
    • Athrú ar ioncam: Má bhí tú fostaithe roimhe seo agus má tá íocaíocht Leasa Shóisialaigh á fáil agat anois, seol isteach cóip de P45 agus litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus Gnóthaí Teaghlaigh ina dtugtar sonraí ar chineál, ar mhéid agus ar dháta tosaithe na híocaíochta.

    Barr...

  • Cén uair a gheobhaidh mé tairiscint cóiríochta ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Déantar tairiscintí cóiríochta bunaithe ar an bhfad ar an liosta feithimh de réir ár Scéime Tosaíochtaí Ligin faoi mar atá sa Scéim Leithroinntí Tithíochta Sóisialta ar ghlac Comhairle Cathrach na Gaillimhe léi an 12 Meán Fómhair 2011.

    Barr...

  • Cá bhfuil mé ar an Liosta Feithimh Tithíochta?

    Déan teagmháil linn le fáil amach cá bhfuil tú ar an Liosta Feithimh Tithíochta:

    • Ríomhphost: housing@galwaycity.ie
    • Teileafón: 091 894370
    • nó buail isteach chuig an gcuntar poiblí idir 9.30am agus 1pm ó Luan go hAoine.

    Barr...

  • Céard iad na Tairseacha/Teorainneacha Ioncaim atá i bhfeidhm le bheith i dteideal tithíochta?

    • €40,000 le haghaidh aon duine amháin
    • 5% breise le haghaidh gach duine eile den teaghlach atá os cionn 18 mbliana d’aois suas le huasmhéid 10%
    • 2.5% breise le haghaidh gach duine eile den teaghlach atá níos óige ná 18 mbliana d’aois
    Méid an Teaghlaigh Tairseach Ioncaim (glanioncam)
    Duine singil 40000
    Beirt fhásta 42000
    Triúr fásta nó níos mó 44000
       
    Duine singil le haon leanbh amháin 41000
    Duine singil le beirt leanaí 42000
    Duine singil le triúr leanaí 43000
    Duine singil le ceathrar leanaí nó níos mó 44000
       
    Fear céile agus bean chéile le haon leanbh amháin 43000
    Fear céile agus bean chéile le beirt leanaí 44000
    Fear céile agus bean chéile le triúr leanaí 45000
    Fear céile agus bean chéile le ceathrar leanaí nó níos mó 46000
    Fear céile agus bean chéile agus aon duine fásta cleithiúnach amháin 44000
    Fear céile agus bean chéile agus aon duine fásta cleithiúnach amháin agus aon leanbh amháin 45000
    Fear céile agus bean chéile agus aon duine fásta cleithiúnach amháin agus beirt leanaí 46000
    Fear céile agus bean chéile agus aon duine fásta cleithiúnach amháin agus triúr leanaí 47000
    Fear céile agus bean chéile agus aon duine fásta cleithiúnach amháin agus ceathrar leanaí nó níos mó 48000

    Barr...