Ceadúnas Corrthrádála

  • An bhfuil margadh sráide i nGaillimh?

    Tá. Is cuid de stair Chathair na Gaillimhe iad na Margaí Sráide agus cuireann siad le sainghné thraidisiúnta na cathrach.

    Tá dhá limistéar margaidh sa chathair:

    • Margadh San Nioclás (Sráid na Cille/Sráid na Lombardach/Sráid an Mhargaidh) a bhíonn i mbun trádála ar an Satharn ó 6am go dtí 6pm agus ar an Domhnach ó 12pm go dtí 6pm
    • An Fhaiche Mhór Thuaidh ag trádáil ó Luan go Satharn agus na laethanta sin san áireamh 6am go 6pm

    Feidhmíonn Margadh San Nioclás freisin ón 14 go dtí 24 Nollaig gach bliain agus bíonn Margadh an tSamhraidh ar siúl Dé Céadaoin - Dé hAoine le haghaidh Iúil agus Lúnasa.

    Barr...

  • Céard is Ceadúnas Corrthrádála ann?

    Tugann Ceadúnas Corrthrádála cead don sealbhóir ceadúnais seastán margaidh a fheidhmiú ag díol earraí i limistéar sainithe ag amanna áirithe i gCathair na Gaillimhe.

    Eisítear ceadúnais do na limistéar sainithe seo a leanas:

      • Margadh na Faiche Móir ó Thuaidh, a fheidhmíonn ó Luan go Satharn agus na laethanta sin san áireamh
      • Margadh San Nioclás (Sráid na Cille/Sráid na Lombardach/Sráid an Mhargaidh) a bhíonn i mbun trádála ar an Satharn agus ar an Domhnach

    Barr...

  • Cén áit ar féidir liom trádáil a dhéanamh má tá Ceadúnas Corrthrádála agam agus cén uair?

    Sonrófar ar an gceadúnas a eisítear duit cén áit a mbeidh cead trádála agat agus cén uair.

    Tá trí chineál ceadúnas corrthrádála ar fáil le haghaidh na limistéar sainithe:

    • 1. Ceadúnas le haghaidh Mhargadh na Faiche Móire Thuaidh – ag trádáil ó Luan go Satharn
    • 2. Ceadúnas trádála ar an Satharn le haghaidh Mhargadh San Nioclás
    • 3. Ceadúnas trádála ar an Domhnach le haghaidh Mhargadh San Nioclás

    Bíonn laethanta trádála breise ann faoin Nollaig:

    Féadfaidh trádálaithe Mhargadh San Nioclás iarratas a dhéanamh le dul i mbun trádála le linn thréimhse na Nollag, idir an 14 Nollaig agus an 22 Nollaig agus na dátaí sin san áireamh. Tá iarratas agus ceadúnas i gceist leis an margadh sin.

    Ceadaítear do Thrádálaithe Sathairn Mhargadh San Nioclás, faoina gceadúnas don Satharn trádáil a dhéanamh an 23 agus 24 Nollaig gach bliain.

    Ceadaítear trádáil freisin ag Margadh San Nioclás Dé Céadaoin - Dé hAoine do mhí Iúil agus Lúnasa mar Mhargadh an tSamhraidh. Ní mór do thrádálaithe iarratas a dhéanamh ar cheadúnas agus é a fháil le bheith in ann trádáil a dhéanamh le linn na tréimhse sin.

    Barr...

  • Má tá ceadúnas corrthrádála agam an féidir liom díol ag Margadh Mór-Roinne na Nollag ar an bhFaiche Mhór?

    Ní féidir. Ní le Comhairle Cathrach na Gaillimhe Margadh Mór-Roinne na Nollag ar an bhFaiche Mhór, agus mar sin ní cheadaítear do shealbhóirí ceadúnas corrthrádála a eisíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe trádáil a dhéanamh ag Margadh Mór-Roinne na Nollag.

    Barr...

  • Má tá ceadúnas corrthrádála agam, cén uair is féidir liom trádáil a dhéanamh?

    Eisítear Ceadúnais Corrthrádála le haghaidh laethanta sonracha – Satharn nó Domhnach. Má tá tú ag iarraidh a bheith ag trádáil ar an Satharn agus an Domhnach beidh ort iarratas a dhéanamh ar dhá cheadúnas ar leithligh.

    Barr...

  • Cén uair is féidir liom iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Corrthrádála?

    Fógraítear iarratais ar Cheadúnais Corrthrádála mí an Meán Fómhair gach bliain agus bíonn an spriocdháta i mí Deireadh Fómhair. Cuirtear na fógraí sna nuachtáin áitiúla agus ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe freisin.

    Eisítear Ceadúnais Corrthrádála le haghaidh Mhargadh na Faiche Móire agus Mhargadh San Nioclás ar bhonn bliantúil agus bíonn siad bailí ón 1 Eanair go dtí an 31 Nollaig. Is féidir an fhoirm iarratais a fháil ón Deasc Seirbhísí do Chustaiméirí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, nó í a íoslódáil anseo:

    Íoslódáil an Fhoirm Iarratais ar Cheadúnas Corrthrádála

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar Cheadúnas Corrthrádála?

    Ní mór gach iarratas a líonadh go leictreonach. Tabhair cuairt ar an bhfoirm iarratais ar líne.

    Tabhair faoi deara le do thoil: ní ghlacfar a thuilleadh le foirmeacha iarratais páipéir

    Barr...

  • Cé na cáipéisí a chaithfidh mé a chur isteach le m’iarratas ar Cheadúnas Corrthrádála?

    Is gá deimhniú imréitigh cánach reatha arna eisiúint ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a chur isteach, mar aon le dhá ghrianghraf ar mhéid pas den sealbhóir ceadúnais beartaithe in éineacht le d’fhoirm iarratais chomhlánaithe.

    Má tá tú ag trádáil earraí bia is gá duit freisin Deimhniú Ceada a fháil ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar chuid de d’iarratas.

    Más sealbhóir ceadúnais reatha thú, ní mór duit an ceadúnas éaga a chur isteach in éineacht le do chuid cáipéisí.

    Is féidir le sealbhóirí ceadúnais reatha atá ag athnuachan a gceadúnais an táille riachtanach a íoc nuair a chuireann siad a n-iarratas isteach. Níor cheart d’iarratasóirí nua aon íocaíocht a chur isteach go dtí go ndeirtear leo cibé ar éirigh lena n-iarratas nó nár éirigh.

    Barr...

  • Céard is méadar líneach ann?

    Is éard is méadar líneach ann ná tomhas fhad na páirce/an spáis trádála.

    Barr...

  • Céard é an spriocdháta le haghaidh iarratas ar Cheadúnais Corrthrádála?

    Bíonn an spriocdháta le haghaidh iarratas bliantúil i mí Deireadh Fómhair gach bliain. Cuirtear fógraí i nuachtáin áitiúla agus ar ár suíomh gréasáin, ag insint an spriocdháta.

    Ní ghlactar le hiarratais dheireanacha.

    Barr...

  • An bhfuil táille ar Cheadúnas Corrthrádála?

    Tá, seo a leanas an táille ar cheadúnas corrthrádála:

    Limistéar agus Laethanta Margaidh Táille Ceadúnas Bailí Ó / Go dtí

    Margadh na Faiche Móire Thuaidh (Luan go Satharn)

    €250 in aghaidh an lae trádála

    An 1 Eanair go dtí an 31 Nollaig (1 bhliain amháin)

    Ceadúnas Trádála don Satharn ag Margadh San Nioclás

    €65 in aghaidh an mhéadair línigh

    An 1 Eanair  go dtí an 31 Nollaig (1 bhliain amháin)

    Ceadúnas Trádála don Domhnach i Margadh San Nioclás

    €65 in aghaidh an mhéadair línigh

    An 1 Eanair go dtí an 31 Nollaig  (1 bhliain amháin)

    Ceadúnas Trádála Samhraidh

    €65 in aghaidh an mhéadair línigh

     Iúil go Lúnase (Ceadaoin go hAoine)

    Trádáil na Nollag i Margadh San Nioclás

    €65 in aghaidh an mhéadair línigh

    14 - 22 Nollaig (Luan go hAoine)

    e.g. Cosnaíonn páirc thrádála, atá 2 mhéadar ar leithead faoi 2m ar doimhneacht, ar an Satharn i Margadh San Nioclás (2 x €65) €130 in aghaidh na bliana.

    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé Deimhniú Imréitigh Cánach?

    Ní féidir deimhniú imréitigh cánach a fháil ach ó na Coimisinéirí Ioncaim. Tá Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i nGaillimh lonnaithe i nGeata na Cathrach, Faiche an Aonaigh, Cathair na Gaillimhe.
    Breathnaigh ar http://www.revenue.ie chun na sonraí teagmhála a fháil.

    Barr...

  • Cén uair is féidir liom iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Corrthrádála le haghaidh mhargadh na Nollag agus cá ndéanfaidh mé an t-iarratas?

    Bíonn Margadh Nollag Chathair na Gaillimhe ar siúl ón 14 go dtí an 24 Nollaig i Margadh San Nioclás. Tugtar tús áite do shealbhóirí ceadúnais corrthrádála a bhfuil Ceadúnas Margaidh reatha acu i gcomhair an tSathairn nó an Domhnaigh.

    Fógrófar iarratais le haghaidh Mhargadh Nollag Chathair na Gaillimhe i nuachtáin áitiúla agus ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i mí Dheireadh Fómhair/mí na Samhna gach bliain. Ba cheart foirmeacha iarratais a sheoladh ar ais chuig Seirbhísí do Chustaiméirí, Chomhairle Cathrach na Gaillimhe sa phost nó trí bhualadh isteach chucu.

    Bíonn Margadh Mór-Roinne na Nollag ar siúl san Fhaiche Mhór freisin i rith chuid de mhí na Samhna agus i rith mhí na Nollag gach bliain (faoi réir a cheadaithe). Ní fheidhmíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe Margadh Mór-Roinne na Nollag.

    Is féidir eolas maidir le hiarratas a dhéanamh ar cheadúnas chun trádáil a dhéanamh ag an margadh sin a fháil ówww.galwaychristmasmarket.ie nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@milestoneinventive.com

    Barr...

  • Céard is Ceadúnas Imeachtaí Speisialta ann?

    Is cead é Ceadúnas Imeachtaí Speisialta a cheadaíonn trádáil mhargaidh díreach ag láthair imeachta(í) speisialta mar atá sonraithe ar an gceadúnas.

    Forordaítear sa cheadúnas sin an láthair agus an tréimhse trádála a cheadaítear agus tá sé faoi réir táille €100 in aghaidh an lae nó cuid de lá.

    Barr...

  • An gcaithfidh trádálaithe margaidh iarratas a dhéanamh an athuair chun dul i mbun trádála ag imeachtaí speisialta e.g. rás Volvo Ocean?

    Tá. Teastaíonn Ceadúnas Imeachtaí Speisialta ar leithligh le haghaidh gach ócáide, agus ní mór do gach duine a bhfuil spéis acu in ócáid iarratas a dhéanamh agus ceadúnas a bheith acu sula gceadaítear trádáil.

    Fógrófar iarratais ar cheadúnas corrthrádála le haghaidh imeacht speisialta díreach roimh an imeacht féin.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar Cheadúnas Imeachtaí Speisialta?

    Ní mór foirm iarratais le haghaidh Ceadúnas Imeachtaí Speisialta a chomhlánú agus a chur isteach chuig an gComhairle Cathrach coicís ar a laghad roimh an imeacht. Ní mór deimhniú imréitigh cánach reatha a bheith ag gabháil le hiarratais, mar aon le dhá ghrianghraf pas, agus Deimhnithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair is iomchuí.

    Barr...

  • Céard iad na Fodhlíthe maidir le Corrthrádáil le haghaidh Chathair na Gaillimhe?

    Breathnaigh ar na Fodhlíthe reatha maidir le Corrthrádáil le haghaidh Chathair na Gaillimhe.

    Barr...