Cóiríocht don Lucht Siúil

  • Cé na cineálacha cóiríochta a chuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar fáil don Lucht Siúil?

    Déanfar measúnú ar gach iarratas ó mhuintir an lucht siúil de réir na Rialachán um Measúnú Tithíochta Sóisialta, 2011.

    Nuair a dhearbhófar go bhfuil riachtanas tithíochta ann, déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe iarracht freastal ar an riachtanas sin tríd an bPlean Cóiríochta don Lucht Siúil a sheachadadh agus de réir na Scéime Tosaíochtaí Ligin.

    Is iad seo a leanas na roghanna cóiríochta do theaghlaigh lucht siúil:

    • Tithíocht chaighdeánach
    • Scéim Cóiríochta Cíosa/Léasú
    • Grúpscéimeanna
    • Páirceanna Buana le haghaidh Carbháin Chónaitheacha

    Coiste Comhairleach Áitiúil um Chóiríocht don Lucht Siúil

    Faoi Alt 21 d’Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998, tá ceangal ar an gComhairle Cathrach Coiste Comhairleach um Chóiríocht a cheapadh.

    Ceapadh an coiste in 2001 agus is é an príomhchuspóir atá aige saincheisteanna a bhaineann leis an gcóiríocht don lucht siúl a chur chun cinn.

    Tá ionadaithe uathu seo a leanas ar an gCoiste:

    • An Lucht Siúil
    • Eagraíochtaí Lucht Siúil
    • An Chomhairle Cathrach
    • Ionadaithe Tofa

    Is é beartas na Comhairle Cathrach dul i gcomhairle leis an lucht siúil maidir lena riachtanais tithíochta agus cóiríocht shonrach don lucht siúil a chur ar fáil nuair is cuí.

    Áirítear iad seo a leanas i measc na cóiríochta atá á cur ar fáil faoi láthair:

    • Ceithre Pháirc Bhuana le haghaidh Carbháin Chónaitheacha
    • Láithreán Stad Neamhbhuan Amháin
    • Cúig Ghrúpscéim Tithíochta
    • Tithíocht Chaighdeánach
    • Scéim Cóiríochta Cíosa/Léasú

    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé an leagan reatha den Phlean Cóiríochta don Lucht Siúil de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Faoi Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998, tá ceangal ar an gComhairle Cathrach, i gcomhar leis an lucht siúil agus leis an bpobal, Clár Cóiríochta don Lucht Siúil a ullmhú agus a ghlacadh. Bíonn an plean i bhfeidhm ar feadh tréimhse ceithre bliana.

    Breathnaigh ar an gClár Cóiríochta don Lucht Siúil

    Barr...