Léasú Fadtéarmach - Tiarnaí Talún

  • Céard is Léasú Fadtéarmach ann?

    Tugadh Léasú Fadtéarmach isteach chun freastal ar riachtanais chóiríochta na ndaoine a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu, faoi mar a chinneann Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Faightear áitribh ar léas ón earnáil phríobháideach agus úsáidtear iad chun cóiríocht a chur ar fáil do theaghlaigh atá ar an liosta feithimh tithíochta. Tugtar áitribh ar léas do thionóntaí de réir scéim leithdháilte Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Is iad seo a leanas príomhghnéithe an Léasaithe Fhadtéarmaigh:

    • Déanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe Comhaontú Infhaighteachta le húinéirí na n-áitreabh le haghaidh thréimhse ceithre bliana de ghnáth
    • Bíonn an cíos deimhnithe ar feadh thréimhse an Chomhaontaithe Infhaighteachta.

    Barr...

  • Is tiarna talún mé. Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar an Scéim Léasaithe Fhadtéarmaigh?

    Más tiarna talún thú agus más mian leat iarratas a dhéanamh le go ligfear maoin ar léas faoin Scéim Léasaithe Fhadtéarmaigh, is gá na cáipéisí seo a leanas a chur ar fáil:

    • Seol isteach Foirm Léirithe Spéise
    • Deimhniú Imréitigh Cánach
    • Má theastaíonn Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán (bíonn gá leis go hiondúil le haghaidh árasán agus foirgnimh ilúsáide), ní mór deimhniú ó Innealtóir nó ó Shuirbhéir Cairte faoi bhanna a chur ar fáil ina léirítear go gcloíonn an mhaoin is mian leat a léasú leis an Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán agus leis na Rialacháin Pleanála agus Foirgníochta ábhartha
    • Teastas Rátála Fuinnimh Foirgnimh
    • Fianaise go bhfuil an Íocaíocht ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha, an Muirear Teaghlaigh agus an Cháin Mhaoine Áitiúil íoctha
    • Ní mór go gcloíodh an mhaoin le Rialacháin na dTithe (Caighdeáin do Thithe ar Cíos), 2008, agus le Rialacháin Leasaithe 2009 agus leis na Rialacháin Pleanála agus Foirgníochta ábhartha. Faoin tiarna talún atá sé an mhaoin a chothabháil de réir na rialachán sin i gcónaí. Sonraítear riachtanais ar leith sa reachtaíocht sin maidir le réimse ábhar i gcóiríocht ar cíos ar nós deisiú struchtúrach, áiseanna sláintíochta, córas teasa, aerú, soilsiú, agus shábháilteacht an tsoláthair gáis agus leictreachais.
      Breathnaigh ar www.environ.ie chun tuilleadh eolais a fháil ar na híoschaighdeáin i gcóiríocht ar cíos.
    • Nuair a cheadaítear an t-iarratas, is gá an tionóntacht a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha

    Barr...

  • Cén chaoi a n-oibríonn Léasú Fadtéarmach?

    Tá caidreamh trí bhealach i gceist le Léasú Fadtéarmach idir an tiarna talún, an tionónta agus an t-údarás áitiúil. Leagtar amach freagrachtaí ginearálta na dtrí pháirtí sa chonradh a dhéantar. Iarrtar ar thiarnaí talún a bhfuil spéis acu sa scéim dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun plé a dhéanamh maidir lena maoin a chur ar fáil do dhaoine ar an Liosta Feithimh do Thithíocht Shóisialta – cuir glaoch ar 091 894370 nó seol ríomhphost chuig housing@galwaycity.ie

    Barr...

  • Cé na cineálacha conarthaí Léasaithe Fhadtéarmaigh atá ar fáil?

    Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe an cineál conartha seo a leanas ar fáil:

    Comhaontú Infhaighteachta (tréimhse ceithre bliana go hiondúil)

    Má úsáidtear socrú bunaithe ar infhaighteacht, síníonn úinéirí “Comhaontú Infhaighteachta” le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Faoi théarmaí an chomhaontaithe sin, toilíonn an t-úinéir an mhaoin a chur ar fáil ar feadh tréimhse shonrach do dhaoine a ainmníonn an t-údarás áitiúil agus an mhaoin a chothabháil de réir na gcaighdeán atá leagtha amach sa reachtaíocht ábhartha i.e. Rialacháin na dTithe (Caighdeáin do Thithe ar Cíos), 2008, agus Rialacháin Leasaithe 2009 agus na Rialacháin Pleanála agus Foirgníochta ábhartha.

    Síníonn an tionónta comhaontú tionóntachta cónaithe leis an tiarna talún. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe páirteach sa chomhaontú sin mar ráthóir an chíosa.

    Is é an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004, a rialaíonn an conradh.

    Barr...

  • Cé na freagrachtaí atá ar Thiarna Talún ag a bhfuil maoin á ligean ar Léas Fadtéarma?

    Bíonn príomhchaidreamh “tiarna talún agus tionónta” idir an tiarna talún agus an tionónta fós. Dá bhrí sin, bíonn an tiarna talún freagrach i gcónaí as na nithe seo a leanas, mar shampla:

    • Árachas
    • Trealamh a chothabháil / a dheisiú agus a athsholáthar
    • Déileáil le sáruithe ar dhualgais an tionónta
    • Táillí seirbhísí na cuideachta bainistíochta (más ann dóibh) agus aon táille eile (amhail an Íocaíocht ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha, an Muirear Teaghlaigh agus an Cháin Mhaoine Áitiúil íoctha) a íoc.

    Barr...

  • Céard iad buntáistí na Scéime Léasaithe Fhadtéarmaigh do thiarnaí talún?

    • Ioncam deimhnithe ar feadh thréimhse an chomhaontaithe
    • Is é an t-údarás áitiúil a íocann an cíos go díreach, rud a fhaigheann réidh leis an gcostas bailithe
    • Ráthaíocht go n-íoctar an cíos in am

    Tá Léasú Fadtéarmach difriúil ón Scéim Cóiríochta Cíosa sa mhéid is go bhfuil sé dírithe ar úinéirí maoine a dteastaíonn ioncam deimhnithe fadtéarmach uathu.

    Barr...

  • An íoctar éarlais leis an tiarna talún nuair a chuirtear tús leis an tionóntacht?

    Ní íocann an tionónta éarlais leis an tiarna talún. Mar sin féin, má dhéantar damáiste seachas gnáthchaitheamh agus ghnáthchuimilt don mhaoin, geallfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe go n-íocfar suas le cíos míosa i dtreo chostas an deisiúcháin/athsholáthair. Tá an gealltanas sin faoi réir admhálacha agus fianaise i ngrianghraif den damáiste a sholáthar.

    Barr...

  • Cén chaoi a n-íoctar cíos ar léas fadtéarma leis an tiarna talún?

    Íoctar an cíos gach mí roimh ré trína lóisteáil go díreach i do chuntas bainc ainmnithe.

    Barr...

  • Céard is Deimhniú Rátála Fuinnimh Foirgnimh ann?

    Léiríonn Deimhniú Rátála Fuinnimh Foirgnimh feidhmíocht fuinnimh an tí. Tá an rátáil cosúil leis an lipéad fuinnimh ar chuisneoir agus úsáideann sé scála idir A agus G. Is é A1 an rang is tíosaí ar fhuinneamh agus is é G an ceann is lú tíosaí ar fhuinneamh, is féidir miondealú iomlán ar na rátálacha a fháil anseo. Tá Tuarascáil Chomhairleach ag gabháil leis an rátáil ina sainaithnítear conas is féidir leat feidhmíocht fuinnimh na maoine a fheabhsú.

    Measúnóirí Cláraithe Rátála Fuinnimh Foirgnimh a thugann faoi mheasúnuithe Rátála Fuinnimh Foirgnimh. Cuireadh oiliúint orthu seo faoin gCreat Cáilíochtaí Náisiúnta, d'éirigh leo scrúdú Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann do Mheasúnóirí Rátála Fuinnimh Foirgnimh, agus cláraíodh iad le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann.

    Barr...

  • Cén chaoi a gcláraím tionóntacht Léasaithe Fhadtéarmaigh leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha?

    Is féidir leat clárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha ar líne ar www.prtb.ie nó dul i dteagmháil leo ar 0818 30 30 37.

    Barr...

  • Má tharlaíonn díospóid idir an tiarna talún agus an tionónta, cé leis ar ceart dom dul i dteagmháil?

    Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha ar 0818 30 30 37

    Barr...