Deontais d’Fhéilte Pobail

  • Céard iad na Deontais d’Fhéilte Pobail Áitiúil?

    Tacaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe le Féilte Pobail i gceantair áitiúla chun rannpháirtíocht i saol an phobail a spreagadh.

    Tacaíonn an Chomhairle le féilte ina léirítear rannpháirtíocht a bpobail áitiúil agus atá á n-eagrú agus á reáchtáil ag muintir na háite.

    D’fhéadfadh spriocdháta an iarratais athrú ó bhliain go bliain. Lorgaítear iarratais i mí na Bealtaine de ghnáth agus deimhnítear cinntí maidir le hiarratais rathúla go luath i mí an Mheithimh.

    Ní bhronnfar deontais ar imeachtaí ócáideacha nó “aonuaire” ar nós taibhithe ceoil, comóradh laethanta náisiúnta nó laethanta spóirt.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas?

    Iarrtar ar iarratasóirí oiriúnacha foirm iarratais a chomhlánú.

    Cuirfear fógra poiblí sa nuachtán áitiúil ag lorg iarratas ar na Deontais d’Fhéilte Pobail Áitiúil. Beidh na foirmeacha iarratais ar fáil ansin ó oifig Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus is féidir iad a íoslódáil ó rannóg na bhFoirmeacha Iarratais ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Bí cinnte go seolann tú an fhoirm iarratais ar ais faoin spriocdháta de bhrí nach nglacfar le foirmeacha a gheofar tar éis an dáta sin.

    Barr...

  • Cén fhaisnéis a chaithfidh mé a sheoladh le m’fhoirm iarratais?

    Braitheann sé sin ar an gcineál féile atá á eagrú agat.

    Go hiondúil, teastaíonn fianaise ar Árachas Dliteanais Phoiblí mar aon le sonraí buiséid an imeachta.

    Barr...

  • Cén spriocdháta atá i gceist?

    D’fhéadfadh spriocdháta an iarratais athrú ó bhliain go bliain. Lorgaítear iarratais i mí na Bealtaine de ghnáth agus déantar cinntí maidir le hiarratais rathúla go luath i mí an Mheithimh.

    Barr...

  • An gcaithfidh mé aon rud a dhéanamh tar éis an imeachta?

    Ba cheart tuairisc ghairid i scríbhinn faoin imeacht a chur ar aghaidh chuig an Rannóg Pobail agus Cultúir ionas go mbeidh cóip acu. Ba cheart go mbeadh achoimre sa tuairisc seo ar na gníomhaíochtaí a bhí ar siúl agus meastachán ar líon na ndaoine a d’fhreastail ar an bhféile.

    Barr...