Deontais Conláiste

  • Céard í Scéim na nDeontas Conláiste?

    Is tionscnamh atá á reáchtáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe í Scéim na nDeontas Conláiste trínar féidir le heastáit tithíochta iarratas a dhéanamh agus cúnamh deontais a fháil chun cabhrú leo a dtimpeallacht áitiúil a chothabháil.

    Barr...

  • Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar Scéim na nDeontas Conláiste?

    Tá gach eastát tithíochta i gCathair na Gaillimhe in ann iarratas a dhéanamh ar an scéim ach ní mór go ndéanfadh an cumann áitritheoirí an t-iarratas.

    Barr...

  • Cé na hoibreacha a chuimsítear i Scéim na nDeontas Conláiste?

    Cuimsítear oibreacha ginearálta feabhsúcháin agus tionscnaimh chomhshaoil i Scéim na nDeontas Conláiste, ar nós trealamh beag a cheannach don ghairdín, uirlisí pioctha bruscair, leaca le haghaidh ainmneacha eastát, oibreacha deisiúcháin agus glantachán bruscair.

    Ní chuimsítear tionscnaimh chun plandaí a chur i Scéim na nDeontas Conláiste.

    Barr...

  • Cé mhéad airgid atá ar fáil trí Scéim na nDeontas Conláiste?

    Tá an maoiniú seo ar fáil chun tacú le Cumainn Chónaitheoirí, le Gairdíní Pobail agus le Scéimeanna Cuibhreann ar mian leo tabhairt faoi thionscnaimh pobail Timpeallachta a chuideoidh lena dtimpeallacht áitiúil. 

    Is mar seo a leanas atá na deontais atá ar fáil:

    • Suas le 30 teach €150*
    • Idir 30 agus 50 teach €200*
    • Idir 50 agus 150 teach €250*
    • 150 teach nó níos mó €350*
    • Gairdíní Pobail/Scéimeanna Cuibhreann €150*

       

    *Tabhair faoi deara, le do thoil go bhféadfadh méid na ndeontas athrú agus go bhféadfaí iad a laghdú ag brath ar líon na n-iarratas a fhaightear.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar Scéim na nDeontas Conláiste?

    Ní mór gach iarratas ar scéim 2024 a líonadh go leictreonach. Tabhair cuairt ar an bhfoirm iarratais ar líne.

    Tabhair faoi deara le do thoil: ní ghlacfar a thuilleadh le foirmeacha iarratais páipéir

    Ba cheart iarratais chomhlánaithe a chur isteach tráth nach déanaí ná Dé hAoine 29 Marta 2024, ag 4:00pm.

    Barr...

  • An dteastóidh árachas uainn chun iarratas a dhéanamh ar Dheontas Conláiste?

    Molann Comhairle Cathrach na Gaillimhe go mbeadh cumhdach árachais ag grúpaí agus ag cumainn. Tabharfaidh Rannóg Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe €50 ar ais do chumainn áitritheoirí nuair a gheobhaidh siad fianaise ar chumhdach árachais reatha le haghaidh 2020.

    Barr...

  • Céard é an dáta deiridh le cur isteach ar Scéim na nDeontas Conláiste?

    Ní mór gach iarratas ar scéim 2024 a líonadh go leictreonach. Tabhair cuairt ar an bhfoirm iarratais ar líne.

    Tabhair faoi deara le do thoil: ní ghlacfar a thuilleadh le foirmeacha iarratais páipéir

    Ba cheart iarratais chomhlánaithe a chur isteach tráth nach déanaí ná Dé hAoine 29 Marta 2024, ag 4:00pm.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéantar measúnú ar iarratais ar dheontais conláiste?

    Déanann Rannóg Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe athbhreithniú ar na hiarratais ar fad. Cé go ndéantar gach iarracht freastal ar gach iarratasóir, tabharfar tús áite d’iarratasóirí nach bhfuair deontas roimh seo agus d’iarratasóirí a chuireann bearta in aghaidh bruscair ina gcuid iarratais.

    Barr...

  • Ba mhaith linn bláthanna agus toir a chur. An bhfuil siad sin ceadaithe mar chuid de Scéim na nDeontas Conláiste?

    Níl. Ní chuimsíonn Scéim na nDeontas Conláiste tionscnaimh chun plandaí a chur.

    Barr...

  • An dteastóidh cead pleanála uainn chun oibreacha a bhaineann le Scéim na nDeontas Conláiste a dhéanamh?

    Caithfidh do chumann cead pleanála a fháil le haghaidh oibreacha ar bith, cosúil le ballaí a leagan nó cosáin a dhúnadh, nach forbairt dhíolmhaithe é. Téigh i dteagmháil leis an Rannóg Pleanála ar 091 536599 nó seol ríomhphost chuig planning@galwaycity.ie

    Barr...

  • Cén chaoi a bhfaighidh mé mo mhaoiniú ó Scéim na nDeontas Conláiste?

    Íoctar an deontas trí Ríomhaistriú Airgid chuig do chuntas bainc. Má fuair tú Deontas Conláiste ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe roimhe seo, tá an próiseas breá simplí agus ní gá duit aon eolas breise a thabhairt dúinn mura bhfuil athrú ar shonraí do chuntais bhainc. Mura bhfuair tú maoiniú roimhe seo, beidh ort eolas a thabhairt, lena n-áirítear sonraí chuntas bainc do ghrúpa. Beimid i dteagmháil leat maidir leis sin chomh luath is a mheasfar gur éirigh le d’iarratas.

    Barr...

  • Cé atá freagrach as na hoibreacha a dhéantar trí Scéim na nDeontas Conláiste?

    Tá an Cumann Áitritheoirí freagrach as na hoibreacha ar fad a dhéantar le maoiniú an Deontais Conláiste. Ní ghlacann Comhairle Cathrach na Gaillimhe le haon dliteanas as caillteanas nó damáiste a tharlaíonn fad is a bhíonn na hoibreacha á gcur i gcrích.

    Mar sin féin, coimeádann Comhairle Cathrach na Gaillimhe an ceart aon oibreacha a mheastar a bheith contúirteach don phobal a thógáil nó a athrú. Chomh maith leis sin, fanann na tailte ar a ndéantar oibreacha faoi úinéireacht phoiblí agus ní mór don phobal ar fad a bheith in ann dul chomh fada leo.

    Barr...