Tobhach Maoine na Bliana Iontrála

  • Céard is Tobhach Maoine na Bliana Iontrála ann?

    Táille is ea Tobhach Maoine na Bliana Iontrála a ghearrfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar gach maoin tráchtála/tionsclaíoch nuathógtha, sula ngearrfar rátaí tráchtála orthu.

    Tugadh an tobhach isteach leis an Acht Rialtais Áitiúil (Ceantair Feabhsúcháin Gnó), 2006, a tháinig i bhfeidhm an 25 Nollaig 2006.

    Déantar foráil in Acht 7 den acht do thobhach maoine bliana iontrála ar mhaoin nuathógtha nó nuafhoirgnithe nuair a dhéantar a luach a thaifeadadh ar an liosta luachála.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéantar an tobhach a ríomh?

    Déantar an tobhach a ríomh trí thagairt dóibh seo a leanas:

    • Luacháil inrátaithe na maoine faoi mar a chinn an Oifig Luachála.
    • Ráta bliantúil ar luacháil faoi mar a chinn Comhairle Cathrach na Gaillimhe. €67.4009 atá ann i láthair na huaire.
    • Líon na laethanta a bhfuil an mhaoin ar an liosta luachála i.e. ón dáta luachála éifeachtach go dtí deireadh na bliana.
      Foirmle: Ráta Bliantúil X Luacháil Inrátaithe ÷ 365 X Líon na laethanta ar an liosta luachála go dtí deireadh na bliana

    Barr...

  • Cé atá faoi dhliteanas an táille a íoc agus cén uair is gá í a íoc?

    An duine atá ag áitiú na maoine ar an dáta iontrála ar an liosta luachála nó, má tá an mhaoin folamh ar an dáta iontrála, tá úinéir na maoine faoi dhliteanas an tobhach a íoc.

    Bíonn an táille le híoc ina hiomláine 14 lá tar éis an dáta ar an sonrasc.

    Barr...

  • Má tá an mhaoin folamh, an gá an táille a íoc i gcónaí?

    Má tá an mhaoin folamh ar an dáta iontrála ar an liosta luachála, tá 50% den táille iníoctha ag an úinéir. Le bheith incháilithe ar an ráta laghdaithe sin, ní mór fianaise ar na rudaí seo a leanas a chur ar fáil:

    • Ní raibh an t-úinéir ag áitiú na maoine ar an dáta iontrála.
    • Ní raibh aon duine eile i dteideal an mhaoin a áitiú.
    • Bhí iarrachtaí á ndéanamh an mhaoin a ligean.

    Comhlánaigh an fhoirm iarratais ar laghdú ar Thobhach Maoine na Bliana Iontrála agus seol an fhoirm ar ais chuig Rannóg na Rátaí Tráchtála lena próiseáil. (Nasc chuig an bhFoirm - leagan Gaeilge & Béarla)

    Barr...

  • An ndéanfar an tobhach a ríomh as an nua má leasaítear luacháil inrátaithe na maoine tar éis achomhairc?

    Déanfar. Déanfar an cuntas a ríomh as an nua de réir na luachála inrátaithe leasaithe don mhaoin ón dáta éifeachtach.

    Má tá an iomarca airgid íoctha ag an gcustaiméir mar thoradh ar an gcéad mheasúnú, déanfar méid na ró-íocaíochta a aisíoc leis an gcustaiméir.

    I gcás ganníocaíochta, ní mór don chustaiméir an t-iarmhéid dlite a íoc.

    Barr...

  • Tuilleadh eolais:

    Is féidir eolas a fháil ar an Acht Rialtais Áitiúil (Ceantair Feabhsúcháin Gnó), 2006, ar an suíomh gréasáin http://www.oireachtas.ie/

    Barr...

  • Roghanna íocaíochta

    Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh le haon cheann de na modhanna seo a leanas:

    • Seic, Ordú Airgid nó Dréacht Baincéara iníoctha le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
    • Cárta creidmheasa/Cárta léasair.
    • Buanordú
    • Foirm an Dochair Dhírigh
    • Ríomhaistriú Airgid - Bain úsáid as na sonraí bainc seo a leanas le haghaidh íocaíochtaí. Ba cheart an Uimhir Chuntais a úsáid mar thagairt.

    Banc: Banc na hÉireann, An Fhaiche Mhór, Gaillimh
    Ainm an Chuntais: Comhairle Cathrach na Gaillimhe
    Uimhir an Chuntais: 12911047
    Cód Sórtála: 90-38-16
    IBAN: IE22 BOFI 9038 1612 9110 47
    BIC: BOFIIE2D

    Barr...

  • Sonraí Teagmhála

    Téigh i dteagmháil le ceann de na daoine seo a leanas chun tuilleadh eolais a fháil:

    Ainm Uimhir Theileafóin Ríomhphost
    Claire Brogan 091 536525 Claire.Brogan@galwaycity.ie
    Tina Booth 091 536561 Tina.Booth@galwaycity.ie
    Mairead Curran 091 536533 Mairead.Curran@galwaycity.ie
    Oifig na Rátaí Tráchtála 091 536401/ 536896 rates@galwaycity.ie