Soláthraí Earraí/Seirbhísí

  • Cén chaoi ar féidir liom clárú mar sholáthraí do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Is gá do sholáthraithe nua Foirm Chláraithe do Sholáthraithe agus Deimhniú Imréitigh Cánach a chomhlánú agus a sheoladh isteach.

    Ag céim an ordaithe, seolfar Uimhir Ordú Ceannaigh chuig an soláthraí agus is gá an uimhir sin a lua ar an sonrasc ón soláthraí.

    Fochonraitheoirí
    Is gá do na soláthraithe ar fad atá ag obair mar fhochonraitheoirí thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ar aon “oibríocht tógála ábhartha”, Foirm Chláraithe do Cháin Chonarthaí Iomchuí a chomhlánú freisin le Comhairle Cathrach na Gaillimhe (an Príomh-Chonraitheoir). Is gá gach conradh iomchuí a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus is gá freisin gach íocaíocht ar chonarthaí ar leith a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim sula ndéantar an íocaíocht. Tá sonraí iomlána ar fheidhmiú Cáin Chonarthaí Iomchuí agus cur síos iomlán ar an mbrí atá le “oibríocht tógála ábhartha” le fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim ag www.revenue.ie

    Soláthraithe Seirbhíse Gairmiúla
    Baineann Cáin Shiarchoinneálach Seirbhísí Gairmiúla le híocaíochtaí arna ndéanamh ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i ndáil le soláthar seirbhísí gairmiúla. Tá sonraí iomlána ar fheidhmiú na cánach le fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim ag www.revenue.ie

    Is le ríomhaistriú airgid a íoctar gach soláthraí.

    Barr...

  • Is soláthraí mé. An dteastaíonn Deimhniú Imréitigh Cánach uaim?

    Tá Deimhniú Imréitigh Cánach bailí in ainm na cuideachta (i.e. an t-ainm atá ar an sonrasc) ag teastáil ó gach cuideachta a bhíonn i mbun gnó le hÚdarás Áitiúil. Leagtar an riachtanas sin amach in Alt 177 den Acht Airgeadais, 1995, arna leasú leis an Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

    Má bhíonn €10,000 nó níos mó i gceist le líon iomlán na n-íocaíochtaí laistigh de thréimhse leanúnach 12 mhí, ní féidir íocaíochtaí a dhéanamh go dtí go mbeidh Deimhniú Imréitigh Cánach bailí faighte uait.

    Is gá an Deimhniú bunaidh a chur isteach chuig Oifig na gCuntas Iníoctha. Má úsáideann tú Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim, tá d’Uimhir Chlárúcháin agus d’Uimhir Fógra ag teastáil. Tá na huimhreacha sin le fáil sa chúinne ar chlé ag barr an Deimhnithe, agus is féidir le hOifig na gCuntas Iníoctha na sonraí a dheimhniú ar líne.

    Mura bhfuil Deimhniú Imréitigh Cánach reatha agat, is féidir foirm iarratais a fháil ar www.revenue.ie

    Barr...

  • Cén áit ar féidir liom Deimhniú Imréitigh Cánach a fháil?

    Ní féidir deimhniú imréitigh cánach a fháil ach ó na Coimisinéirí Ioncaim.

    Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i nGaillimh lonnaithe i nGeata na Cathrach, Faiche an Aonaigh, Cathair na Gaillimhe.

    Barr...

  • Orduithe Ceannaigh os cionn €20,000

     

    Ceathrú 2 2022

     

    Barr...